Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Dochar na dTinte Cnámh

30/10/20 – Is féidir le tinte cnámh damáiste tromchúiseach a dhéanamh don timpeallacht agus dár sláinte

 

 

Is féidir neart spraoi agus spóirt a bhaint as Oíche Shamhna agus is fíor é sin i gcás ár bpáistí agus ár ndaoine óga.  In ainneoin gur é sin ár nguí, impíonn muid ar an phobal ag an am seo den bhliain a bheith ar an eolas  gur féidir le tinte cnámh damáiste agus gortaithe tromchúiseacha  a dhéanamh dár dtimpeallacht agus dár sláinte.  

 

Tá laghdú suntasach tagtha ar líon na dtinte cnámh le blianta beaga anuas mar go dtuigeann an pobal an tábhacht a bhaineann le dramhaíl a bhainistiú mar is ceart agus baintear leas as an réimse leathan seirbhísí dramhaíola agus athchúrsála atá ar fáil.

 

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag impí ar theaghlaigh, ar ghnólachtaí agus ar an phobal gan ábhair a chur ar fáil do thinte cnámh sna laethanta beaga roimh Oíche Shamhna.

 

Tá sé tugtha le fios ag Suzanne Bogan, Oifigeach Feasachta Dramhaíola leis an Chomhairle go bhfuil ábhar mar bhoinn, tochtanna, toilg, troscán, ábhair phlaisteacha, aerasóil, cúr, miotal, adhmad péinteáilte, adhmad cóireáilte, dramhaíl tí agus mar sin de á dhó ar na tinte sa lá atá inniu ann agus ní adhmad agus cochán mar a bhíodh fadó.

 

Tá an cineál cur chuige seo mídhleathach.  Is cion é fosta ábhair dramhaíola a chur ar fáil do dhaoine atá ag cruinniú ábhair do thinte cnámh.  Tá an dódh neamhshrianta seo an-dainséarach dár sláinte agus dár dtimpeallacht mar go sceitear na dé-ocsainí dochracha a chruthaítear sna tinte isteach san aer agus  tharraingíonn muid iad isteach inár gcorp de réir a chéile.

 

Is iomaí úr a thógtar na tinte cnámh gar do thithe agus do fhoirgnimh eile agus go dtarlaíonn an-damáiste agus gortuithe tromchúiseacha mar gheall air sin, go háirithe nuair is ábhair an-indóite atá á dhódh.

 

Tabhair spléachadh beag ar an fhíseán ‘Fan slán ar Oíche Shamhna’ agus éist leis an teachtaireacht  ó Sheirbhís Dóiteáin Dhún na nGall ar leathanach mheán sóisialta Chomhairle Contae Dhún na nGall.

 

Thug  Suzanne Bogan le fios fosta go bhfuil Comhairle Contae Dhún na nGall ag coinneáil súil ghéar ar láithreacha éagsúla ina raibh ábhair dramhaíola curtha ar fáil do thinte cnámh le blianta beaga anuas.

 

Chun sláinte an duine daonna agus an timpeallacht a chosaint, tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag iarraidh ar gach gnólacht agus ar gach ionad díolacháin trachtála a raibh baint acu nó a bhfuil baint acu le boinn úra nó seanbhoinn a dhíol, a sholáthar, a sheachadadh, a bhailiú nó a choiriú, mar shampla, miondíoltóirí boinn, soláthraithe, garáistí, gléasra ar cíos, clóis chonamair, bailitheóirí / saoráidí dramhaíola agus mar sin de, a chinntiú go ndéantar an t-ábhar seo ar fad a choinneáil go sábháilte faoina gcúram ionas nach mbeidh siad mar chuid d’aon tine chnámh bealach amháin nó bealach eile.

 

Téigh i dteagmháil leis na Seirbhísí Éigeandála trí ghlaoch a chur ar 999 nó 112 má fheiceann tú tine chnámh á lasadh gar d’fhoirgnimh, do chrainn, do cháblaí lasnairde, do sheirbhísí faoi thalamh nó do limistéir pháirceála.

 

Le haghaidh tuilleadh eolais ar sheirbhísí dramhaíola údaraithe buail isteach anseo.

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO