Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > PRanna ó Iúil 2019 > Seachtain na hOidhreachta 2019

Clár mór imeachtaí do Sheachtain na hOidhreachta amach romhainn

Heritage Week

 

Tá breis agus 120 imeacht ar siúl le linn Sheachtain Náisiúnta na hOidhreachta i gContae Dhún na nGall ón Satharn 17 Lúnasa go dtí An Domhnach 25 Lúnasa, agus an chuid is mó acu saor in aisce.   Tá clár imeachtaí póca ar fáil ina bhfuil imeachtaí Sheachtain Oidhreachta i gContae Dhún na nGall, foilsithe ag Oifig Oidhreachta Chontae Dhún na nGall i gComhairle Contae Dhún na nGall. Tá an clár saor in aisce agus ar fáil ó oifigí turasóireachta, leabharlanna, ionaid seirbhísí poiblí, iarsmalanna agus ionaid oidhreachta agus ar líne ag www.heritageweek.ie  or  www.donegalcoco.ie/heritage.

 

“Is iad lucht eagraithe na n-imeachtaí a chinntíonn go mbíonn an-rath ar an tSeachtain Oidhreachta i gContae Dhún na nGall, agus tá thart fá 80 ceann de ghrúpaí oidhreachta, eagraíochtaí pobail nó daoine aonair a bhfuil imeachtaí eagraithe acu” arsa An Clr. Nicholas Crossan, Cathaoirleach ar Chomhairle Contae Dhún na nGall, agus é ag caint ag seoladh Chlár Imeachtaí Sheachtain na hOidhreachta do Chontae Dhún na nGall.    “Iad siúd atá ag obair in eagraíochtaí oidhreachta, iarsmalanna agus ionaid oidhreachta, agus a chónaíonn i dtithe stairiúla, bíonn páirt an-tábhachtach acu mar go gcuireann siad an oidhreacht is cúram dóibh ar fáil ar bhonn níos forleithne trí chlár imeachtaí Sheachtain na hOidhreachta.   Is gá aitheantas a thabhairt don dúthracht agus don obair chrua a dhéanann lucht eagraithe na n-imeachtaí, mar go mbíonn na himeachtaí seo ag brath ar obair dheonach agus iad maoinithe ag grúpaí oidhreachta, ag eagraíochtaí pobail agus ag daoine aonair iad féin.”  Agus í ag caint le linn sheoladh na Seachtaine Náisiúnta Oidhreachta dúirt Josepha Madigan, an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta: “Gabhaim buíochas leis na céadta duine aonair agus leis na pobail ar fud na hÉireann a chuireann an-obair isteach gach bliain le himeachtaí a reáchtáil agus lena suim féin san oidhreacht a spreagadh i measc an phobail i gcoitinne.  Tá an dúthracht sin ríthábhachtach dár n-oidhreacht, agus tá sé níos tábhachtaí ná riamh, go háirithe anois nuair a smaointímid ar an athrú aeráide, go dtacaíonn muid leo siúd a thacaíonn lenár n-oidhreacht.” 

 

Heritage week launch

Sa ghrianghraf le linn seoladh Chlár Imeachtaí Sheachtain na hOidhreachta do Chontae Dhún na nGall Déardaoin 1 Lúnasa tá lucht eagraithe imeachtaí agus aíonna i gcomhar leNicholas Crossan, Cathaoirleach, Comhairle Contae Dhún na nGall, Eddie O’Kane, Cathaoirleach, Fóram Oidhreachta Chontae Dhún na nGall, agus John McLaughlin Príomhfheidhmeannach Gníomhach, Comhairle Contae Dhún na nGall.

 

Is iad an Comhairle Oidhreachta agus Oifigigh Oidhreachta na nÚdarás Áitiúil a chomhordaíonn an tSeachtain Oidhreachta.  Is é téama na bliana seo le haghaidh Sheachtain Náisiúnta na hOidhreachta ná ‘Ag Cur Thart an Ama san Am atá Thart’, agus moltar do dhaoine amharc ar cad é a dhéanaimid lenár n-am saor agus cad é mar a d’athraigh seo le blianta anuas” a dúirt Joe Gallaghaer, Oifigeach Oidhreachta le Comhairle Chontae Dhún na nGall.   “Is iad aidhmeanna na Seachtaine Oidhreachta feasacht a ardú i dtaca lenár n-oidhreacht agus daoine a spreagradh le í a chosaint, a chaomhnú agus a chothú.  Tá Contae Dhún na nGall ar an chontae ina mbeidh an líon is mó imeachtaí in aghaidh an daonra agus tá breis agus 20 ceann de na 126 imeacht atá beartaithe don tSeachtain Oidhreachta i gContae Dhún na nGall á reáchtáil nó á óstáil ag Rannán Cultúir Chomhairle Contae Dhún na nGall.  I measc na n-imeachtaí tá laethanta oscailte ar an oidhreacht thógtha, siúlóidí treoraithe, cuairteanna ar shuíomhanna oidhreachta, turais allamuigh, taispeántais, cainteanna léirithe, ceardlanna, scéalaíocht, athléirithe ar imeachtaí stairiúla, gníomhaíochtaí do pháistí, láinseálacha ar imeachtaí, agus taispeántais ar scileanna traidisiúnta.  Tá an tSeachtain Náisiúnta Oidhreachta mar chuid lárnach de Laethanta Oidhreachta Eorpacha atá á gceiliúradh in 40 tír ar fud na hEorpa.

 

Is féidir leat cóip saor in aisce de Chlár Imeachtaí Sheachtain na hOidhreachta do Chontae Dhún na nGall a phiocadh suas i leabharlanna, iarsmalanna, ionaid oidhreachta, agus oifigí turasóireachta agus ar líne ag suíomh idirlín Oifig Oidhreachta Chontae Dhún na nGall ar: www.donegalcoco.ie/heritage.  Tá an scéal is déanaí ar fáil ar shuíomh idirlín Sheachtain Náisiúnta na hOidhreachta ar: www.heritageweek.ie

 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO