Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Tip Ó Néill

Ainmniúcháin á nglacadh do Ghradam Tip Uí Néill

 

 

2017 Tip O’Neill Irish Diaspora Awards Nomination Process Opens

2016 buaiteoir Ghradam Diaspóra Éireann 2016 Chris Matthews leis an Uas. Joe McHugh An tAire Stáit don Diaspóra agus Forbairt Idirnáisiúnta. 

 

 

Tá lúcháir ar Chomhairle Contae Dhún na nGall a fhógairt go bhfuil tús oifigiúil leis an phróiseas ainmniúcháin do Ghradaim Diaspóra Éireann Tip Uí Néill don bhliain 2017. 

 

Tá muidne i nDún na nGall iontach bródúil as na ceangail láidre atá againn leis an mhór-chlann Éireannach ar fud an domhain, fríd thogra Diaspóra Dhún na nGall. Is é atá i nGradam Diaspóra Éireann Tip Uí Néill dóigh eile le ómós a thabhairt do bhaill den diaspóra a rinne éachtaí dá bpobail úra thar lear ach a choinnigh an nasc láidir sin lena dtír dhúchais chomh maith.

 

 

Is in 2012 a cuireadh tús le Gradam Diaspóra Éireann Tip Uí Néill mar dhóigh le comóradh a dhéanamh ar chéad bliain ó rugadh Tip Ó Néill, Daonlathach liobrálach agus ball tábhachtach de Theach na nIonadaithe. Ba as Contae Dhún na nGall a sheantuismitheoirí ar thaobh a mháthar. Chaith sé a shaol ag labhairt amach ar son an phobail Éireannaigh sna Stáit Aontaithe. Bhí páirt nach beag aige ag tacú leis na cainteanna ar tháinig an Comhaontú Angla-Éireannach astu in 1985, chomh maith le bunú An Chiste Idirnáisiúnta d'Éirinn.

 

Reáchtáltar an bronnadh gradaim gach bliain i nDún na nGall, mar chuid de thogra diaspóra níos mó agus níos leithne, agus tá sé seo ar cheann de na himeachtaí is mó i bhféilire imeachtaí Chomhairle Contae Dhún na nGall. Bronntar an Gradam gach bliain ar dhuine amháin den diaspóra a bhfuil ardchlú agus ardcháil bainte amach aige i réimse an ghnó, na tráchtála, na tionsclaíochta, an oideachais, na polaitíochta, an airgeadais nó spóirt.  

 

 

Fá choinne tuilleadh eolais tabhair cuairt ar www.irishdiasporaaward.com mar a bhfaighidh tú sonraí i dtaca leis an phróiseas ainmniúcháin.

 

 

Tabhair faoi deara gurb é An Chéadaoin 31 Bealtaine 2017 an lá deireanach a ghlacfar le foirmeacha ainmniúcháin. 

 

 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO