Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Bithéagsúlacht sa Ghairdín

12/05/20 Cruthaigh Tearmann i do ghairdín le haghaidh fiadhúlra

Biodiv booklet

Bumbóga carda coiteanna ar chnapán dubh.

 

Agus Lá Idirnáisiúnta na Bithéagsúlachta ag druidim linn Dé hAoine 22 Bealtaine tá  leabhrán úr  seolta ina bhfuil comhairle faoin dóigh chun cuidiú leis an fhiadhúlra i do ghairdín.   Smaoineamh de chuid an mhíoleolaí agus údar Juanite Browne, is iad na hOifigigh Oidhreachta Údarás Áitiúil ar fud na hÉireann a d’fhoilsigh an leabhrán le cuidiú ón tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra agus An Chomhairle Oidhreachta.   Tá cóipeanna den leabhrán ar fáil ó Oifig Oidhreachta Chontae Dhún na nGall, Comhairle Contae Dhún na nGall ar (074) 917 2576 nó trí ríomhphost ag [email protected]

 

Tá cur chuige iontach praiticiúil sa leabhrán 40 leathanaigh seo, Garraíodóireacht ar son na Bithéagsúlachta. Tá eolas ann faoi dhóigheanna chun cuidiú le gach cineál fiadhúlra faoi réimse ceannteideal, agus tascanna atá ag fóirstean do gach duine ón ghlantosaitheoir go dtí an díograiseoir.  Agus treoracha soiléire ann, agus líníochtaí céim ar chéim déanta ag an mhaisitheoir Barry Reynolds, tá neart roghanna do dhaoine sa leabhrán chun cuidiú leis an bhithéagsúlacht.   “Tá flúirse fiadhúlra le fáil sa ghairdín, agus a dtig linn tacú leis,” a dúirt Joseph Gallagher, Oifigeach Oidhreachta.  “Tá daoine ag cur níos mó suime in éanacha, bumbóga agus feithidí ar thairseach an tí agus, le roinnt seachtainí anuas, tá daoine i ndiaidh an deis a thapú féachaint thart ar an fhiadhúlra sa ghairdín nó i spásanna poiblí in aice láimhe.   Tríd an chomhairle le léaráidí sa leabhrán seo, atá saor in aisce, cuirtear roinnt smaointe simplí os comhair an léitheora a thugann tuiscint níos fearr ar an bhithéagsúlacht thart orainn agus a chuidíonn leat tearmann don fhiadhúlra a dhéanamh de do ghairdín.” Is féidir leabhar gaolmhar dathúcháin do pháistí, lán de léaráidí áille d’fhiadhúlra gairdín le Barry Reynolds, a íoslódáil ar líne ó www.donegalcoco.ie/heritage

 

Agus méadú ar an diansaothrú talmhaíochta i rith an ama, is tearmann ag an fhiadhúlra é an gairdín in go leor ceantracha, agus is féidir linn na tearmainn sin a fheabhsú trí athruithe beaga a dhéanamh.  Leagann an treoirleabhrán amach na gníomhaíochtaí is féidir a dhéanamh leis an ghairdín a fheabhsú le haghaidh éanacha, bumbóga, feileacáin, sciatháin leathair agus go leor eile, agus is é an dea-scéal é gur féidir cuid mhór de na céimeanna seo a chur i bhfeidhm go hiontach furasta.  Níl le déanamh go minic ar son an fhiadhúlra ach coirneál ‘míshlachtmhar’ a fhágáil i do ghairdín le haghaidh an nádúir, ag fágáil gruaimhíní an bhealaigh mhóir le fás go nádúrtha nó ag ligint do chuid de na plandaí sin atá go hiontach don bhithéagsúlacht - an caisearbhán, an tsaileach, na driseoga, seamair agus eidhneán - spás a bheith acu i do ghairdín.

 

Biodiv Bird

Siscín ar bheathadán éan.

 

“Tá súil agam go mbeidh an treoirleabhrán simplí seo, i dtaca leis an bhithéagsúlacht sa gharraíodóireacht, ina chuidiú dúinn uilig chun gairdíní atá níos báúla don fhiadhúlra a chruthú” a dúirt Juanita Browne, údar an treoirleabhráin.   “Ní hionann an bhithéagsúlacht sa gharraíodóireacht agus ligint do do ghairdín dul chun fiantáis. Níl ann ach go ndéanann tú rudaí ar dhóigh giota beag difriúil.  Mar shampla, agus tú ag roghnú plandaí le ceannach i siopa garraíodóireachta, b’fhéidir go dtiocfadh leat plandaí a roghnú a bhfuil feithidí ar a gcuid bláthanna.  Nó thiocfadh leat stráice le haghaidh bláthanna fiáine a chruthú thart ar imeall an fhéir, áit a ligfí do chaisearbháin, nóiníní, seamair agus bláthanna fiáine eile fás ann.  Is féidir buntáistí móra don bhithéagsúlacht a eascairt as na hathruithe beaga seo.

 

Dóibh siúd atá sásta dul níos faide, tá comhairle céim ar chéim sa leabhrán ar an dóigh le folcadán éan a thógáil, carn adhmaid a chruthú do ghráinneoga agus do mhionbheithigh, agus lochán nó gairdín portaigh a chur isteach.  Tá thart fá dhá mhilliún gairdín sa tír seo, agus dá ndéanfadh fiú cuid de na daoine sin de réir an leabhráin seo dhéanfadh sé difear mór don fhiadhúlra dúchasach s’againn.   Ach ní hamháin go mbeadh sé chun leasa na bithéagsúlachta. Tá tuilleadh fianaise ag teacht chun tosaigh a deir go bhfuil an t-am a chaitheann muid i measc an dúlra iontach maith dár sláinte intinne agus colainne.  Agus níos mó againn ag caitheamh níos mó ama thart fán teach agus fán bhaile, tá an teagmháil seo leis an dúlra ag éirí níos tábhachtaí.  Le linn athbhreithniú de chuid na Eagraíochta Domhanda Sláinte in 2016, fuarthas amach go dtig le spásanna glasa, ar nós páirceanna, clóis súgartha agus gairdíní, a bheith maith don tsláinte intinne agus colainne agus na rátaí galrachta agus báis i measc an phobail uirbigh a laghdú trí shuaimhneas intinne agus laghdú struis a sholáthar, comhluadar le daoine eile a spreagadh, tacú le haclaíocht fhisiciúil, agus an truailliú aeir, truailliú tormáin agus barraíocht teasa a laghdú.

 

Tá Garraíodóireacht don Bhithéagsúlacht maoinithe ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta mar chuid de chur i bhfeidhm Phlean Gníomhaíochta Náisiúnta na Bithéagsúlachta.   Má tá cóip saor in aisce den leabhrán ‘Garraíodóireacht don Bhithéagsúlta (Béarla amháin)’ de dhíth ort, déan teagmháil le hOifig Oidhreachta Chontae Dhún na nGall ar (074) 917 2576 nó trí ríomhphost ar [email protected].  Tá an leabhrán ar an Gharraíodóireacht don Bhithéagsúlacht ar fáil le híoslódáil saor in aisce (Béarla amháin faoi láthair) ar shuíomh idirlín Oifig Oidhreachta Chontae Dhún na nGall ar www.donegalcoco.ie/heritage chomh maith leis an  Leabhar Dathúcháin Bithéagsúlachta do pháistí.

 


 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO