Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas-Ráitis 2023 > Bealtaine 2023

30-05-2023 – Imeachtaí chun Múirín saor in aisce a fháil ó Chomhairle Contae Dhún na nGall

Is é atá sa tSeachtain Athchúrsála Dramhbhia, a bheas ar siúl ón 5 go dtí an 11 Meitheamh 2023, ná an feachtas náisiúnta ag MyWaste.ie chun daoine a spreagadh lena gcuid dramhbhia a athchúrsáil. Cuirfidh an feachtas seo comhairle phraiticiúil ar fáil, le nodanna agus leideanna chun gach duine a spreagadh le níos mó dá gcuid dramhbhia a athchúrsáil.

 

Mar chuid den tseachtain seo tá socraithe ag Comhairle Contae Dhún na nGall, i gcomhpháirtíocht le Bryson Recycling agus Envirogrind Ltd, roinnt imeachtaí a reáchtáil chun múirín a sholáthar saor in aisce ó na sé Ionad Athchúrsála de chuid na Comhairle. Déanann Envirogrind Ltd, atá lonnaithe i nDún na nGall, déanann siad múirín ó fhoinsí éagsúla, ar a n-áirítear dramhbhia agus dramhaíl ghairdín a bhailítear ó thithe. Is sampla foirfe é seo den Gheilleagar Ciorclach i bhfeidhm.

 

An tSeachtain Náisiúnta um Athchúrsáil Dramhbhia

5 – 11 Meitheamh

6 Meitheamh

Ionad Athchúrsála Leitir Ceanainn: 10am – 12pm

Ionad Athchúrsála an Chlocháin Léith:  2pm – 4pm

7 Meitheamh

Ionad Athchúrsála Charn Domhnach: 10am – 12pm

Ionad Athchúrsála Bhaile na nGallóglach; 2pm – 4pm

8 Meitheamh

Ionad Athchúrsála na Lathaí: 10.30am – 12.30pm

Ionad Athchúrsála Shrath an Urláir: 2pm – 4pm

 

 

Iarrtar ar shealbhóirí tí rud éigin a thabhairt leo leis an mhúirín scaoilte a thógáil, bíodh sé málaí nó gabhdáin. Beidh múirín ar fáil chomh fada agus a mhairfidh an stoc. Beidh oibrithe ar an láthair chun cuidiú agus comhairle a thabhairt maidir le hathchúrsáil dramhbhia agus beidh líon teoranta Pacáistí Tosaithe le haghaidh Athchúrsáil Dramhbhia ar fáil do shealbhóirí tí. Is é a bheas sna Pacáistí Tosaithe ná coimeádán dramhbhia, rolla málaí inmhúirínithe agus eolas faoi cén cineál dramhbhia a thig a athchúrsáil. I nDún na nGall bhí bailitheoirí dramhíola gnoitheach le roinnt blianta anuas ag tairiscint boscaí dramhbhia do shealbhóirí tí.   

 

Tá sé d’aidhm ag feachtas na bliana seo a chinntiú go dtuigeann daoine gur gá dramhbhia a scaradh go huile is go hiomlan ó gach pacáistiú amhail plaisteach nó gabhdáin eile le nach dtarlódh truailliú ag áiseanna díleá anaeróbach agus múirín, rud a chuideoidh le caighdeán níos airde athchúrsála.

 

Dúirt an tAire Charlie McConalogue, An tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara: “Tá teachtaireacht shimplí agam do gach duine le linn na Seachtaine Athchúrsála Dramhbhia i mbliana. Tá ról agus páirt le déanamh ag gach duine againn le dramhbhia a laghdú. Téann sé chun leasa na timpeallachta, cuidíonn sé linn ár gcuid spriocanna aeráide a bhaint amach, léiríonn sé dár bhfeirmeoirí, iascairí agus táirgeoirí bia go bhfuil meas againn ar a gcuid táirgí, agus dár ndóigh, thig leis cuidiú linn airgead a shábháil ar ár gcuid costaisí earraí grósaera.  Ag obair le chéile le comhghleacaithe sa rialtas, tá muid tiomanta dár gcuid spriocanna domhanda aeráide agus chun an timpeallacht áitiúil s’againn a chosaint. Tá neart eolais ar fáil faoin dóigh a dtig le gach teachlach agus líon tí a gcuid dramhbhia a laghdú ar MyWaste.ie agus molaim do gach duine tabhairt faoi chuid de na smaointe praiticiúla atá ar fáil ansin a chuideoidh leat go pháirt a dhéanamh.”

 

Dúirt Pauline McDonogh, Comhordaitheoir an Gheilleagair Chiorclaigh, Réigiún Dramhaíola an Deiscirt: ‘B’ionann dramhaíl orgánach a bailíodh i mboscaí bruscair donna agus 11% de gach dramhaíl tí a bainistíodh in 2020 (199,823 t). Tháinig méadú tonnáiste 25% ar an dramhaíl orgánach i gcomparáid leis an tonnáiste in 2019 (159,385 t). Ach, léirigh staidéir de chuid na Gníomhaireachta Caomhantais Comhshaoil roimhe seo go leanann daoine ag cur an chuid is mó de dhramhaíl orgánach tí (breis agus 60%) sna boscaí bruscair iarmharacha (dubh) nó boscaí athchúrsala, agus dá bharr sin nach ndéantar í a athchúrsáil.’  

 

Ón 1 Eanáir 2024, faoi reachtaíocht náisiúnta úr a thiocfaidh isteach níos moille i mbliana, beidh dualgas ar gach comhlacht bainistithe dramhaíola boscaí athchúrsála dramhbhia a sholáthar fá choinne ábhar inmhúirínithe, rud a chuirfidh feabhas mór ar bhainistiú an dramhbhia in Éirinn. Tá an feachtas seo dírithe ar leanúint de bheith ag cur oiliúint ar dhaoine faoi na rudaí is féidir leo a chur isteach sa bhosca athchúrsála dramhbhia. Díreofar aird ar a thábhachtaí agus atá sé dramhbhia a scaradh ó aon phacáistiú a thagann leis lena chinntiú go laghdófar an truailliú agus go mbainfear amach caighdeán níos airde athchúrsála. Téann sé seo chun sochair don timpeallacht in Éirinn mar gur próiseas druidte táirgiúlachta é agus go dtacaíonn sé lenár ngeilleagar ciorclach.’