Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Tinte Ilbhreosla

Rabhadh Sábháilteachta i dtaca le Soirn Ilbhreosla

Rabhadh ó Sheirbhís Dóiteáin Dhún na nGall i ndiaidh soirn ilbhreosla dul trí thine

 

Is féidir tine sa teach a sheachaint trí roinnt moltaí ciallmhara praiticiúla a chur i bhfeidhm, go háirithe nuair a bhítear ag cur isteach, agus ag cothabháil, soirn ilbhreolsa.

 

Tá tugtha faoi deara ag Seirbhís Dóiteáin Dhún na nGall go bhfuil méadú ar an líon tinte atá ag tarlú i dtithe cónaithe ina mbíonn soirn ilbhreosla i gceist. Bhí cuid acu seo iontach tromchúiseach agus rinneadh dochar suntasach tine do struchtúr na dtithe. Is féidir go bhfuil baint aige seo le heaspa cothabhála nó nár cuireadh na córais isteach mar is ceart.

 

Tarlaíonn sé seo ach go háirithe i gcás tithe ina bhfuil na gléasanna téite seo á gcur isteach in áiteanna nach raibh aon soláthar déanta do chóras tine roimhe seo, nuair a chuirtear púirphíobáin mhiotail nó a leithéid isteach in áit nach raibh aon chóras tine ann roimhe, nó in áit atá timpeallaithe le hadhmad agus plástarchlár. Caithfear achar scartha íosta a choinneáil idir an púirphíobán agus aon ghléas indóite, lena chinntiú nach dtarlóidh tine de bharr teas radanta.

 

Má tá sé i gceist agat sorn a chur isteach, déan cinnte le do thoil go bhfostóidh tú duine cumasach agus go bhfuil an gléas curtha isteach de réir Cuid J de na Treoracha Teicniciúla de na Rialacháin Tógála. Tá sé riachtanach, de réir na rialachán seo, go gcuirtear brathadóir aonoscaíd charbóin isteach sa seomra ina bhfuil an gléas suite, agus in aon seomra a dtéann an púirphíobán fríd.

 

Má úsáidtear an sorn gach lá, is féidir gur gá an púirphíobán nó an simléar a ghlanadh níos mó ná uair amháin sa bhliain, ag brath ar an chineál breosla a dhóitear.  Ba chóir duine oilte a fhostú lena chinntiú go ndéantar an obair seo mar is ceart, mar is minic gráinníní súiche ag fás le himeacht ama is ciontaí le tinte simléara / púirphíobháin.

 

Má tá tuilleadh eolais de dhíth ort is féidir leat scairt a chur ar Sheirbhís Dóiteáin Dhún na nGall, An Bóthar Ard, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall. Guthán: (074) 91 21676 nó rphost: [email protected]

 

CRÍOCH

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO