Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > PRanna ó Iúil 2019 > Sábháilteacht Bhóthair

Seó Sábháilteacht Bhóthair ar ais

Cuirfear scoláirí an chontae ar an eolas maidir leis an tábhacht a bhaineann le sábháilteacht bhóthair agus na contúirtí laethúla atá ar ár mbóithre ag Seó Sabháilteacht Bhóthair a bheas ar siúl in Ionad Fóillíochta an Aura Dé Máirt agus Dé Céadaoin (8ú & 9ú Deireadh Fómhair) ag 11.00 r.n.

 

Is iad Comhairle Contae Dhún na nGall i gcomhar le páirtithe ó Mheitheal Sábháilteacht Bhóithre Dhún na nGall atá i mbun an tseó Sábháilteacht Bhóthair a thugann deis iompraíocht dhearfach thiomána a léiriú do scoláirí atá réidh le tús a chur lena ngairm tiomána nó atá mar phaisinéirí cairr.

 

Beidh os cionn 2,500 scoláire as meánscoileanna agus Ionaid Ógtheagmhála ar fud Dhún na nGall i láthair ag an seó. Ar an drochuair, tá aithne ag beagnach achan duine i nDún na nGall ar dhuine a fuair bás nó a gortaíodh go holc i dtimpiste bhóthair. Tugann an seó seo deis do dhaoine óga foghlaim faoin toradh a d’fhéadfadh bheith ar dhrochiompraíocht tiomána ar ár mbóithre.

 

Dúirt Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, an Comhairleoir Nicholas Crossan, “is ócáid thar a bheith tábhachtach inár gclár Sábháilteacht Bhóthair í an Seó Sábháilteacht Bhóthair mar go dtugann sé teachtaireacht shoiléir do dhaoine óga, is é sin go mbíonn tionchar ollmhór ag timpiste bhóthair ar go leor daoine, idir gharghaolta agus dhlúthchairde agus na seirbhísí éigeandála, a  bhíonn i láthair ag láithreacha millteanacha de thimpistí bóthair. Má imíonn d’intinn ar strae ar feadh fiú soicind amháin agus tú i mbun tiomána, caithfear cuimhneamh gur féidir leis saolta a athrú go deo. Caithfidh daoine óga an teachtaireacht thábhachtach seo a chloisteáil sa dóigh is go bhfuil siad ar an eolas maidir leis na contúirtí agus iad ag foghlaim le tiomáint”.

 

Deir Brian O’ Donnell Oifigeach Sábháilteacht Bhóthair “Tá líon ard tiománaithe nach dtugann aird ar shábháilteacht bhóthair. Is minic gurbh iad tiománaithe óga a ba chúis le tiomáint chontúirteach agus bíonn barraíocht teaghlaigh thíos leis dá bharr. Caithfidh muid a chur ina luí orthu siúd a úsáideann na bóithre go gcaithfidh siad stopadh agus smaoineamh sula dtéann siad i gcarr le tiománaí a sháraíonn an teorainn luais nó duine atá faoi thionchar an óil nó drugaí nó nach gcaitheann a gcrios sábháilte nó a úsaideann a bhfón póca agus iad ag tiomáint. D’fhéadfaí seachaint iomlán a dhéanamh ar an scrios agus briseadh croí a ndéantar ar theaghlaigh agus ar an phobal de bharr timpistí bóthair. Tá muid fíorbhuíoch don tacaíocht leanúnach a thugann scoileanna i nDún na nGall don seó bliain i ndiaidh bliana agus ba mhaith liom buíochas a thabhairt do na haoichainteoirí uilig a bhíonn linn as a dtiomantas don Seó Sábháilteacht Bhóthair. Ní thiocfadh linn an seó a reáchtáil gan a dtacaíocht.”

 

 

Fuair seisear bás ar bhóithre an chontae go dtí seo i mbliana.

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO