19/11/2020 – Tá orainn Stad a chur le Leathnú Covid 19 – Caithfidh muid gníomhú anois
Grúpa Idir-Áisíneachta an Iarthuaiscirt um Bainistiú Mór-Éigeandálacha: Achainí phráinneach ó An Garda Síochána, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus Comhairle Contae Dhún na nGall, le beatha daoine agus an pobal a shábháil.
Tá orainn Stad a chur le Leathnú Covid 19 – Caithfidh muid gníomhú anois.
Mar is eol dúinn uilig tá an ráta Covid 19 i nDún na nGall ró-ard agus caithfear é a laghdú.
Is gá go dtarlóidh seo chun srianta an Rialtais a mhaolú ó Leibhéal 5 agus le beatha daoine agus na pobail a chosaint. Tá a fhios againn go bhfuil muintir Dhún na nGall in inmhe an t-athrú seo a dhéanamh, ach muid uilig a bheith ag comhoibriú lena chéile. Tá sé doiligh ach caithfidh muid leanúint orainn a bheith ar a airdeall, ár bpáirt a dhéanamh agus comhoibriú lenár dteaghlaigh agus lenár bpobail chun leathnú Covid 19 a chosc.
Le 14 lá anuas, go dtí an 17 Samhain, bhí:
Tá seirbhísí otharlainne agus pobail an FSS, Comhairle Contae Dhún na nGall, agus An Garda Síochána uilig ag obair le chéile trí struchtúir bainistithe éigeandála le freagairt an phobail do ghéarchéim Covid-19 a chomhordú. Tá siad ag déanamh achainí phráinneach ar an phobal ar fad i nDún na nGall inniu stad a chur le leathnú COVID-19.
Mhínigh anDr Aidan Ryan, Speisialtóir Sláinte Poiblí san Iarthuaisceart an fáth ar cosúil go bhfuil na huimhreacha níos airde ná go leor contaetha eile. Tá fachtóirí éagsúla ina gcúis leis seo, ina measc an taisteal trasteorann agus daoine ag bailiú le chéile le haghaidh ócáidí sóisialta ar tithe faire agus sochraidí nó le daoine taobh amuigh dá dteaghlach nó dá mbolgán sóisialta. Má tá daoine ag déanamh taisteal riachtanach (oideachas nó obair) chuig an Tuaisceart, déan na rudaí bunúsacha, coinnigh scartha ó dhaoine eile, cuir masc ort, nigh do lámha agus clúdaigh do bhéal agus do shrón agus tú ag casacht nó ag sraothartach. Is eol dúinn go n-éiríonn leis na bearta seo”.
Agus é ag tagairt don bhriseadh amach de Covid 19 san otharlann, dúirt Sean Murphy, Bainisteoir Otharlainne ag Otharlann Ollscoile Leitir Ceanainn “De réir mar a thagann méadú ar an líon cásanna sa phobal, tagann brú breise ar oibrithe sláinte agus ar sheirbhísí líne thosaigh. Le roinnt seachtainí anuas, chonaic muid méadú ar líon na n-othar a bhfuil Covid 19 deimhnithe orthu san otharlann. Tá muid ag iarraidh ar dhaoine comhairle sláinte poiblí an FSS a leanúint agus cuidiú linn seirbhísí riachtnacha sláinte a choinneáil do mhuintir Chontae Dhún na nGall”.
Dúirt Terry McGinn, Ard-Cheannfort na nGardaí i nDún na nGall, agus Cathaoirleach ar Ghrúpa Idir-Áisíneachta an Iarthuaiscirt um Bainistiú Éigeándálacha: "Tá an Garda Síochána i nDún na nGall ag achainí ar an phobal, sna seachtainí amach romhainn, fanacht sa bhaile mura bhfuil géarghá amach is amach lena dturas. Tá méid mór tráchta ar fud an chontae go fóill, agus tá cruinnithe daoine ag cur le líon na gcásanna. Tá muid ag iarraidh ar an phobal an víreas a bhrú síos trí smaoineamh go cúramach roimh dhul amach ag tiomáint ar chúiseanna neamhriachtanacha.
"Chuige sin, tá An Garda Síochána i ndiaidh méadú a chur le líon na seicphointí faoi Oibríocht Fanacht ar fud ghréasán ollmhór bóithre Chontae Dhún na nGall. Tá sé seo á dhéanamh againn chun tacú leis na bearta sláinte poiblí atá ann le beatha daoine a shábháil agus lenár bpobail a chosaint. Leanann patróil ardfheiceálacha i measc an phobail agus leanfaidh na Gardaí orthu ag plé leis na daoine is leochailí sa tsochaí chun na tacú leo ar gach dóigh riachtanach”.
Dúirt Príomh-Fheidhmeannach Chomhairle Contae Dhún na nGall, An tUas. John McLaughlin: “Is am iontach crua é seo d’achan duine, caithfidh muid an víreas seo a fháil faoi smacht. Má tá aon chuidiú de dhíth ar aon duine, d’iarrfainn orthu scairt a chur ar Líne Chabhrach an Phobail do Covid 19. Is féidir linn teacht slán fríd an ghalar seo le chéile, má dhéanann gach duine againn ár bpáirt féin chun cloí leis na treoracha.”