Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Togra Cois Abhann

Togra Cois Abhann

Riverine 379 x 229

 

Tá bunadh an tSratha Báin agus Leifir á spreagadh lena dtuairimí a chur in iúl maidir le forbairt mhór trasteorann atá beartaithe don réigiún, trí pháirt a ghlacadh i suirbhé ar líne.   Tá Comhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin, i gcomhar le Comhairle Contae Dhún na nGall ag súil le leanúint ar aghaidh le pleananna ar an Togra Cois Abhann, a fhéachann le hacmhainn mhór úr thrasteorann a chruthú don cheantar.  

 

Dúirt Méasa Chomhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin, Alderman Hilary McClintock, go mbeadh aiseolas ón phobal ina chuidiú mór leis an mhaoiniú atá riachtanach a fháil don chéad chéim eile den phróiseas.

 

  “Is togra iontach spreagúil é an Togra Cois Abhann don dá cheantar comhairle, agus d’fhéadfadh sé bonneagar iomlán úr pobail a sholáthar a bheadh ina áis chomhroinnte idir iad siúd uilig a bhfuil cónaí orthu cois teorann. Tugann an togra deis dúinn athrú iomlán a dhéanamh ar an cheantar agus a phróifíl a fheabhsú mar cheann scríbe tarraingteach do chuairteoirí.  

“Trí dhul ar líne thig le daoine a bhfuil cónaí orthu, agus a oibríonn, sa cheantar a gcuid tosaíochtaí a chur in iúl, chomh maith lena dtacaíocht a léiriú ar son an togra. Beidh an tacaíocht seo tábhachtach lena thaispeáint go bhfuil gá leis an áisíneacht thrasteorann seo, agus neartóidh sé an cás ar son tuilleadh infheistíochta agus tuilleadh forbartha ar an togra.”  

 

Tá 47 n-acra i gceist sa Togra Cois Abhann, ar a n-áirítear dhá spás oscailte nádúrtha gan úsáid atá ann faoi láthair, chomh maith le spás lasmuigh leathchlúdaithe fá choinne imeachtaí poiblí faoin spéir, foirgneamh pobail agus éispeireas spraoi den chéad scoth, ag féachaint amach i dtreo páirceanna ar a mbeidh siúlóidí, an abhainn agus carrchlósanna.  

 

Má leantar ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile den togra, cuirfidh sé sin go mór leis an bhonneagar atá sa cheantar trí ghréasán úr glasbhealaigh trasteorann idir Leifear agus An Srath Bán, chomh maith le droichead coise trasteorann leis an dá bhaile a nascadh.  Beidh an spás forbartha ar an dá thaobh de bhruacha Abhainn an Fheabhail i Leifear agus ar an tSrath Bán, agus iad nasctha ag droichead coise pobail.   

 

Tá iarratas Céim 1 curtha isteach ag an dá Chomhairle áitiúla anois, faoi Shíocháin IV An Clár um Spás agus Seirbhisí Comhroinnte, i ndiaidh comhairliúchán pobail a rinneadh i gcomhpháirt lena chéile, rud a chuidigh le fís úr ardaidhmeannach a chur le chéile don cheantar. Tá éirithe leis an iarratas Céim 1 seo, agus tá an togra ag bogadh ar aghaidh anois go dtí an dara céim den mheasúnú, céim atá i bhfad níos mionsonraithe. Beidh torthaí an tsuirbhé tábhachtach i gcomhthéacs an mheasúnaithe seo ag na maoinitheoirí.  

 

Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara gur ag staid choincheapa / físe atá an togra agus go bhfuil gá le gach maoiniú riachtanach a bhaint le é a chur i gcrích.   Laistigh den phróiseas fíor-iomaíoch seo, tá sé tábhachtach a thaispeáint go bhfuil muintir an tSratha Báin, Leifir agus na gCeantar Máguaire go mór ar son an togra, agus iarrtar ar an phobal, arís eile, a gcuid tacaíochta a léiriú tríd an suirbhé atá ar fáil ar líne a líonadh isteach ar https://www.surveymonkey.co.uk/r/WPNVFMX

 

 

 

 

 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO