Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Bróisiúr Bhun Dobhráin

Bróisiúr agus Léarscáil do Chuairteoirí go Bun Dobhráin

Bundoran Brochure Launch

Barney McLaughlin Comhairle Contae Dhún na nGall, Mark Crawford, Branch Bainisteoir AIB Bhéal Átha Seanaidh, An Clr. Michael McMahon, Mary Daly, Comhairle Contae Dhún na nGall, Shane Smyth, Oifigeach Turasóireachta Bhun Dobhráin agus an Clr. Micheal Naughton – Grianghraf le Conor Conlon

 

Seoladh an treoirleabhrán úr cuairteoirí don bhaile clúiteach cois farraige Bun Dobhráin ag ócáid, urraithe ag AIB, oíche Dé Máirt 14 Eanáir in Ionad Pobail Bhun Dobhráin.

 

Tá 48 leathanachsa bhróisiúr ina bhfuil neart eolais do chuairteoirí agus do mhuintir na háite araon i dtaca le háiseanna agus rudaí le déanamh sa bhaile agus sa cheantar máguaird. Rinneadh an leabhrán níos comhaimseartha agus níos nua-aimseartha seo a dhearadh go hinmheánach ag Discover Bundoran.

 

Agus é ag caint ag an ócáid seolta dúirt Shane Smyth, a rinne eagarthóireacht ar an leabhrán: “tá lúcháir orainn leis an leabhrán nua seo. Tá dearadh úrnua air a thugann léiriú ar an bhaile agus gach a bhfuil ar fáil ann. Tá muid sásta fosta gur ó úsáideoirí meáin shóisialta a thug cuairt orainn le bliain anuas a tháinig cuid mhór de na grianghraif, agus tá muid buíoch dóibh as cead a thabhairt dúinn a gcuid íomhánna a úsáid chun an t-eispéireas a bhí acu le linn a gcuairte a chur ar taispeáint.  Ba mhaith liom buíochas ar leith a ghabháil le Mark Mulholland a dhear an bróisiúr agus do gach gnólacht áitiúil a thug tacaíocht airgid don togra.”

 

Seoladh an bróisiúr i gcomhpháirt le léarscáil úr réigiúnach a bheas ar fáil san Oifig Turasóireachta agus i ngnólachtaí ar fud an bhaile.  Tá léarscáil den bhaile ar thaobh amháin agus léarscáil réigiúnach ar thaobh eile ina bhfuil béim ar na háiseanna agus na rudaí atá le déanamh sa cheantar. Beidh na léarscáileanna seo ar fáil saor in aisce do chuairteoirí ar an bhaile. Deir Shane arís: “Creidim go láidir nach bhfuil aon ambasadóirí níos fearr ann don bhaile s’againne ná ár muintir féin bíodh siad ag obair san oifig turasóireachta, i mbialann nó i siopa áitiúil. Má bhíonn níos mó eolais acu siúd faoi na rudaí atá ar fáil sa bhaile, is amhlaidh go mbíonn siad in ann níos mó cuidithe a thabhairt dár gcuid cuairteoirí i rith na bliana.” 

 

Tá an leabhrán imeachtaí don bhliain 2020 lán go béal cheana féin agus tchífear arís na féilte “An tSeachtain Mhór Cois Trá” (Lúnasa) agus “Bia Bhun Dobhráin” (Meán Fómhair) a bhí ar siúl don chéad uair anuraidh. Beidh Rith Chara Bhun Dobhráin ar an fhóg deich mbliana i mí an Mhárta, agus beidh neart siamsaíochta den chéad scoth ar siúl le linn Seisiúin na Mara i mí Mheithimh, le Sigrid, Gavin James agus Inhaler ann.

 

Mark Crawford Brendan Smyth

Bainisteoir AIB Bhéal Átha Seanaidh Mark Crawford (Urraitheoir na hÓcáide) i gcomhar leis an Oifigeach Turasóireachta Shane Smyth – Grianghraf le Conor Conlon.

 

Dúirt Mark Crawford, bainisteoir bráinse, AIB Bhéal Átha Seanaidh agus urraitheoir na hócáide: “tá muid ag tacú arís le seoladh an bhróisiúir agus an eolaire gnó atá laistigh ann mar go bhfeiceann muid an luach mór a thugann Discover Bundoran don phobal gnó sa bhaile trí é a chur chun cinn mar an tIonad Saoire is fearr Cois Farraige sa tír, agus tá lúcháir orainn a bheith bainte leis sin. Guímid gach rath ar achan duine sa séasúr amach romhainn.”

 

Dúirt John O’Connell, Cathaoirleach ar Discover Bundoran fosta: “Tá gach cosúlacht ann go mbeidh bliain ghnoitheach eile romhainn anseo sa bhaile le cuid mhór imeachtaí agus neart eile le socrú go fóill. Mholfainn do chuairteoirí chan amháin spléachadh a thabhairt ar an bhróisiúr úr ach cliceáil ar ár suíomh idirlín www.discoverbundoran.com fosta agus ar na leathanaigh meáin shóisialta atá againn lena chinntiú go bhfuil an t-eolas is déanaí acu.

 

Beidh an bróisiúr ar fáil ar líne ar www.discoverbundoran.com agus in oifigí turasóireachta sa réigiún ó thús na seachtaine seo chugainn. Beidh sé ar fáil le piocadh suas fosta in Holiday World san RDS i mBaile Átha Cliath ón 24-26 Eanáir.

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO