Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > PRanna ó Iúil 2019 > Oibreacha Uisce - An Fál Carrach

Oibreacha Uisce Éireann le toiseacht ar an Fhál Carrach

 Irish Water worker

 

Tá lúcháir ar Uisce Éireann, i gcomhpháirt le Comhairle Contae Dhún na nGall, a fhógairt go bhfuil muid ag cur tús le hoibreacha chun seanphíopaí uisce a athnuachan ar an Fhál Carrach, Contae Dhún na nGall, ag toiseacht Dé Luain 4 Samhain 2019.    Cuirfidh na hoibreacha seo soláthar níos iontaofa uisce ar fáil don chónaitheoirí áitiúla agus do ghnólachtaí, agus is iad Farrans Construction Ltd a dhéanfaidh na hoibreacha thar ceann Uisce Éireann. Táthar ag súil go mbeidh an obair críochnaithe i mí Eanáir 2020.

 

Is é atá i gceist leis na hoibreacha ná thart fá 1.6 ciliméadar de phíopaí uisce fabhtacha ar an Fhál Carrach, ar feadh Bhaile an Teampaill Íochtair,  a bhaint amach agus cinn úra phlaisteacha ard-dlúis a leagan ina n-áit.  Lena chinntiú go ndéanfar na hoibreacha ar dhóigh atá sábháilte, beidh druidim bóthair i bhfeidhm ó bharr Chnoc an Fháil Charraigh (R256) ar feadh Bhóthar Bhaile an Teampaill Íochtair.   Tá cead tugtha ag Comhairle Contae Dhún na nGall an bóthar a dhruidim ó 8am Dé Luain 4 Samhain 2019 go dtí 6pm Dé hAoine 20 Nollaig 2019. Beidh cead isteach ag cónaitheoirí áitiúla agus ag seirbhísí éigeandála an t-am ar fad. Beidh malairt slí ar fáil agus é marcáilte go soiléir le comharthaí.

 

Tá dul chun cinn á dhéanamh i rith an ama ar na hoibreacha chun 1.7 ciliméadar do phíopaí uisce úra a leagan in áit na bpíopaí fabhtacha i dtaiscumar an Chaisil i nGort an Choirce. Tá 1.1km curtha isteach go dtí seo ó cuireadh tús leis na hoibreacha go luath i mí Mheán Fómhair.    Tá na hoibreacha seo de réir ama agus táthar ag dréim go mbeidh siad curtha i gcrích i mí Mhárta 2020.  

 

Agus é ag caint faoi na hoibreacha, dúirt Declan Cawley, Ceannasaí Réigiúnach Uisce Éireann: “Tá na hoibreacha i nGort an Choirce ag dul chun cinn go maith agus gabhaimid buíochas leis an phobal áitiúil as a bheith foighdeach agus tá muid ag súil le tús a chur leis an chéad chéim eile de na hoibreacha ar an Fhál Carrach”.

 

Beidh i gceist sna hoibreacha seo fosta ceangail úra seirbhísí uisce a chur síos ón phríomhphíopa poiblí sa bhóthar go dtí teorainneacha ar thailte custaiméirí agus ansin é a cheangal le soláthar uisce na gcustaiméirí.

 

Tá na hoibreacha á ndéanamh mar chuid de Chlár Náisiúnta Uisce Éireann um Laghdú Sceitheadh Uisce, rud a laghdóidh an sceitheadh an-ard uisce ar fud na tíre trí sheanphíopaí a dheisiú, nó cinn úra a chur ina n-áit.

 

Tá Uisce Éireann buartha faoi aon chur isteach a d’fhéadfadh na hoibreacha riachtanacha seo a chruthú, agus ba mhaith linn buíochas a ghabháil leis na cónaitheoirí áitiúla agus le gnólachtaí áitiúla as a gcomhoibriú i gcur i bhfeidhm na n-oibreacha riachtanacha seo, oibreacha a chuirfidh soláthar níos iontaofa uisce ar fáil don phobal áitiúil.

 

Tá fógra tugtha do chónaitheoirí agus do ghnólachtaí sa cheantar, a rachaidh na feabhsúcháin bheartaithe seo chun sochair dóibh, agus is féidir le custaiméirí scairt a chur ar Uisce Éireann ar Callsave 1850 278 278 má tá ceist ar bith acu faoin togra. 

 

Beidh tuairiscí rialta ar na hoibreacha sa cheantar ar an leathanach idirlín a bhaineann le Tuairiscí Soláthair Uisce ar shuíomh idirlín Uisce Éireann arhttps://www.water.ie/water-supply/supply-and-service-update/

 

Tá tuilleadh eolais maidir le Clár Uisce Éireann le haghaidh Laghdú Sceitheadh Uisce ar fáil ar shuíomh idirlín Uisce Éireann chomh maith     www.water.ie  Tá an tionscadal seo mar chuid de phlean infheistíochta Uisce Éireann. Tá tosaíochtaí leagtha amach do na hoibreacha le dul i ngleic leis na hábhair is práinní agus is tábhachtaí de réir na gcoimitmintí atá leagtha amach i bPlean Gnó Uisce Éireann. Beidh infheistíocht de €5.5 billiún de chaiteachas caipitil i gceist sa phlean gnó le haghaidh uisce óil agus cáilíocht agus toilleadh fuíolluisce, agus bonneagar úr suas go dtí 2021. Tá infheistíocht i dtionscnaimh chun sceitheadh uisce a laghdú agus cáilíocht an uisce a chinntiú sa phlean seo, ar a dtugtar an Clár um Laghdú Sceitheadh Uisce, ar a mbeidh infheistíocht de €500 milliún le linn na tréimhse go dtí 2021. Tá na hoibreacha seo fíorthábhachtach le soláthar uisce atá glan, sábháilte agus iontaofa a chinntiú chun tacú le daonra agus le geilleagar atá ag méadú agus ag fás.

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO