Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Comórtas Gailf Dubai Duty Free

Comórtas Oscailte Gailf na hÉireann (Dubai Duty Free)

 

 

Bígí linn i mBaile Lifín ...

 

Treoir maidir le Baile Lifín

 

 

 

An bealach leis an áit a bhaint amach ...

 Irish Open Traffic Map

 

Má tá tú ag taisteal go Baile Lifín ón oirthear gabh trí Dhoire agus Rinn Uí Choigligh, agus ba chóir do thrácht ón iarthar dul trí Bhun Cranncha.

 

Páirceáil saor in aisce ...

Tá páirceáil saor in aisce don phobal go díreach ar thailte Chlub Gailf Bhaile Lifín.

 

Úsáidfidh gach feithicil a bhfuil lipéad air an príomhbhealach isteach, ar a n-áirítear busanna, tacsaithe agus tiománaithe faoi mhíchumas.  Beidh an pháirceáil phoiblí roinnte ina dhá láthair pháirceála ag an Chlub Gailf. Iarrtar ar thiománaithe comhoibriú agus cloí le treoraithe ó bhaill den Gharda Síochána agus Na Maoir lena chinntiú go leanfaidh an trácht ar na bóithre gan bhac.

 

Moltar do thiománaithe:

  • Loingseoireacht Satailíte a mhúchadh, nuair a deirtear sin ar chomharthaí cóngarach don áit.  
  • Cloí le treoracha ó na Gardaí agus ó chomharthaí
  • Tiomáint le foighid agus le cúram, agus breis ama a chur ar leataobh do do thuras

 

Tabhair spléachadh ar Léarscáil Suímh Chomórtas Oscailte Gaeilge na hÉireann (Dubai Duty Free)‌. 

 

Seirbhís Tointeála ...

Seirbhís tointeála gan stad le haghaidh cónaitheoirí i gCarn Domhnach, Bun Cranncha agus Cluain Maine ón Déardaoin 5 Iúil go dtí Dé Domhnaigh 8 Iúil ó 6.30am go dtí 12 meán lae agus ó 2pm go dtí 7.30pm (8.30pm Dé hAoine):

  • Cearnóg Charn Domhnach go Club Gailf Bhaile Lifín
  • Sólann Bhun Cranncha go Club Gailf Bhaile Lifín
  • Centra Chluain Maine go Club Gailf Bhaile Lifín

 

Tabhair faoi deara, le do thoil, nach bhfuil aon áiseanna Páirceáil agus Taisteal ar fáil sna bailte móra seo agus moltar duit tiomáint go díreach chuig Club Gailf Bhaile Lifín, mar a bhfuil páirceáil saor in aisce ar fáil. 

 

Seirbhís Farantóireachta ... 

Beidh seoltaí breise ar fáil ar Sheirbhís Farantóireachta Loch Feabhail ó Aird Mhic Giollagáin go dtí An Caisleán Nua agus ó Sheirbhís Farantóireachta Súilí ó Ráth Maoláin go Bun Cranncha le linn an chomórtais. 

 

Tá seoltaí ar fáil ó Aird Mhic Giollagáin go dtí An Caisleán Nua ó 6am go dtí 10.15pm gach lá ón 4 go dtí an 8 Iúil.  Tá tuilleadh eolais maidir le seoltaí ar fáil arwww.loughfoyleferry.com.

 

Beidh Seirbhís Farantóireachta Súilí ó Ráth Maoláin go Bun Cranncha ar fáil le linn an chomórtais le seoltaí ar an 4, 7 agus 8 Iúil ó 6.50am go dtí 8.30pm agus ar an 5 agus 6 Iúil ó 5.50am go dtí 8.20pm.  Tá seirbhís bus ar fáil ó Bun Cranncha go Baile Lifín agus is gá áirithint a dhéanamh roimh ré.  Fá choinne tuilleadh eolais faoin tseirbhís seo gabh chuig www.swillyferry.com 

 

 

Cad é atá ar siúl, ná caill ...

 

 

 

 

Bóithre atá le druidim ... 

 

 

 

Nuacht ...

 

25 Meitheamh 2018 - Ag obair ó dhubh go dubh ar Chomórtas Gailf na hÉireann - Dubai Duty Free

Agus gan ach seachtain amháin le dul go dtí go dtiocfaidh na mílte de lucht leanúna gailf go Baile Lifín bhí na pobail ag obair ó dhubh go dubh leis an chuma is fearr agus is féidir a chur ar a gcuid bailte agus sráidbhailte don ócáid speisialta seo. Léigh tuilleadh ... 

 James Nesbitt 60x60

22 Meitheamh 2018 - Líon mór Réaltaí deimhnithe don Pro Am ag Comórtas Oscailte Gailf na hÉireann

Tá pearsantachtaí ó réimsí an spóirt, an cheoil, na teilifíse agus na scannán i measc na tallainne atá réidh le himirt sa Pro Am roimh Chomórtas Oscailte Gailf na hÉireann (Dubai Duty Free) .Léigh tuilleadh...
 
 Garda badge 60x60

21 Meitheamh 2018 - Plean Bainistiú Tráchta do Chomórtas Oscailte Gailf na hÉireann (Dubai Duty Free)

 Seo a leanas na príomhphointí maidir leis an phlean bainistiú tráchta. Léigh tuilleadh ...

 
Thomas Pieters

19 Meitheamh 18 - Iomaitheoirí do Chprn Ryder, Pieters, Levy agus Olesen sa tóir ar an ghlóir i mBaile Lifín

Beidh Thomas Pieters, réalta úr a tháinig chun solais i gCorn Ryder 2016, ag iarraidh cur lena sheansanna chun pilleadh ar Fhoireann na hEorpa ag Comórtas Oscailte Gailf na hÉireann (Dubai Duty Free).  Léigh tuilleadh ...

 DDFIO Logo 60x60

15 Meitheamh 2018 - Cruinniú poiblí maidir le Comórtas Oscailte Gailf na hÉireann 2018 (Dubai Duty Free)

Beidh cruinniú eolais don phobal ar siúl Dé Céadaoin 20 Meitheamh 2018 ar 7pm i gClub Gailf Bhaile Lifín le haghaidh   Léigh tuilleadh ...

Ballyliffin traffic map 60x60

12 Meitheamh 2018 - Bain sult as eispéireas doras go doras do Chomórtas Oscailte Gailf na hÉireann (Dubai Duty Free)

Beidh lucht leanúna an Dubai Duty Free Irish Open 2018 in ann sult a bhaint as eispéireas doras go doras, le páirceáil saor in aisce suite go díreach ar thailte de chuid Chlub Gailf Bhaile Lifín. Léigh tuilleadh ...

Sunday Grandstand

7 Meitheamh 2018 - Ticéidí díolta amach don ardán mór Dé Domhnaigh don 2018 Dubai Duty Free Irish Open

Tá ticéidí an Domhnaigh don ardán mór ar an 18ú poll ag an 2018 Dubai Duty Free Irish Open, atá á óstáil ag Fondúireacht Rory, díolta amach go huile is go hiomlán. Léigh tuilleadh ...

DDFIO Logo 60x60

1 Meitheamh 2018 - Dubai Duty Free ag lorg an Tosach Siopa is Fearr Feistiú

Táthar ag iarraidh ar ghnólachtaí agus ar phobail ar fud Inis Eoghain páirt a ghlacadh sa Chomórtas don Tosach Siopa nó Foirgnimh Is Fearr Feistiú  mar chuid den Dubai Duty Free Irish Open.   Léigh tuilleadh ...

DDFIO Art Comp 60x60

17 Bealtaine 2018 - Comórtas pictiúr do pháistí i gcomhar leis an Dubai Duty Free Irish Open

Tá cuireadh roimh pháistí ar fud na hÉireann páirt a ghlacadh i gcomórtas pictiúir, agus roinnt duaiseanna iontacha a bhaint, mar cheiliúradh ar an Dubai Duty Free Irish Open i mBaile Lifín.   Léigh tuilleadh ... 

 

Naisc úsáideacha ...  

DDFIrish open Useful Links Useful Links EU golf 113x100 Useful links Rory Foundation
Wild Atlantic WAy  Useful Links Ballyliffin GC

 

      

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO