Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Ceannaigh Dún na nGall

29-09-20 - Feachtas úr - CeannaighDúnnanGall

 

Is é atá in #CeannaighDúnnanGall ná feachtas úr spreagúil chun an chuid is fearr ó réimse an ghnó i nDún na nGall a chur ar taispeáint.  Is deis atá ann fosta do ghnólachtaí ar fud an chontae a réimse iontach táirgí agus seirbhísí a chur chun tosaigh agus, níos tábhachtaí arís, daoine a spreagadh lena gceannach.  Is í Comhairle Contae Dhún na nGall a d’fhorbair an togra seo, a bheas ar siúl idir 6 - 8 Samhain 2020.

 

“Is ardán iontach é an deireadh seachtaine Ceannaigh Dún na nGall le haghaidh gnólachtaí i nDún na nGall a gcuid ceardaíochta, nuálaíochta agus tarraingteachta a chur chun cinn.  Tá lúcháir orainn bheith in ann tacú le réimse leathan fiontar ar nós déantóirí bia agus óil, lucht ceardaíochta agus grafaiceoirí, soláthróirí turasóireachta agus miondíoltóirí agus iad ag cur an chuid is fearr de Dhún na nGall chun cinn” a dúirt an Clr. Rena Mhic Dhonnchaidh, Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall.

 

Le linn #CeannaighDúnnanGall beidh iontach deis ag tomhaltóirí a bhféirín speisialta as Dún na nGall a cheannach in am don Nollaig, agus rud éigin níos speisialta as Dún na nGall a thabhairt dá gcairde nó dá ngaolta.  Reáchtálfar feachtas margaíochta ar líne chun cuidiú leis fosta, le suíomh idirlín ar leith www.buydonegal.ie  áit a dtig le tomhaltóirí dul chun níos mó eolais a fháil faoi na táirgí agus seirbhísí iontacha atá ar tairiscint ó Dhún na nGall.  Logáil isteach anois chun fáil amach faoi chuid de na gnólachtaí den scoth atá páirteach ann agus cuir tús le do liosta siopadóireachta anois roimh #CeannaighDúnnanGall.  

 

Dúirt Garry Martin, Stiúrthóir Forbairt Eacnamaíochta agus Córais Faisnéise le Comhairle Contae Dhún na nGall: “tá a fhios againn, ar an drochuair, nach raibh deis ag roinnt ball den Diaspóra cuairt a thabhairt ar Dhún na nGall i mbliana, nó fiú ag daoine laistigh de Dhún na nGall taisteal chuig cairde agus gaolta thar lear.  De bharr an fheachtais Ceannaigh Dún na nGall tá deis ann a ndáimh le Dún na nGall a chomhroinnt le dlúthchairde agus le gaolta is cuma cá bhfuil siad, agus san am céanna tacú leis an phobal tábhachtach gnó anseo.”

 

Thig le muintir Dhún na nGall, ó chian is ó chóngar, tacú leis an fheachtas agus le gnólachtaí as Dún na nGall, le linn an deireadh seachtaine agus níl le déanamh acu ach táirge nó seirbhís as Dún na nGall a cheannach agus íomhá de sin a chomhroinnt ar na meáin shóisialta tríd an haischlib #CeannaighDúnnanGall a úsáid, nó #BuyDonegalWeekend as Béarla. Coinnigh súil amach fá choinne roinnt aghaidheanna a bheas ar aithne agat agus iad ag cur amach teachtaireachtaí tacaíochta sna seachtainí amach romhainn!

 

Do na gnólachtaí sin as Dún na nGall nach bhfuil cláraithe leis an fheachtas go fóill bheimis buíoch dá n-amharcfadh sibh anseo le bhur gcuid sonraí a chlárú.

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO