Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Tuilte agus Aitheantas

Gradam Aitheantais Speisialta as freagairt na Comhairle i leith thuilte Inis Eoghain

LAMA awards

Foireann Chomhairle Contae Dhún na nGall ag fáil Gradam Aitheantais Speisialta as an fhreagairt s’acu i leith na tuile móire a tharla in Inis Eoghain i mí Lúnasa 2017 ag ócáid bhronnta na nGradam Pobail agus Comhairle i bPáirc an Chrócaigh oíche Shathairn.  Le feiceáil sa ghrianghraf, tá Aidan McGrenra, Cahir Doherty, Seosamh Mahon, John McLaughlin, an comhairleoir Martin Farren, Garry Martin, Eamonn Mahon, Kevin Lake, Claire McGeever agus Dermot Brady.

 

Bronnadh Gradam Aitheantais Speisialta ar Chomhairle Contae Dhún na nGall oíche Shathairn seo a chuaigh thart mar gheall ar an fhreagairt a bhí acu ar an tuile mhór a thit amach in Inis Eoghain i mí Lúnasa 2017.  Is ag ócáid bhronnta Ghradaim Pobail agus Comhairle 2019 i bPáirc an Chrócaigh a rinneadh an bronnadh agus ba iad IPB agus LAMA agus Cumann Comhaltaí na gComhairlí Contae a bhí ina bhun agus tráchtaire spóirt RTÉ, Marty Morrissey, a bhí mar fhear an tí.

 

Déanann na gradaim seo ceiliúradh ar chomhphobail agus comhairlí a bheith ag obair le chéile agus bhí go leor de bhaill foirne agus de lucht bainistíochta na Comhairle a bhí páirteach sa fhreagairt ar an tuile i mí Lúnasa 2017 i láthair leis an ghradam a ghlacadh.

 

“Tá lúcháir orainn an gradam aitheantais speisialta seo a fháil a thugann aitheantas don dóigh éachtach a ndeachaigh ár bhfoireann féin, ár lucht bainistíochta agus, ar ndóigh, ár mbaill thofa i ngleic leis na tuilte uafásacha in Inis Eoghain i mí Lúnasa 2017”, arsa John McLaughlin, Stiúrthóir Seirbhísí le Comhairle Contae Dhún na nGall agus Bainisteoir Cheantar Bardasach Inis Eoghain.  

 

Lean sé air "agus an gradam seo á fháil againn, ta sé tábhachtach aitheantas a thabhairt fosta don chomhoibriú agus don chuidiú dhochreidte a fuair muid ó roinnt eagraíochtaí agus Ranna Rialtais.  B’iontach go deo cé chomh fial agus a bhí, chan amháin an pobal in Inis Eoghain, ach daoine fud fad na tíre agus go fiú ónár ndiaspóra, sna Stáit Aontaithe go háirithe."

 

Tuile Mhór Thubaisteach

Tharla an tuile mhór thubaisteach Dé Máirt, an 22 Lúnasa 2017 nuair a tharla titim fearthainne nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe agus ar lean tuilte tubaisteacha í a chuir isteach go mór ar phobail Inis Eoghain. Bhí na leibhéil fearthainne a taifeadadh ag Cionn Mhálanna agus ag Carn Domhnach ina dhiaidh sin as cuimse ar fad, sháraigh siad go fiú an leibhéal rabhaidh DEARG ar chóras rangaithe déine aimsire Met Éireann. Cuireadh síos don teagmhas aimsire seo gur teagmhas tuile é nach dtarlódh a leithéid ach uair amháin gach céad bliain.

 

Ba iad Comhairle Contae Dhún na nGall a bhí ina gceann feadhna ar an fhreagairt éigeandála tuile a thug an iliomad gníomhaireachtaí lena chinntiú go bhféadfadh na pobail a bhí thíos leis an eachtra dul i gceann a ngnáthshaoil arís a luaithe agus ab fhéidir.  

 

 

LAMA awards 1

Foireann Chomhairle Contae Dhún na nGall ag fáil Gradam Aitheantais Speisialta as an fhreagairt s’acu i leith na tuile móire a tharla in Inis Eoghain i mí Lúnasa 2017 ag ócáid bhronnta Ghradaim Pobail agus Comhairle i bPáirc an Chrócaigh oíche Shathairn. Le feiceáil sa ghrianghraf, tá Aidan McGrenra, Cahir Doherty, Seosamh Mahon, John McLaughlin, an comhairleoir Martin Farren, Garry Martin, Eamonn Mahon, Kevin Lake, Claire McGeever agus Dermot Brady.

 

 

Thug freagairt na Seirbhíse Dóiteáin tús áite d’oibríochtaí tarrthála agus beatha daoine a shábháil, ina measc tarrtháil a thabhairt ar dhaoine a bhí gafa i bhfeithiclí a bhí sáinnithe agus, ag an am ba mheasa, bhí naoi gcinn de Bhriogáidí Dóiteáin éagsúla ar dualgas ag dul i ngleic le teagmhais dhifriúla agus 85 comhraiceoir dóiteáin ag plé le cúrsaí tuilte. 

 

Bhí corradh le 200 teach cónaithe faoi uisce agus scriosadh gach dá raibh iontu. Bhí na tithe seo suite in ionaid éagsúla ar fud Inis Eoghain ach go háirithe faoi cheantair Bhun na Abhann, Bhun Cranncha agus Charn Domhnach. Bhí tuairim is caoga teaghlach ann arbh éigean dóibh bogadh amach as a dtithe, agus fágadh gan dídean iad díreach i ndiaidh na tubaiste. Cuireadh sainlíne chabhrach i bhfearas agus ba iad Seirbhís Tithíochta na Comhairle a rinne í sin a bhainistiú in Ionad Seirbhísí Poiblí Charn Domhnach le go dtiocfadh leo plé le teaghlaigh a raibh cuidiú práinneach de dhíth orthu, lena n-áirítear cóiríocht éigeandála.  

 

Osclaíodh lárionad cúnaimh fosta i gClubtheach CLG Bhun Cranncha ina dtiocfadh le daoine rochtain a fhail ar na seirbhísí ó réimse gníomhaireachtaí ina measc an Roinn Coimirce Sóisialaí, Cros Dhearg na hÉireann, na Samáraigh agus seirbhís comhairleoireachta ghairmiúil.   

 

Rinneadh an t-uafás damáiste don ghréasán bóithre, nó is iomaí droichead agus tóchar a cuireadh ó mhaith nó a scriosadh ar fad.  B’éigean cúig phríomhbhóthar réigiúnacha a dhruidim de dheasca droichid a bheith ag titim agus b’éigean a lán bóithre áitiúla a dhruidim fosta cionn is gur thit droichid isteach nó gur scuabadh chun siúil iad.  Bhí sciorrthaí talaimh ann chomh maith le damáiste dromchla, titim anuas colbhaí bóthair srl. a chuir arís leis an damáiste as cuimse a rinneadh. Measadh go ndearnadh damáiste nó scrios ar bhreis is 600 bóthar agus/nó droichead le linn na tuile.

 

Dá thoradh sin ar fad, bhí costas tosaigh de €1.5M i gceist le cúrsaí glantacháin agus lena chois sin costas measta de thart ar €15M+ chun na bóithre agus na droichid a chóiriú. D’oibrigh foireann Bóithre na Comhairle gan stad sna míonna a lean an tuile chun an damáiste a rinneadh a chur ina cheart agus d’éirigh leo mórán den obair a chur i gcrích in am do Chraobhchomórtas Oscailte Dubai na hÉireann i mí Iúil 2018 agus cé go bhfuil bunús na ndeisiúchán déanta faoin am seo, tá roinnt bheag oibre go fóill le críochnú agus tá sé sin idir lámha faoi láthair.  

 

Ba shuntasach an méid damáiste a rinneadh don chóras soláthair uisce fosta.  Taifeadadh seacht gcinn déag de theagmhais thromchúiseacha sa ghréasán uisce inar phléasc píopaí de dheasca damáiste tuile ar bhóithre agus / nó ar dhroichid.  Chuaigh foirne Uisce Éireann agus Chomhairle Contae Dhún na nGall i ngleic leis na teagmhais de réir mar a tháinig siad aníos agus dá bharr sin, bhí an chuid is mó den soláthar uisce athchóirithe go hiomlán taobh istigh de roinnt laethanta.

 

Lena chois sin, chuir na tuilte isteach ar shé chóras cóireála dramhuisce.  Rinneadh damáiste ollmhór do roinnt de na haiseanna seo agus b’éigean obair shuntasach athchóirithe a dhéanamh orthu.  Bhí an chuid is mó de na córais ag feidhmiú go hiomlán mar is ceart arís i ndiaidh cúpla lá.

 

Seachas an damáiste a rinneadh don infreastruchtúr criticiúil, scriosadh chomh maith nó rinneadh damáiste mór do na céadta gnólacht, foirgneamh agus ionad spóirt agus pobail agus cailleadh na céadta ceann beostoic le linn na heachtra.  

 

Dar le John McLaughlin gur mór an onóir é aitheantas mar seo a fháil le Gradam Comhairle agus Pobail agus, ar seisean, “aithnítear tríd an ghradam seo an obair a rinne an fhoireann s’againn i gComhairle Contae Dhún na nGall agus tugtar aitheantas fosta dá ndíograis agus don obair gan staonadh a rinne siad le linn tréimhse a bhí an-doiligh ag gach duine a bhí bainteach léi. Creidim, de thairbhe an fhreagra a thug Comhairle Contae Dhún na nGall ar an teagmhas seo, agus na bearta iarchúraim a rinneadh ina dhiaidh, gur eiseamláir den chéad scoth é den tseirbhís phoiblí.”

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO