Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Fáiltíonn an Cathaoirleach roimh phacáiste airgid

24/07/20 Fáiltíonn an Cathaoirleach roimh an phacáiste airgid, fógraithe ag an Rialtas i mí Iúil, chun beocht a chur sa gheilleagar in athuair

24/07/20 Fáiltíonn an Cathaoirleach roimh an phacáiste airgid, fógraithe ag an Rialtas i mí Iúil, chun beocht a chur sa gheilleagar in athuair .

 

Chuir Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, an Comhairleoir Rena Donaghey fáilte mhór roimh an phacáiste nua gríosaithe post a d’fhógair an Rialtas inné agus fáiltíonn sí go háirithe roimh an fhócas ar thacaíochtaí d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide.

 

Tá Beart Gríosaithe Poist an Iúil dírithe ar théarnamh eacnamaíoch agus poist le linn paindéime COVID-19.  San áireamh, tá breis is €4 bhilliún de chaiteachas díreach agus €1 bhilliún de bhearta cánachais ann chun tacú go díreach le gnóthlachtaí, chomh maith le €2 bhilliún i ráthaíochtaí creidmheasa.

 

‘Tá an-áthas orm fáilte mhór a chur roimh an phacáiste nua tacaíochtaí seo, go háirithe an Scéim Fóirdheontais Tuarastal Fostaíochta, an Scéim Deontais Atosaithe atá anois níos leithne ná mar a bhí, agus an tarscaoileadh breisithe ar rátaí tráchtála.  Is cinnte gurbh iad na tacaíochtaí seo a choinnigh anáil na beatha sna gnólachtaí ar fud Dhún na nGall sna hamanna dúshlánacha agus éiginnte seo agus beidh an fógra seo ina fhaoiseamh slánaitheora do go leor úinéirí gnó fud fad an chontae’ a dúirt an Clr Donaghey.

 

Mar chuid de na bearta,  tiocfaidh Scéim Fóirdheontais Tuarastal Fostaíochta i bhfeidhm in áit na scéime fóirdheontais sealadach a bhí ann go dtí seo, agus leanfaidh an scéim úr ar aghaidh go dtí Aibreán 2021.  Gheobhaidh fostóirí a bhfuil a láimhdeachas laghdaithe 30 faoin gcéad fóirdheontas atá bunaithe ar bhunráta, suas le €203 do gach fhostaí gach seachtaine. 

 

Is féidir oibrithe séasúrach agus gnólachtaí nua-thionscanta atá ag feidhmiú i gceantair atá buailte, leas a bhaint as an scéim athraithe seo anois.  Chun feidhm a bhaint as an scéim, ní mór don fhostóir a bheith ag feidhmiú i mbliana ar 70% nó níos lú den láimhdeachas a bhí aige an bhliain seo caite.

 

Tá athruithe móra déanta ar an Deontas Atosaithe fosta.  Cuirtear €300  milliún eile de dheontas ar fáil go díreach do ghnólachtaí.  Tá an t-uasmhéid a d’fhéadfá a fháil ardaithe ó €10,000 go €25,000 agus tá an t-íosmhéid a d’fhéadfá a fháil ardaithe ó €2,000 go €4,000.  Is féidir le gnólachtaí a fuair íocaíochtaí faoin Scéim Deontais Atosaithe cheana féin, iarratas eile a dhéanamh ar an dara híocaíocht ach ní cheadófar aon íocaíocht thar an uasmhéid ná an íosmhéid.  Faoi na critéir leasaithe, cuirtear san áireamh gnólachtaí a bhfuil níos lú ná 250 duine fostaithe acu, níos lú ná €100,000 de láimhdeachas acu in aghaidh gach fhostaí agus titim de 25% ar an láimhdeachas sin ó bhuail COVID-19 ár dtír.  

 

Faoin scéim leasaithe, beidh tacaíocht airgid ar fáil fosta do roinnt fiontar nach raibh incháilithe faoin bhunscéim.  San áireamh, beidh lóistíní leaba is bricfeasta nach ngearrtar rátaí orthu, agus gnólachtaí spóirt inrátaithe incháilithe anois chun deontas de €4,000 a fháil.

 

Tarscaoilfear rátaí tráchtála do gach gnó, seachas eisceachtaí faoi leith,  go dtí deireadh mhí Mheán Fómhair.

 

Sa phacáiste airgid seo fosta, laghdófar an ráta CBL sa gheilleagar ó 23% go 21% idir Meán Fómhair na bliana seo agus Feabhra na bliana seo chugainn.

 

Cuirfear acmhainní breise ar fáil freisin do MicroFinance Ireland agus do na hOifigí Fiontair Áitiúla lena n-áirítear pacáiste de bhearta infheistíochta leachtachta agus fiontar chun tacú le cuideachtaí beaga agus le mionchuideachtaí.

 

Tá beart úr seolta ag impí ar dhaoine a gcuid saoire a ghlacadh in Éirinn agus lacáiste cánach ar fáil le cuidiú ó thaobh na gcostas de.  Beidh an lacáiste ar ‘fan agus caith airgid’  i bhfeidhm i mí Dheireadh Fómhair agus leanfaidh sé ar aghaidh go dtí Aibreán 2021.

 

Creideann an Clr Donaghey  ‘go gcuideoidh an lacáiste seo go mór le hiarrachtaí Chomhairle Contae Dhún na nGall tacú leis an earnáil turasóireachta agus  go háirithe, leis an fheactas nua margaíochta turasóireachta atá le seoladh san fhómhar faoi stiúir Turasóireacht Dhún na nGall.  Is cinnte go leathnaíodh seo tréimhse na turasóireachta agus go spreagfaidh sé daoine chun saoire a ghlacadh idirshéasúr i nDún na nGall’ a dúirt sí.

 

 

Mar fhocal scor, d’impigh sí ar ghnólachtaí leas a bhaint as na tacaíochtaí atá ar fáil faoin scéim seo agus chun teagmháil a dhéanamh le Comhairle Contae Dhún na nGall trína –

‘Business Concierge Service ag 074 91 72363 nó

r-phost a sheoladh chuid:  [email protected]  nó trí theagmháil a dhéanamh leis an Oifig Fiontar Áitiúil ag 074 91 60735 nó ag [email protected]

 

Deireadh.

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO