Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Uisce Éireann ag comhoibriú le CCDnG

Uisce Éireann agus Comhairle Contae DnaG ag comhoibriú

Tá Uisce Éireann ag obair go dlúth le Comhairle Contae Dhún na nGall le tabhairt faoin dochar a rinneadh don bhonneagar uisce agus fuíolluisce de bharr na droch-aimsir roinnt laethanta ó shin. Thit breis agus 70mm fearthainne laistigh de thréimhse 9 n-uaire oíche Dé Máirt, rud arbh ionann agus 63% den mheántitim iomlán fearthainne do mhí Lúnasa. Dá bharr seo, rinneadh dochar suntasach don bhonneagar bóithre agus droichid, agus bhí tionchar díreach aige seo ar phíboibreacha uisce agus fuíolluisce, chomh maith le tuilte i roinnt ionaid chóireála fuíolluisce.

 

Agus muid ag dul i ngleic leis an mhór-eachtra aimsire seo, aithníonn Uisce Éireann mór-iarrachtaí oibrithe Chomhairle Contae Dhún na nGall chun dul i ngleic le bristeacha sa tseirbhís uisce, agus san am céanna ag plé le heachtraí níos leithne ar nós tuilte i sealúchais, dochar déanta do bhóithre agus do dhroichid, agus dochar déanta do sheirbhísí eile sa chontae.

 

Go dtí seo, tá thart fá seacht gcinn déag de mhór-eachtraí a bhain don ghréasán uisce inar tharla dochar do phíopaí de bharr damáiste tuilte ar bhóithre, ar dhroichid agus ar uiscebhealaí, chomh maith le 6 ionad cóireála fuíolluisce ar tharla tuilte iontu.

 

Tá oibrithe Uisce Éireann agus Chomhairle Contae Dhún na nGall ag plé leis na heachtraí seo de réir mar a tharla siad le trí lá anuas agus tá deisiúcháin déanta go sealadadh le go mbeidh soláthar uisce ar fáil do chustaiméirí.

 

Tharla poill i roinnt áiteanna ar an phíomhphíopa trína soláthraítear uisce do Charn Domhnach agus do thuaisceart Inis Eoghain, ina measc Málainn, Cionn Mhálanna agus an ceantar máguaird, rud a chiallaigh gur cuireadh isteach ar an tseirbhís chuig custaiméirí sna ceantracha seo. Tá siad seo deisithe anois ar bhonn sealadach agus ba chóir go mbeidh seirbhís uisce ar fáil do gach custaiméar sna huaireanta a chloig amach romhain. Leanfaidh baill foirne de chuid Uisce Éireann a bheith i dteagmháil le Comhairle Contae Dhún na nGall maidir le hathchóiriú buan a dhéanamh i gcomhar leis na hoibreacha bóthair agus droichid a bheas ag tarlú.

 

Tá an soláthar curtha ar fáil arís fosta chuig áiteanna eile ina raibh bristeacha sa tseirbhís, ceantracha thart fá Mhagh agus Rinn Uí Choigligh san áireamh.

 

Cé gur tharla tuilte i roinnt ionad cóireála fuíolluisce ar fud an chontae, tá gach ionad ag oibriú agus ag feidhmiú go fóill agus táthar ag cóireáil fuíolluisce leo. Tá Uisce Éireann ag comhoibriú leis an Ghníomhaireacht Chaomhantais Comhshaoil maidir le stádas na n-ionad agus le baill foirne de chuid Chomhairle Contae Dhún na nGall lena chinntiú go ndéanfar cúrsaí a bhainistiú go héifeachtach.

 

Is é a dúirt Laurence Nash, Ceannásaí Oibríochtaí Uisce Éireann i nDún na nGall: “Tá foireann eachtra curtha ar bun agus leanfaidh siad de bheith ag déanamh monatóireachta ar chúrsaí sna laethanta amach romhainn. Tá Uisce Éireann ag obair i gcomhpháirt le Comhairle Contae Dhún na nGall lena chinntiú go bhfuil acmhainní ar fáil ag an deireadh seachtaine chun deileáil le heachtraí de réir mar a tharlaíonn siad.

 

“Tá roinnt deisiúchán sealadach déanta go dtí seo agus leanfaidh muid orainn ag déanamh cad é atá riachtanach le gnáthsheirbhísí a choinneáil ag dul dár gcuid custaiméirí i nDún na nGall. Nuair a bheas an t-eolas uilig againn faoin dochar ar fad a rinneadh, rachaidh muid i mbun athchóiriú agus deisiúchán buan a dhéanamh de réir mar is gá.”

 

Déanfar Rannóg Seirbhíse agus Soláthair an tsuímh ghréasáin atá ag Uisce Éireann a uasdátú go rialta le sonraí faoi aon eachtraí, agus craoladh roinnt tuairiscí uasdátaithe ar an raidió go háitiúil fosta. Moltar do chustaiméirí teagmháil a dhéanamh leis an líne chúram custaiméara 24/7 ar 1850 278 278 le scéala a chur chugainn faoi aon eachtra ina gceantarsan. 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO