Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > 10k ar ceal

05/05/20 10k an Iarthuaiscirt ar ceal don chéad uair in 24 bliain

NW 10k

Rannpháirtithe ag rith in 10k an Iarthuaiscirt anuraidh.

 

Don chéad uair le 24 bliain níor reáchtáladh 10k an Iarthuaiscirt ag an deireadh seachtaine.  Reáchtáladh an chéad rás in 1997 agus ón am sin tá breis agus €800,000 tiomsaithe ag an Rith agus Siúlóid Charthanachta le haghaidh 35 carthanas.  

 

Ag caint dó ag an deireadh seachtaine, dúirt Neil Martin, Cathaoirleach ar 10k an Iarthuaiscirt, gur am iontach aisteach atá ann agus cé gur lá deacair é don choiste, do na carthanais agus do na céadta reathaithe agus siúlóirí, is tábhachtaí i bhfad go bhfanóimis slán sábháilte.  Dúirt an tUas. Martin fosta go bhfuil súil aige go bhfuil paindéim Covid-19 ag teacht faoi smacht de réir a chéile, agus má leanann muid ag cloí le treoracha an Rialtais agus an FSS go mbeidh an saol ar ais ina cheart le himeacht ama.  

 

 “Tá sé aisteach nach bhfuil aon 10k ar siúl san iarthuaisceart anseo ar maidin. Ag an am seo den lá, bheimis ag cur suas bacainní, ag cur cónanna ar na bóithre agus ag glacadh leis na clárúcháin dheireanacha don rith agus don tsiúlóid.  Ba iad an No Barriers Foundation agus An Grúpa Tacaíochta Tuismitheoirí maidir le Diaibéiteas i nDún nan Gall an dá charthanas a bhí againn i mbliana agus tá sé doiligh dóibhsean i ndiaidh dóibh a bheith roghnaithe agus roinnt réamhobair a bheith déanta acu, agus ansin go raibh orainn an 10k a chur ar ceal de bharr ghéarchéim Covid-19.  Tá dáta úr socraithe againn do 10k an Iarthuaiscirt ar an 6 Meán Fómhair, ach tá sé sin ag brath go fóill ar chead an Rialtais níos moille sa samhradh.  Arís, thabharfainn buíochas dár gcúig urraí as a dtacaíocht luachmhar dúinne mar choiste.  Idir an dá linn, mholfainn go láidir do gach duine fanacht sábháilte agus cloí le treoracha an FSS agus an Rialtais agus ansin tá súil againn go mbeidh muid in ann pilleadh ar an ghnáthshaol mar a thuigeann muid é” a dúirt  an tUas. Martin.

 

Is iad an dá charthanas a roghnaíodh i mbliana ná No Barriers Foundation agus an Grúpa Tacaíochta Tuismitheoirí maidir le Diaibéiteas i nDún na nGall.

 

Is iad na cúig urraí i mbliana ná Donegal Daily, Óstán an Mount Errigal, an Value Centre, Pictiúrlann Century agus Idirspóirt Brian McCormick.

 

Ag brath ar chead an Rialtais, tá dáta úr socraithe le haghaidh 10k an Iarthuaiscirt don Domhnach 6 Meán Fómhair.   

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO