Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > PRanna ó Iúil 2019 > Maoiniú LEADER

Maoiniú €476,000 ó LEADER fá choinne 14 thogra

Maoiniú €476,000 ó LEADER fá choinne 14 thogra

 

Tá An Coiste um Fhorbairt Pobail Áitiúil Dhún na nGall i ndiaidh €476,000 a cheadú fá choinne ceithre cinn déag de thograí faoi Chlár Forbartha Tuaithe LEADER. 

 

Baineann na tograí a fuair maoiniú an tseachtain seo le féilte, ealaíona, spórt, tograí oidhreachta, agus oibreacha caipitil in ionaid phobail.

 

Creideann Cathaoirleach ar CFPÁ Dhún na nGall, an Clr Máirtín Mac Dhiarmada, go bhfuil na deontais seo fíorthábhachtach chun tacú le cúrsaí forbartha i gceantracha tuaithe i nDún na nGall agus dúirt sé: “tá roinnt cuspóirí aitheanta againn i nDún na nGall a ba mhaith linn a bhaint amach trí Chlár Forbartha Tuaithe LEADER, amhail an turasóireacht, forbairt na fiontraíochta, bailte uirbeacha, leathanbhanda, seirbhísí bunúsacha dírithe ar phobail atá deacair a shroichint, óige na tuaithe, úsáid inbhuanaithe i dtaca le hacmhainní uisce, an bhithéagsúlacht áitiúil a fheabhsú agus an fuinneamh inathnuaite a fhorbairt.”

 

Tá sé de chuspóir ag Clár Forbartha Tuaithe LEADER, a reáchtálann ó 2014 go dtí 2020, an caighdeán saoil a fheabhsú i gceantrachta tuaithe agus an éagsúlacht a chur chun cinn i gcúrsaí eacnamaíochta i gceantracha tuaithe, agus tá beagnach €13 mhilliún bronnta ar Dhún na nGall faoin Chlár seo. I nDún na nGall tá trí théama aitheanta agus an clár seo á chur i bhfeidhm de réir a chéile, mar atá An Fhorbairt Eacnamaíochta, Forbairt na Fiontraíochta agus Cruthú Fostaíocht, Cuimsiú Sóisialta agus Timpeallacht na Tuaithe.

 

Tá ceithre pháirtnéir i nDún na nGall ag cur i bhfeidhm an chláir mhaoinithe seo, ar a n-áirítear Comhlacht Forbartha Áitiúil Dhún na nGall, Comhpháirtíocht Forbartha Inis Eoghain, Údarás na Gaeltachta agus Comhar na nOileán, agus is faoi Ghrúpa Aicsin Dhún na nGall de chuid CPFÁ Dhún na nGall, le tacaíocht ó Chomhairle Contae Dhún na nGall, atá sé na cinnithe deireanacha a dhéanamh.

Tá an Clr Mac Diarmada ag tathant ar choistí pobail áitiúla agus ar ghnólachtaí áitiúla teacht chun tosaigh chuig clár LEADER agus dúirt sé: “is deis iontach é an maoiniú seo do ghrúpaí agus do ghnólachtaí ar fud Dhún na nGall chun tograí nuálacha agus fiúntacha a chur ar fáil ina gceantracha áitiúla agus  mholfainn d’aon ghrúpa nó d’aon ghnólacht a bhfuil smaointiú acu dul i dteagmháil leis na páirtnéirí thuasluaite féachaint an féidir tacaíocht a fháil do na smaointe atá acu”.

 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO