Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Uppiddee ar ghearrliosta

Gnólacht as Dún na nGall ar ghearrliosta do Ghradam Náisiúnta

Tá comhlacht Gaeltachta as Dún na nGall, atá suite ar Pháirc Ghnó Údarás na Gaeltachta sna Dúnaibh, curtha ar ghearrliosta do Ghradam Acadamh na nGnólachtaí Úra de chuid an AIB. Is comh-fhiontar é na gradaim seo idir The Irish Times agus an AIB, ar cuspóir leis tacú le fiontair úra trí shaineolas agus dheiseanna gréasánaithe a chur ar fáil dóibh.

 

Cuireann Uppiddee bogearraí leasa sláinte ar fáil ar líne do choláistí, d’fhoirne spóirt agus do ghnólachtaí. Bailíonn agus scagann an bogearra seo sonraí i dtaca le leas cognaíoch chun feidhmiú agus cumas coinneála an duine a fheabhsú. Is mar ‘fitbit’ le haghaidh na hintinne a chuirtear síos air go minic.
Chuir breis agus 400 gnólacht nua-bhunaithe ó achan chearn den tír isteach ar Acadamh na nGnólachtaí Úra de chuid an AIB i mbliana agus roghnaigh na moltóirí Uppiddee lena chur ar ghearrliosta le roinnt eile. Tá cur i láthair déanta ag na hiarrthóirí gearrliostaithe, agus úsáidfear sin le gearrliosta eile a dhéanamh Dé hAoine 29 Eanáir. Ansin, beidh ar na gnólachtaí a bheas ar an ghearrliosta úr cur i láthair breise a dhéanamh os comhair an phainéil mholtóirí go luath i mí Feabhra, agus roghnófar 11 ghnólacht uaidh sin chun páirt a ghlacadh i gClár Acadamh na nGnólachtaí Úra.

 

Tá Uppiddee díreach i ndiaidh scéim phíolótach a chríochnú le hInstitiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn (ITLC). Chuidigh an comhoibriú ráthúil forásach seo i gcomhar le ITLC, chuidigh sé le hUppiddee dul i mbun cainte le 10 gcinn eile d’institiúidí tríú leibhéil in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe. Tá an comhlacht i mbun cainteanna faoi láthair le mór-eagraíochtaí ar nós Version1, Coca-Cola agus an Grúpa an CIE chomh maith le roinnt foirne gairmiúla agus amaitéaracha in Éirinn agus san RA.

 

Óna bhunáit sna Dúnaibh, tá súil ag Uppiddee leas cognaíoch agus feidhmiú an duine a fheabhsú ar fud an domhain.

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO