Beidh oibreacha dreideála cladach-bhunaithe ar siúl ag Cé Mhachaire Rabhartaigh an tseachtain seo go ceann roinnt laethanta idir An Chéadaoin 3 Meitheamh agus An Satharn 6 Meitheamh 2020. Tá sé seo á dhéanamh i gcomhréir leis an lag trá, rud a éascaíonn oibreacha mar seo. Athúsáidfear an t-ábhar dreideáilte le haghaidh cothú trá cóngarach don cheantar.
Is obair riachtanach í seo lena chinntiú go bhfuil an cuan sábháilte do gach duine a úsáideann é, agus chun cuidiú le haon obráid tarrthála is gá a dhéanamh ar mhaithe le sábháilteacht na ndaoine atá amuigh ar an fharraige.
Cloífear go docht leis na rialacha riachtanacha ar fad maidir le Covid-19 le linn na n-oibreacha. Is í Comhairle Contae Dhún na nGall dhéanfaidh maoirseacht ar an obair.