Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Brait Ghorma

11/06/20 An líon is mó Brat Gorm sa tír faighte ag Dún na nGall

Marble Hill

Cnoc an Mharmair, ceann de na Tránna Brat Gorm i nDún na nGall 

 

Fáiltíonn Comhairle Contae Dhún na nGall roimh an fhógra a rinne An Taisce an tseachtain seo go bhfuil 12 thrá agus 2 mhuiríne ag fáil Brat Gorm i mbliana.   Mar thoradh air sin, is é Dún na nGall an contae a mbeidh an líon is mó brat gorm acu don bhliain 2020.   Anuas air sin, bronnfar an gradam Cósta Glas ar 4 thrá eile chomh maith.     

 

Tá sé mar aidhm ag na gradaim seo feasacht ar an chomhshaol a ardú agus tránna, muiríní agus uiscí snámha intíre ar fud an domhain a bhainistiú go siosmaideach ó thaobh na timpeallachta de. 

 

Dúirt An Cllr. Nicholas Mac an Chrosáin, Cathaoirleach ar Chomhairle Contae Dhún na nGall: ‘Tá lúcháir orainn leis an scéala seo ó An Taisce.  Tagann na céadta míle cuairteoir chuig tránna agus áiseanna cósta i nDún na nGall gach bliain.   De réir mar a osclaíonn muid an tsochaí agus cúrsaí gnó arís, tá muid ag dúil le fáilte a chur roimh chuairteoirí ar mian leo sult a bhaint as a bhfuil le tairiscint i nDún na nGall.’

 

Agus é ag cur fáilte roimh an scéala, dúirt Séamus Mac Conghaola, Príomh-Fheidhmeannach le Comhairle Contae Dhún na nGall: ‘Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt don obair a rinne pobail áitiúla agus baill foirne de chuid na Comhairle lena chinntiú gur baineadh amach na gradaim seo i nDún na nGall.   Tá an t-aitheantas idirnáisiúnta a ghabhann leis an Bhrat Ghorm an-tábhachtach don Chontae ó thaobh an dea-thionchar a bhíonn ag na tránna seo ar gheilleagar an Chontae.’

 

Is iad na tránna i nDún na nGall a fuair Bratacha Gorma ná –


Bun Dobhráin, Ros Neamhlach, Muirbheach, Fionntrá, Port Nua/An Fhearthainn, An Charraig Fhinn, Trá na Cille, Cnoc an Mharmair, Na Dúnaibh, Port an tSalainn, Cúil Dabhcha,  agus An tSrúibh.  Anuas air sin, bronnadh brat gorm ar dhá mhuiríne – An Caisleán Nua agus Ráth Maoláin.

 

Bronnadh gradaim Chósta Glas do 2020 ar na tránna seo a leanas:  An Dumhaigh, Machaire Rabhartaigh, Droim na Tine agus Baile Thiarnáin.

 

Iarrann Comhairle Contae Dhún na nGall ar an phobal sult agus taitneamh a bhaint as na tránna a bhuaigh duaiseanna i mbliana.   Sin ráite, iarrann an Chomhairle ar an phobal cloí leis na treoracha a bhaineann le COVID-19  - spás fisiciúil a choinneáil idir iad féin agus daoine eile, a lámha a ní go rialta agus a bheith múinte ag casachtach.     Cosúil le blianta eile, iarrtar ar an phobal gan aon rian a fhágáil ar ár dtránna, seachas rian coise agus a fháil réidh le dramhaíl agus bruscar mar ba chóir.    Chuir srianta COVID-19 moill ar fhostú na ngardaí tarrthála do shéasúr an tsamhraidh agus tá sé beartaithe ag Comhairle Contae Dhún na nGall tús a chur leis na ceapacháin gan mhoill. 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO