Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas-Ráitis 2023 > Rabhaidh Drochaimsire

30-05-2023 – Fógra sínithe maidir le Baol Ard Tinte (Coinníoll Oráiste)

Fógra Baol Tinte Stádas Oráiste

 

Tá Fógra Baol Tinte, Stádas Oráiste, eisithe ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara do gach ceantar ina bhfuil breoslaí contúirteacha amhail aiteann, fraoch, féara triomaithe, agus fásra eile. Beidh an fógra i bhfeidhm go dtí 6pm ar an 6 Meitheamh 2023.

 

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag iarraidh ar úinéirí talún agus ar bhaill den phobal a bheith cúramach agus gach beart riachtanach a dhéanamh le tinte aitinn, loscadh sléibhe agus falscaithe a chosc.

 

Táthar ag tathant ar úinéirí talún agus ar bhaill den phobal a bheith airdeallach agus aon tine gan smacht nó gan bainistiú a thuairisciú láithreach bonn chuig an tseirbhís dóiteáin trí scairt ar 999112.  

 

Tá an Chomhairle ag iarraidh ar úinéirí talún agus ar bhaill den phobal fosta gan aon ghníomh a dhéanamh a d’fhéadfadh tinte aitinn nó falscaithe a thoiseacht.  

 

Moltar do shealbhóirí tí nó d’úinéir foirgnimh i gceantracha ina dtarlaíonn tinte aitinn agus falscaithe go furasta aon fhásra atá an-chóngarach don teach, don fhoirgneamh nó don umar ola a ghearradh siar le cosc a chur ar thinte aitinn nó ar fhalscaithe dochar a dhéanamh dá sealúchais. Ba chóir an limistéar glanta a choinneáil saor ó aon fhásra nó aon ábhar indóite.

 

Lena chois sin, ba mhaith le Comhairle Contae Dhún na nGall a chur i gcuimhne d’úinéirí talún agus do bhaill den phobal go bhfuil sé ina choir is ina chion, faoi na hAchtanna Fiadhúlra, 1976 agus 2000, aon fhásra atá ag fás ar aon talamh nach bhfuil aon saothrú déanta air, a ghearradh, a thochailt aníos, a dhó nó a scriosadh ar aon dóigh eile idir an 1 Márta agus an 31 Lúnasa in aon bhliain áirithe.

  

Meabhraítear fosta d’úinéirí talún, faoi na Rialacháin Bainistithe Dramhaíola 2023, go bhfuil cosc san am i láthair ar aon dramhaíl talmhaíochta a dhó.