Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas-Ráitis 2023 > Bealtaine 2023

02-06-2023 – Lá lán spraoi agus cruthaitheachta Dé Sathairn 10 Meitheamh

 

Orson Sterritt will provide some of the fun at the Cara House ‘Creating Characters’ event in Letterkenny focusing on promoting self-expression, play, confidence-building and inspiring imagination.
Photo: John Soffe

 

 

Beidh Cruinniú na nÓg, lá bliantúil cruthaitheachta saor in aisce do pháistí agus daoine óga, ar siúl Dé Sathairn 10 Meitheamh. Is smaointiú a d’eascair as Clár Éire Ildánach é Cruinniú na nÓg agus is iad Foireann Chultúir agus Chruthaitheachta Chomhairle Contae Dhún na nGall a reáchtálann é go háitiúil. Tá sé d’aidhm ag an lá deiseanna cruthaitheachta saor in aisce a sholáthar do pháistí agus daoine óga, chun rudaí a chruthú agus a dhéanamh. Beidh Dún na nGall ina láthair lán cruthaitheachta i mbliana, do pháistí agus do dhaoine óga idir 0-18, ag áiteanna éagsúla ar fud an chontae.

 

Ag caint di thar ceann na Foirne Cultúir agus Cruthaitheachta, dúirt Maureen Kerr, Bainisteoir Rannáin Chultúir agus Leabharlannaí Contae Gníomhach le Comhairle Contae Dhún na nGall:

 

‘Tá lúcháir orainn an 6ú Cruinniú na nÓg a thabhairt go Dún na nGall, atá lán le deiseanna spreagúla cruthaitheachta do pháistí agus do dhaoine óga. Tá an clár imeachtaí curtha le chéile i gcomhairle le páistí agus le daoine óga ó gach cearn den chontae agus ba mhaith linn ár mbuíochas ó chroí a ghabháil le baill Chomhairle na nÓg Dhún na nGall as a gcuidiú.’

 

‘Is gá áirithint a dhéanamh do chuid de na himeachtaí, agus tá am agat go fóill áit a chur in áirithe le haghaidh cuid mhór dár gceardlanna spreagúla saor in aisce, amhail an cheardlann scéalaíochta agus ealaíne i gCill Charthaigh, criadóireacht i mBun Dobhráin, an scríbhneoireacht chruthaitheach i gcarráiste traenach i mBaile Dhún na nGall, ceardlann cré phreabach i mBaile na Finne, ceardlanna drámaíochta ag an Bhalór, Bealach Féich, ceardlann ealaíne i Machaire Rabhartaigh, taiscéaladh cruthaitheachta farraige ag Teach Solais Fhánada, ceardlann i léiriú cruthaitheachta ag Teach na gCarad, Leitir Ceanainn, sorcas dátheangach agus spraoi le ceol i Magh agus i gCionn Mhálanna, ceardlanna fuála agus ealaíne i gCarn Domhnach, nó páirt a ghlacadh in ‘Aon Dráma Amháin in Aon Lá Amháin’ i mBun Cranncha.’   

 

‘Tá muid ag dréim go líonfar na háiteanna sna ceardlanna seo iontach gasta, mar sin de, gabh chuig www.wainfest.ie  agus cuir áit in áirithe do do pháiste inniu. Molann muid do theaghlaigh na deiseanna iontacha seo a thapú agus gan iad a chailliúint.’

 

Beidh neart deiseanna ann fosta bualadh isteach chuig roinnt imeachtaí agus páirt a ghlacadh iontu gan aon réamh-áirithint. I measc na n-imeachtaí nach gá clárú dóibh roimh ré tá preabsheó ‘Amharclann an Bhosca Smailce’ de chuid Chompántas Óg an Ghrianáin sa bhialann le linn sosanna idir 1pm agus 4pm. Beidh Guthanna Domhanda, faoi Sheirbhís Óige Dhún na nGall, ag cur dráma ar siúl sa Loft, Leitir Ceanainn ar 2pm. Beidh Bailte Slachtmhara Bhun an Phobail ag reáchtáil Ceardaíocht Choillearnaí ar an Fhaiche i mBun an Phobail idir 2pm agus 4pm. Gabh thart fríd Ionad Oidhreachta Iarnróid Dhún na nGall i mBaile Dhún na nGall, saor in aisce, idir 10am agus 4pm ar an lá. Cuir clabhsúr le do Chruinniú na nÓg an oíche sin le Ceol Beo ó Adore, Polxroid agus Arn i gceolchoirm saor in aisce do gach aoisghrúpa san Ionad Cultúrtha Réigiúnach ó 7pm.

    

Beidh gach eolas faoi na himeachtaí a bheas ar siúl i nDún na nGall, sonraí áirithinte san áireamh, ar fáil ón 1 Meitheamh ar www.wainfest.ie. Is gá áit a chur in áirithe roimh ré don chuid is mó de na himeachtaí seo agus tá teorainn leis an líon áiteanna. Is féidir imeachtaí agus tograí náisiúnta a fheiceáil ar cruinniu.creativeireland.gov.ie/.

 

Tá Cruinniú na nÓg ina thionscnamh de chuid Chlár Éire Ildánach ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, agus tá sé á chur i láthair i gcomhpháirtíocht le RTÉ agus leis na hÚdaráis Áitiúla.