Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Bonn Airgid ag Bun Dobhráin

Bonn Airgid buaite ag Bun Dobhráin i gcomórtas idirnáisiúnta timpeallachta

Bundoran

Ionadaithe ó Chomhairle Contae Dhún na nGall, Uisce Éireann, Cóstaí Glana, Féach Bun Dobhráin agus Coiste Bailte Slachtmhara Bhun Dobhráin, i gcomhar le cuid de na gnólachtaí áitiúla a thug tacaíocht don togra - grianghraf le Brian O’Droma (glactha in 2019)

 

Tá an dara háit buaite ag Bun Dobhráin as an tsár-obair atá déanta acu leis an fheachtas ‘Smaoinigh roimh Shruthlú’ a chur chun cinn sa phobal.  Leanann sé seo ón bhua a bhí acu roimh an Nollaig do ‘Phobal na Bliana i dtaca le Smaoinigh roimh Shruthlú’ i nGradaim Laochra na Farraige.   Is é atá i Smaoinigh roimh Shruthlú feachtas feasachta poiblí don timpeallacht atá á reáchtáil ag Cóstaí Glana i gcompháirt le hUisce Éireann.  Má dhéantar dramhaíl ar nós ceirtíní taise a shruthlú trí bhotún, thig leo dochar a dhéanamh sa gréasán fuíolluisce, chomh maith le dul isteach inár gcuid uiscebhealaí agus go minic teacht amach ar an trá mar bhruscar farraige.  Ní iarrann an feachtas seo ort a dhéanamh ach Smaointiú roimh Shruthlú, agus gan ach na 3P a shruthlú. Is sa bhosca bruscair a théann gach dramhaíl eile ón seomra folctha.

 

Bhí dianchomórtas roimh Bhun Dobhráin ó na tíortha cósta ar fad sa Leathsféar Thuaidh a bhfuil tránna brat gorm acu. Rinneadh na tíortha a mheas i gcoinne a chéile maidir lena ndea-chleachtais faoi théama an truaillithe. Bhí orthu cuntas a thabhairt faoi na réitigh dhearfacha agus na bearta dearfacha a chuir siad i bhfeidhm. Chuir Brat Gorm na hÉireann moladh isteach ag cur síos ar an tsár-obair atá déanta i mBun Dobhráin mar bhaile Smaoinigh roimh Shruthlú.

 

D’oibrigh an tOifigeach Cóstaí Glana do Dhún na nGall agus Liatroim Becky-Finn Britton go dlúth le Shane Smyth ó Féach Bun Dobhráin chun na bearta trínar baineadh an gradam a chur i bhfeidhm.  Cuireadh an feachtas chun tosaigh i mbróisiúr de chuid Féach Bun Dobhráin, foilseachán a bhfuil an-ráchairt air sa mhór-ionad turasóireachta seo in iarthuaisceart na tíre.  I gcomhar leis an Choiste Bailte Slachtmhara go háitiúil, cuireadh ar taispeáint breis agus 2,000 cárta pubaill ar a raibh an mana Smaoinigh roimh Shruthlú in óstáin, tithe lóistín oíche, siopaí, caiféanna, agus scoileanna surfála ar fud an bhaile. Lena chois sin, chuir an comhlacht áitiúil ‘The Natural Company’ an feachtas chun cinn trí chártaí poist an Dirty Dozen a chur le gach táirge dá gcuid sa siopa féin agus ina gcuid lastas.  Iarracht mhór phobail a bhí ann. Tá Bun Dobhráin páirteach arís san fheachtas Smaoinigh roimh Shruthlú don bhliain 2019/2020.

 

Chuir an toradh lúchair ar Shane Smyth ó Féach Bun Dobhráin.  “Tá ríméad an tsaoil orainn leis an aitheantas seo ó na moltóirí idirnáisiúnta Brat Gorm, mar thoradh ar an obair a rinne muid le bliain anuas. D’eascair an bua seo as na hiarrachtaí comhoibritheacha ar fad idir na gnólachtaí áitiúla, na cónaitheoirí agus na cuairteoirí i mBun Dobhráin, agus iad uilig ag éisteacht leis an chomhairle chun smaointiú roimh shruthlú.  Bhí an-ráchairt ar an togra, a fuair tacaíocht ó Uisce Éireann agus ó Chomhairle Contae Dhún na nGall. I measc gach rud atá ag tarlú san am i láthair, is dea-scéala a bhfuil géarghá leis é seo don bhaile” 

 

Dúirt Ian Diamond, Bainisteoir Gradam Cósta le hAonad Oideachais Chomhshaoil an Taisce: “Ar an 21 Aibreán, reáchtáladh cruinniú idirnáisiúnta na moltóirí Brat Gorm 2020 ar líne chun measúnacht a dhéanamh ar 4,500 trá, muiríne, agus bád turasóireachta sa Leathsféar Thuaidh a chuir isteach ar an Bhrat Ghorm do shéasúr 2020, agus chun gradaim a bhronnadh.  Is le linn chruinniú an Aibreáin a roghnaíodh na buaiteoirí don chomórtas úr maidir le Dea-Chleachtas Brat Gorm.   Bunaíodh an comórtas chun aird a tharraingt ar na cleachtais is fearr i dtaca le cosaint na timpeallachta atá á gcur i bhfeidhm ag rannpháirtithe Brat Gorm ar fud an domhain. An truailliú a bhí mar théama ag an chéad chomórtas in 2020, agus bhí ar na moltóirí idirnáisiúnta rogha a dhéanamh idir cuid mhór samplaí de dhea-chleachtais a cuireadh faoina mbráid.  Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le gach duine i mBun Dobhráin as a gcuid iarrachtaí spreagúla i dtaca le truailliú a chosc agus déanaim comhghairdeas leo as an dara háit a bhaint sa chomórtas”

 

Comhghairdeas le Bun Dobhráin as a gcuid oibre.  Fógrófar buaiteoir na catagóire ar an 3 Meitheamh sula nochtfar na tránna brat gorm ar fad don Leathsféar Thuaidh ar an 10 Meitheamh.

 

Le tuilleadh eolais a fháil faoin fheachtas Smaoinigh roimh Shruthlú tabhair cuairt ar shuíomh idirlín an fheachtais ar http://thinkbeforeyouflush.org/

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO