Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > PRanna ó Iúil 2019 > Ullmhú do Wainfest 2019

Déanaimis Comhluadar ag Wainfest 2019

Wainfest Makey Uppers

Ag cumadh linn! Seisiún beo comhoibritheach scéalaíochta  le Makey Uppers ag Wainfest 2018.

 

‘Déanaimis Comhluadar’ i mí Dheireadh Fómhair seo ag teacht nuair a bheas Wainfest, an Fhéile bhliantúil Ealaíne agus Leabhar do Pháistí ar siúl arís, agus muid ag feitheamh go crua air.   Tá an fhéile seo ar cheann de na féilte is mó rath don aos óg sa tír, agus is é Rannán Cultúir Chomhairle Contae Dhún na nGall a reáchtálann í.  I mbliana, beidh an fhéile seachtaine ar siúl ón 5 go dtí an 13 Deireadh Fómhair 2019.

 

Tá fáilte roimh pháistí agus a dteaghlaigh páirt a ghlacadh sa spraoi agus sult a bhaint as imeachtaí d’ardchaighdeán ar leac an dorais acu ar nós seónna draíochta, scéalaíocht bhríomhar, agus cuairteanna ó na húdair is mó díol do leabharthaí páistí.

 

Anuraidh tháinig breis agus 11,000 duine chugainn le linn Wainfest. Reáchtáladh 150 imeacht agus ócáid san iomlán in ocht gcinn is tríocha d’ionaid éagsúla ar nós leabharlanna, ionaid Taobh Tíre, Iarsmalann Chontae Dhún na nGall, an tIonad Réigiúnach Cultúrtha, pictiúrlanna agus in ionaid eile.  Tá pleananna againn le go mbeidh féile na bliana seo níos mó ná riamh agus is cinnte go mbeidh níos mó daoine i láthair ná mar a bhí anuraidh fiú.

 

 

Wainfest Dig It Kids

An bhfuil tú in ann tochailt?  Beidh Dig-It Kids ag déanamh taiscéaladh seandálaíochta i Leabharlann Bhun Cranncha le linn Wainfest 2018.

 

Dúirt Sinéad McLaughlin, Comhordaitheoir na Féile:  “Tá lúcháir orainn go bhfuil ár gcuid páirtnéirí ag tacú leis an fhéile arís i mbliana; Teach Cúirte Leifir, Ceolfhoireann Chomhlachas Óige Dhún na nGall, Páirc Náisiúnta Ghleann Bheatha, Amharclann Ghaoth Dobhair, An Grianán, Ionad Ealaíne na Mainistreach, An Gailearaí, Comhpháirtíocht Forbartha Inis Eoghain, Páirc Ghort na Darach agus Pictiúrlanna Eclipse, mar shampla. Cuireann siad sin an-éagsúlacht i gclár imeachtaí na Féile”.

 

“Bíonn béim ar leith ar leabharthaí, ar an léitheoireacht agus ar an litearthacht in Wainfest” arsa Sinéad.  Cuirimid fáilte i mbliana roimh na húdair mór-dhíola Holly Webb, údar ‘Animal Magic’ agus na sraithe ‘Maisie Hitchens’, chomh maith le Catherine Doyle, údar ‘The Storm Keeper’s Island’.  Tá sé d’aidhm ag an bheirt acu daoine óga agus páistí a spreagadh chun bheith ag léamh trí scéalta suimiúla aigeanta a chumadh.

Ag pilleadh i mbliana i ndiaidh an-rath a bheith ar na seónna anuraidh beidh Mr Hullabaloo, an siamsóir do pháistí, agus an saineolaí Fiadhúlra Éanna Ní Lamhna.  Tá pleananna úra spreagúla ann á ndéanamh le haghaidh ceardlann ealaíne do pháistí sula gcraolfar Ratatouille de chuid Disney, agus beidh seisiún faoi Scannánú ar Ghuthán Cliste san Ionad Cultúrtha Réigiúnach.

 

Tá lúcháir ar Shinéad a fhógairt go mbeidh feabhas ar chlár imeachtaí 2019 fosta trí imeachtaí atá ag fóirstean do pháistí le huathachas ar fud an chontae.  “Bhí muid in ann na himeachtaí seo a reáchtáil de bharr maoiniú a fuarthas ón Dormant Account Fund. Tá muid ag cur dlaoi mhullaigh ar na himeachtaí ar fad anois, agus beidh an t-eolas ar fad ar fáil ar Wainfest.ie agus sa bhileog eolais a sheolfar i lár mhí Mheán Fómhair.”

 

Chun tú féin a choinneáil ar an eolas faoi Wainfest 2019 gabh chuig www.wainfest.ie nó lean Leabharlann Chontae Dhún na nGall ar Facebook nó ar Twitter.

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO