Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Aimsir an-chorrach romhainn

29/10/20 Tréimhse d'aimsir an-chorrach i ndán do Chontae Dhún na nGall

Tá tréimhse aimsire an-chorrach i ndán do Chontae Dhún na nGall ag deireadh seachtaine Oíche Shamhna cionas go mbeidh sraith de chórais aimsire bríomhara an Atlantaigh ag cuimilt chósta na hÉireann.

 

Tá foláireamh báistí a bhfuil stádas buí aige, eisithe ag Met Éireann  do Chontae Dhún na nGall ó 00.1am Déardaoin, 29 Deireadh Fómhair go dtí 06.00pm, Dé hAoine, 30 Deireadh Fómhair.  

 

Is féidir go mbeidh titim fearthainne idir 30mm agus 60mm mar thoradh air seo agus táthar ag súil le níos mó ar thailte níos airde.  

 

Lena chois sin, tá foláireamh gaoithe a bhfuil stádas buí aige, i bhfeidhm fosta ó 01.00am go dtí 15.00 Dé Sathairn, 31 Deireadh Fómhair le haghaidh gaotha láidre ó dheas, a chasfaidh siar de réir a chéile. 

 

 Tá roinnt gustaí gaoithe láidre a d’fhéadfadh an-dochar a dhéanamh tuartha don tréimhse seo. 

 

Cionn as go bhfuil an talamh ar maos in uisce cheana féin agus mar gheall ar an bhaisteach throm atá tuartha, tá gach seans go mbeidh tuilte ar thailte agus sna haibhneacha áitiúla araon.

 

Is féidir nach mbeidh na díoga agus na silteáin in ann glacadh le tréine na dtuilte, mar sin, iarrtar ar úinéirí / áitritheoirí réadmhaoine iad seo a sheiceáil agus a choinneáil in ord cuí. 

 

Táthar ag súil le gaoth ard oíche Dé hAoine a leanfaidh ar aghaidh go dtí tráthnóna Dé Sathairn, agus arís eile, iarrtar ar úinéirí / áitritheoirí réadmhaoine a chinntiú go bhfuil troscán gairdín agus earraí súgartha taobh amuigh, ar nós cuaillí báire, trampailín srl curtha ar shiúil go sábháilte ionas nach sciobfaidh an ghaoth iad agus beatha úsáideoirí bóthair agus baill an phobail a chur i mbaol.

 

Iarrtar ar thiománaithe a bheith cúramach agus iad ag tiomáint le linn na báistí troma agus a bheith san airdeall ar an bhaol go d’fhéadfadh bualadh le tuilte ó áit go háit ar na bóithre.

 

Mar eolas do dhaoine a shiúlann cois trá nó cois cósta; bí ar an airdeall go mbeidh tonnta an-ard fíochmhara ann le linn na tréimhse seo agus fanacht ar an airdeall agus aird a thabhairt ar chomhairle an Gharda Cósta, is í sin: ‘coinnigh siar, coinnigh ard agus coinnigh tirim’.

 

Tá monatóireacht leanúnach á dhéanamh ag Foireann Measúnaithe Drochaimsire Chomhairle Contae Dhún na nGall ar staid na haimsire agus cuirfidh siad breis eolais ar fáil má théann cúrsaí in olcas.

 

Is féidir teagmháil a dhéanamh le Comhairle Contae Dhún na nGall le linn gnáthuaireanta oifige ar an uimhir theil:  074 91 53900 nó i gcásanna éigeandála taobh amuigh de na gnáthuaireanta oifige, is féidir teagmháil a dhéanamh le Seirbhís Bóthair na Comhairle ar uimhir theil:  074 91 72288.

 

Maidir le cásanna éigeandála a bhfuil tacaíocht na Seirbhíse Dóiteáin de dhíth, cuir scairt ar an uimhir theil:  999 nó 112.  

 

Is féidir leat eolas nuashonraithe suas chun dáta a fháil ar do ghuthán trí chlárú ag

www.mapalerter.com/donegal sin nó Comhairle Contae Dhún na nGall a leanúint ar Facebook nó ar Twitter @DonegalCouncil

 

 

DEIREADH

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO