Tá an t-aon Bhrat Bán amháin do Chontae Dhún na nGall bronnta ar Uiscelann Bhun Dobhráin arís eile i mbliana.
Bronnadh an t-ardghradam seo ar Bhainisteoir Ginearálta na hUiscelainne Anderson Keys agus an bheirt Bhainisteoirí Dualgais Noreen Sweeney agus Tom Losey ag ócáid bhronnta gradam ar na mallaibh in Óstán an Slieve Russell i gCabhán.
Beidh Uiscelann Bhun Dobhráin ag ceiliúradh 25 bliana de sheirbhís don phobal in 2016.