Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Feabhsúcháin Bóthair CLiath

13/05/20 Tionscadal Feabhsúcháin Bóthair ar an N56 – An Clochán Liath go dtí An Chlochbhuaile

Tá áthas ar Chomhairle Contae Dhún na nGall a fhógairt  go bhfuil an Tionscadal Feabhsúcháin Bóthair ar an N56 ón Chlochán Liath go dtí An Chlochbhuaile faighte ag BMA Civil Ltd.  Meastar go gcosnóidh an obair ar an 7.1km den bhóthar agus ar an bhealach rothaíochta araon tuairim is €22 milliún agus cuirfear tús leis an obair ag an Droichead Beag  ar an taobh ó theas den Chlochán Liath agus críochnófar leis an obair ag baile fearainn An Chlochbhuaile, áit a nascfar an tionscadal leis an bhóthar a uasghrádaíodh roimhe seo.

 

Is é seo an ceathrú céim den mhórscéim ina bhfuil 26km ar fad inti agus beidh suas le €100 milliún caite chun an stráice caol casta seo den N56 a uasghrádú.  Beidh an conraitheoir nuacheaptha ag leanstan treoracha náisiúnta an rialtais maidir le hoibreacha taobh amuigh le linn phaindéim COVID-19.

 

Thug Seamus Neely, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Dhún na nGall aitheantas do Bhonneagar Iompair Éireann (BIÉ) as an mhaoiniú don tionscadal tábhachtach seo agus do na tionscadail chaipitil eile atá mar chuid de Thionscadal Éireann 2040.

 

Mhol sé an obair atá ar bun ag an Oifig Náisiúnta Bóithre i mBaile Dhún na nGall agus luaigh sé na buntáistí fadtéarmacha a bhaineann le hoifig den chineál sin a bheith lonnaithe sa chontae, oifig a thugann faoi réamhphleanáil agus a dhéanann maoirseacht ar thionscadail bhóthair trí phróisis fhairsing phleanála agus chomhshaoil agus a chinntíonn go bhfuil deireadh déanta.  

 

 

Dúirt sé fosta gur chuidigh an comhoibriú agus dea-thoil na n-úinéirí talún go mór le forbairt an tionscadail.

 

 

Ghabh Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, an Clr Nicholas Crossan buíochas le BIÉ as an mhaoiniú fhiúntach don N56 agus thug sé le fios go bhfaigheann an Chomhairle fáilte chroíúil ó BIÉ nuair a théann toscaireachtaí ón Chomhairle chucu gach bliain chun a gcás a chur i láthair maidir le tionscadail nua agus chun iarratas a dhéanamh ar thuilleadh airgid.  

 

Labhair sé faoi cé chomh tábhachtach is atá sé na tionscadail thógála a thoiseacht arís chun beocht a chur sa gheilleagar agus sa saol sóisialta araon, ach caithfear é seo a dhéanamh ar dhóigh atá slán sábháilte agus paindéim COVID-19 i réim, a dúirt sé.  Dúirt sé fosta go bhfuil infheistíocht i dtionscadail macasamhail an chinn seo, fíorthábhachtach d’fhorbairt agus inrochtaineacht réigiún an iarthuaiscirt ar fad.

 

Chuir an Clr John Shéamais Ó Fearraigh, Cathaoirleach Cheantar Bardasach na nGleannta fáilte mhór roimh an tionscadal seo agus dúirt sé go raibh sé ag tnúth leis an lá nuair a bheadh na hoibreacha uilig críochnaithe ar an stráice seo den N56. Leag sé béim faoi leith ar thábhacht na mbeart breise sábháilteachta bóthair a chuirfear ar fáil mar chuid den tionscadal seo agus mar an gcéanna, leag sé béim speisialta ar an bhealach rothaíochta a thiocfaidh chun cinn mar chuid den tionscadal seo agus dúirt sé go bhfuil an-leas á bhaint as na bealaí rothaíochta atá ansin cheana féin.  

 

 

Chuir sé in iúl an tábhacht a bhaineann le Bealach an Atlantaigh Fhiáin agus an méadú atá tagtha ar líon na dturasóirí agus na gcuairteoirí ar an cheantar le blianta beaga anuas mar gheall air agus go bhfuiltear ag súil go bhfeicfear an borradh céanna san earnáil sna blianta amach romhainn. 

 

Mairfidh obair ar an tionscadal seo dhá bhliain agus táthar ag súil go mbeidh comhoibriú leanúnach i rith tréimhse na n-oibreacha tógála  ón phobal i gcoitinne.  Tiocfaidh lucht an phobail aghaidh ar aghaidh le bainistiú tráchta agus gníomhaíochtaí eile a bhaineann leis an obair thógála le linn na tréimhse sin.

 

Cuirfidh críoch shásúil an tionscadail seo bóthar uasghrádaithe agus bealach rothaíochta 7.1km sa bhreis ar fáil agus luífidh seo isteach go sócúlach leis na bealaí rothaíochta atá ann cheana féin.

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO