Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Gradaim Náisiúnta Oidhreachta

Dhá Bhua ag Dún na nGall sna Gradaim Náisiúnta Oidhreachta

 

Ag na Gradaim Náisiúnta Oidhreachta a tionóladh Dé Máirt, 20 Deireadh Fómhair tugadh aitheantas d’iarrachtaí daoine aonair, do theaghlaigh agus do ghrúpaí pobail ar fud na hÉireann chun ár n-oidhreacht a chaomhnú agus a chur chun cinn. Bhí an ócáid ​​ar líne, á óstáil ag an Chomhairle Oidhreachta agus á chur i láthair ag an chraoltóir de chuid RTÉ Anne Cassin, agus bhuaigh dhá eagraíocht as Contae Dhún na nGall dhá cheann de na príomhdhuaiseanna as a ndearna siad le linn Sheachtain na hOidhreachta.

 

Bhuaigh Cumann Staire Áitiúil Cheantar Ráth Maoláin an gradam le haghaidh ‘Oidhreacht Oideachais’ as a dtionscadal dar teideal ‘Téann Ráth Maoláin ar ais ar scoil le haghaidh Sheachtain na hOidhreachta’. Bhí sé mar aidhm ag Cumann Staire Áitiúil Cheantar Ráth Maoláin oidhreacht dobhraite na laethanta scoile a thaifeadadh, amhail cairdeas, spóirt, cluichí a d’imrítí, amhráin a cheoltaí agus ceachtanna a dhéantaí, na nósanna agus na bealaí maireachtála ar scoil agus sa phobal áitiúil. Roghnaíodh an tionscadal chun muintearas a chothú i measc an phobail uilig. D'úsáid an chéad chuid den tionscadal a leathanach Facebook, a cruthaíodh le déanaí, chun stair, scéalta agus grianghraif a mbaile fearainn a thaispeáint, agus chuir an grúpa físeán ar fáil fosta bunaithe ar agallaimh ón am atá thart le hiar-dhaltaí sa scoil ó dheireadh na 1930idí go dtí 2005.

 

Bhuaigh Johnny Shiels as Gleann tSúile an Gradam ‘Scileanna a Athfhoghlaim ónár nOidhreacht’. Is saor rothaí tríú glúin é Johnny Shiels agus bhain an tionscadal seo le sean-roth sníomh lín / olann as Dún na nGall a athchóiriú. Le cuidiú óna bheirt mhac, tugadh eolas trasna na nglúnta faoin dóigh le rothaí a dhéanamh agus a athchóiriú. D'úsáid Johnny teicneolaíocht dhigiteach agus na meáin shóisialta chun próiseas an athchóirithe a roinnt le lucht féachana leitheadach, agus tá sé beartaithe aige dul i dteagmháil le scoileanna áitiúla leis an sníomh agus an fhíodóireacht a mhúineadh do dhaltaí, agus chun spéis leanúnach sa tionscadal agus sa traidisiún féin a chinntiú. Tá Johnny ar dhuine de na saineolaithe oidhreachta ar an chlár ‘An Oidhreacht sna Scoileanna’ atá á riar ag ​​an Chomhairle Oidhreachta.

 

Tugadh aitheantas do dhá thionscadal oidhreachta eile atá bunaithe i nDún na nGall ag na Gradaim Náisiúnta Oidhreachta fosta. Tháinig Coiste Oidhreachta an Dísirt sa dara háit sa chatagóir ‘An Oidhreacht ar Thairseach an Tí’ as a dtionscadal dar teideal ‘Cén fáth a bhfuil An Díseart tábhachtach domsa?’. Sa tionscadal seo, chuir an grúpa sraith físeán gairid ar fáil faoi na naisc atá ag daoine le láthair mhainistreach luath-mheánaoiseach An Dísirt, i bparóiste Inbhir, ag bun na gCruach Gorm. Gach lá le linn na Seachtaine Náisiúnta Oidhreachta, scaipeadh na físeáin seo ar Facebook agus ar shuíomh gréasáin Choiste Oidhreachta an Dísirt. I measc na rannpháirtithe bhí daoine sna 20idí agus daoine sna 80idí, agus bhí na rannpháirtithe ag obair le cara, duine gaolta nó ball den choiste chun a scéal a thaifeadadh, agus ar an dóigh sin scileanna teicniúla na nglún óg a chomhcheangal le cuimhní agus scéalta daoine aosta.

 

 

Ceann de na híomhánna a phostáil Cumann Staire Áitiúil Cheantar Ráth Maoláin mar chuid dá dtogra don tSeachtain Náisiúnta Oidhreachta, lenar bhain siad an gradam ‘Oidhreacht an Oideachais’ ag na Gradaim Náisiúnta Oidhreachta a bhí ar siúl ar líne Dé Máirt, 20 Deireadh Fómhair. Sa phictiúr, agus iad ag pilleadh abhaile ón scoil go mall sna 1950aidí, tá Renee McCauley, Mary Ann agus Susan Gallagher, Rosaleen Kelly agus Johnny, Betty agus James Deeney.

 

Mar chuid de ghradaim na bliana seo, leathnaigh an Chomhairle Oidhreachta na Gradaim Náisiúnta Oidhreachta fosta chun gradaim a sholáthar don tionscadal is fearr i ngach contae ar fud an oileáin. Bhuaigh Coiste Oidhreachta agus Staire ‘GAP’ Dhún na nGall an Gradam Oidhreachta Contae as a dtionscadal dianghlasála dar teideal ‘Scéalta inár . . . ’  Nuair a thuig an grúpa nach mbeidís in ann imeacht beo a reáchtáil don tSeachtain Oidhreachta, shocraigh siad cuimhní daoine a ghabháil ar rudaí, áiteanna nó imeachtaí a bhaineann lenár gcultúr agus lenár n-oidhreacht. Chomh maith leis an eolas seo a phostáil ar a leathanach Facebook, rinne siad cur i láthair maisithe, dátheangach ar líne ar shuíomh gréasáin na Seachtaine Oidhreachta Náisiúnta (www.heritageweek.ie).

 

“Chuir an phaindéim COVID-19 dúshláin ar leith roimh phleanáil agus seachadadh na Seachtaine Náisiúnta Oidhreachta i mbliana” a dúirt Joseph Gallagher, Oifigeach Oidhreachta Chontae Dhún na nGall. “Is iontach an freagra a thug grúpaí oidhreachta, pobail agus daoine aonair atá lonnaithe i nDún na nGall agus léirítear agus tugtar luach saothair dá gcuid oibre crua sna Gradaim Náisiúnta Oidhreachta. Don dara bliain as a chéile, beidh dhá Ghradam Oidhreachta Náisiúnta ag teacht go Contae Dhún na nGall. Is de bharr lucht eagraithe na dtionscadal ar éirigh chomh maith sin leis an tSeachtain Oidhreachta, mar atá Cumann Staire Áitiúil Cheantar Ráth Maoláin agus Johnny Shiels, a shocraigh agus a reáchtáil na tionscadail seo go deonach chun feasacht a mhúscailt, meas a spreagadh agus tuiscint níos fearr ar ár n-oidhreacht áitiúil a chur chun cinn. Is mó an t-éacht atá déanta acu na príomhghradaim seo a thabhairt leo ina gcatagóirí féin nuair a chuirtear san áireamh go bhfuil géarú ar an iomaíocht agus feabhas ar an chaighdeán sna tionscadail le linn Sheachtain na hOidhreachta go náisiúnta. Agus lena chois sin, léiríonn an méid atá bainte amach ag Coiste Oidhreachta an Dísirt agus Coiste Oidhreachta agus Staire ‘GAP’ Dhún na nGall, go bhfuil bonn maith láidir faoin earnáil réamhghníomhach oidhreachta sa chontae. Taispeánann na tograí seo ar fad go bhfuil géarghá le hinfheistíocht a dhéanamh san oidhreacht nádúrtha, thógtha agus chultúrtha mar go neartaíonn sin an bród sa cheantar, mar go dtacaíonn sé le folláine an phobail, mar go gcruthaíonn sé fostaíocht áitiúil, mar go dtacaíonn sé leis an gheilleagar áitiúil, agus mar go gcuireann sé bonn maith faoi thionscal na turasóireachta anseo.” 

 

Agus é ag caint faoi na Gradaim do Sheachtain Náisiúnta na hOidhreachta, dúirt an tAire Stáit don Oidhreacht agus don Athchóiriú Toghchánach, Malcolm Noonan TD: “Tugann na gradaim bhliantúla i dtaca le hOidhreacht Náisiúnta aitheantas tábhachtach don obair gan stad atá daoine a dhéanamh – chan amháin le linn Sheachtain Náisiúnta na hOidhreachta ach ó thús deireadh na bliana – lena chinntiú go leanfar le scéal oidhreachta na hÉireann a insint ar dhóigh atá lán de bhrí. Tá lúcháir orm a fheiceáil go spreagann na Gradaim seo suim agus spéis i measc an phobail ar fud na tíre, agus déanaim mo chomhghairdeas leis na tograí ar fad a bhain gradaim agus leo siúd a fuair ainmniúcháin.”  

 

Chuir Príomh-Fheidhmeannach na Comhairle Oidhreachta, Virginia Teehan, leis an mhéid sin: “Cé gur tharla Seachtain Náisiúnta na hOidhreachta i gcomhthéacs dúshlánach na géarchéime sláinte poiblí, is ardú croí dom suim agus spéis an phobail ar fud na tíre chun bheith páirteach in imeachtaí na bliana seo in ainneoin na n-athruithe. Tá sin le feiceáil go soiléir sa líon mór tograí a cuireadh isteach lena mbrabhsáil agus le sult a bhaint astu, agus cuireadh iad uilig sa mheá le haghaidh Gradam Náisiúnta Oidhreachta. Creidim go gcuideoidh comórtas na bliana seo, agus an comhthéacs inar tharla sé, chun oidhreacht na hÉireann a thabhairt chuig lucht féachana níos leithne agus níos éagsúla, rud a chinnteoidh go mbeidh rochtain agus tuiscint níos fearr ag daoine uirthi san am atá romhainn. Léirigh sé fosta an dóigh ar féidir linn an teicneolaíocht dhigiteach, na meáin shóisialta san áireamh, a úsáid chun plé le ceist na hoidhreachta, go háirithe i measc na hóige, ar gá dúinn a suim agus a spéis a spreagadh ó aois an-óg. Thar cheann achan duine ag an Chomhairle Oidhreachta, déanaim comhghairdeas ó chroí, chan amháin leis na heagraíochtaí a bhain gradaim agus a cuireadh ar an ghearrliosta, ach leo siúd uilig a fuair ainmniúcháin agus a bhí páirteach i reáchtáil tograí le linn Sheachtain Náisiúnta na hOidhreachta.”

 

An tuirne a ndearna Johnny Shiels athchóiriú air, agus a theaghlach, mar chuid de thogra oidhreachta le linn na Seachtaine Náisiúnta Oidhreachta. As a gcuid oibre agus as an phróiseas a dhoiciméadú, bhain sé an gradam “Scileanna a Athfhoghlaim ónár nOidhreacht’ ag na Gradaim Náisiúnta Oidhreachta a reáchtáladh ar líne Dé Máirt 20 Deireadh Fómhair.

 

I measc na mbuaiteoirí gradaim eile ag na Gradaim Náisiúnta Oidhreachta bhí Christy Cunniffe ó Chluain Fearta, Contae na Gaillimhe a bhain an gradam ‘Laoch na hOidhreachta’; Coiste Oidhreachta Bailte Slachtmhara Chill na Seanrátha ó Chontae an Chabháin a bhain an gradam ‘An Oidhreacht ar Thairseach an Tí’, agus Féile Ellen Hutchins i mBeanntraí, Contae Chorcaí a bhain an gradam ‘Oidhreacht Uisce’.

 

Is í an Chomhairle Oidhreachta agus Oifigigh Oidhreachta na nÚdarás Áitiúil a chomhordaíonn An tSeachtain Náisiúnta Oidhreachta. I mbliana, as an 854 togra oidhreachta a bhí ar siúl go náisiúnta reáchtáladh 34 acu i gContae Dhún na nGall. In 2021, is é an téama a bheas ann le haghaidh na Seachtaine Náisiúnta Oidhreachta ná “Oidhreacht Chuimsitheach / Oidhreacht do Gach Duine”. Tá tuilleadh eolais faoi na tograí a bhain, faoin tSeachtain Náisiúnta Oidhreachta agus faoin dóigh le bheith páirteach, ar fáil ar shuíomh gréasáin na Seachtaine Oidhreachta ar www.heritageweek.ie. Beidh nuachtlitir speisialta oidhreachta mar chuid den Irish Times Dé Sathairn (24 Deireadh Fómhair). 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO