Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Ionad Nuálaíochta Alpha

22/06/20 Fáiltíonn an Cathaoirleach roimh mhaoiniú fá choinne Ionad Nuálaíochta Alfa

alpha innovation centre

 

D’fháiltigh Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, An Clr. Rena Donaghey, roimh an fhógra inniu ón Aire Heather Humphries go gcuirfear maoiniú de €3.7m ar fáil le hIonad Nuálaíochta den chaighdeán is airde a fhorbairt i Leitir Ceanainn. Tagann an maoiniú ón Chiste le haghaidh Forbairt Fiontraíochta ar an Teorainn, atá á bhainistiú ag Fiontraíocht Éireann.   

 

Is é a bheas san ionad úr seo spás oibre saintógtha agus ardteicneolaíochta i Leitir Ceanainn, ina mbeidh clár saincheaptha réamh-luasaire le haghaidh fiontraithe a bhfuil luathsmaointe acu, chomh maith le clár de thacaíochtaí cuimsitheacha do ghnólachtaí.  Cuideoidh an tionscadal seo chun cumas fiontraíochta agus nuálaíochta Dhún na nGall a athrú ó bhonn, rud a chruthóidh níos mó post agus níos mó gnólachtaí nua-thionscanta ar láimh amháin, agus, ar an láimh eile, tacú le gnólachtaí atá ann cheana féin feabhas agus forbairt a dhéanamh ar a gcumas nuálaíochta.  

 

“Tá lúcháir orm le fógra an lae inniu, fógra a tchífidh infheistíocht shuntasach san áis ardchaighdeánach seo do Dhún na nGall.  Soláthróidh an spás tiomanta seo éiceachóras nuálaíochta agus ionad gnó ina mbeidh deis ag gnólachtaí úra agus gnólachtaí reatha a gcuid gníomhaíochtaí gnó a oibriú ó lá go lá, comhoibriú lena chéile agus smaointe a mhalartú, agus smaointe úra a fhiosrú agus a fhorbairt le tograí gnó inmharthana agus intomhaiste a dhéanamh díobh, rud a neartóidh an bonn fiontraíochta agus an fás eacnamaíochta sa chontae” arsa an Clr. Donaghey.

 

Dúirt sí fosta: “Is am fíordhúshlánach é seo do ghnólachtaí ar fud Dhún na nGall de bharr thionchar na paindéime Covid 19 agus an neamhchinnteacht de bharr an Bhreatimeachta, agus tá sé ríthábhachtach go dtacóidh muid le gnólachtaí agus le luath-fhiontraithe chun a gcumas nuálaíochta a fhorbairt, le bheith solúbtha agus lena dtáirgí, a seirbhísí agus a n-oibríochtaí a chasadh chun freagairt go dearfach do dhúshláin a thagann chun cinn sa mhargadh, ina measc An Breatimeacht, Covid-19, chomh maith le bogadh i dtreo sochaí ísealcharbóin”

 

Sa bhreis ar an €3.7m le haghaidh Ionad Nuálaíochta Alfa, d’éirigh le Ernact i Leitir Ceanainn €350k a fháil chun seirbhís úr a fhorbairt a chuirfidh ar chumas na mol nuálaíochta bainistiú éifeachtach a dhéanamh ar réitigh aistrithe i dtaca le teicneolaíocht shaincheaptha chuig a gcuid cliant-ghnólachtaí meánmhéide ó ollscoileanna, institiúidí teicneolaíochta agus comhlachtaí príobháideacha.

 

Dúirt an Clr. Donaghey, ar ball í de Bhord Ernact chomh maith: “Beidh an tionscadal seo ina chuidiú mór chun tacú le gnólachtaí beaga an leas is mó is féidir a bhaint as an phoitéinseal atá ag teicneolaíochtaí bunathraitheacha ar nós Idirlíon na nEarraí (IoT), Priontáil 3T, Réaltacht Fhíorúil (VR), Intleacht Shaorga (AI), Meaisínfhoghlaim agus Olltiomsú Sonraí.  Soláthróidh sé seirbhís an-riachtanach do ghnólachtaí ar fud Dhún na nGall chun cuidiú leo fás an oiread agus is féidir”.

 

Is é Rannán Forbartha Eacnamaíochta Chomhairle Contae Dhún na nGall atá i gceannas ar thionscadal Ionad Nuálaíochta Alfa agus déanfar é a chur i gcrích i gcompháirt le príomháisíneachta forbartha eacnamaíochta a bhfuil ina measc Fiontraíocht Éireann, An tÚdarás Forbartha Tionscail agus Oifig Fiontair Áitiúil Dhún na nGall i gcomhar le hInstitiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn, Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall, Digitiú Dhún na nGall agus ERNACT.

 

Creideann Séamus Mac Conghaola, Príomh-Fheidhmeannach Chomhairle Contae Dhún na nGall “gur céim thábhachtach chun tosaigh é an tionscadal seo chun forbairt eacnamaíochta a láidriú agus a neartú i nDún na nGall.    Is tosaíocht mhór í don Chomhairle geilleagar láidir, iomaíoch agus nuálach a thógáil, agus tá muid tiomanta chun leanúint orainn ag obair i gcompháirt le príomhpháirtithe leasmhara ag an leibhéal áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta chun cuidiú le Dún na nGall agus réigiún an iarthuaiscirt ár gcuid cuspóirí fáis a bhaint amach agus tacú le fás agus forbairt ár gcuid gnólachtaí.”

 

Tchíonn Garry Martin, Stiúrthóir Forbartha Eacnamaíochta leis an Chomhairle, tchíonn sé an tionscnamh seo mar phríomh-ghníomhaíocht straitéiseach chun borradh eacnamaíochta a spreagadh i nDún na nGall.  “D’oibrigh muid go dlúth le réimse gnólachtaí i nDún na nGall leis an togra seo a fhorbairt, ó chomhlachtaí móra ilnáisiúnta go dtí gnólachtaí beaga nua-thionscanta a bhfuil an-phoitéineal acu.   Bhí suim nach beag ag na gnólachtaí seo i gcumas nuálaíochta agus athléimneacht nuálaíochta a fheabhsú, agus léirigh cuid acu spéis mhór i gcur i bhfeidhm an chláir oibre ar bhonn comhoibritheach.   Soláthróidh an t-ionad seo deiseanna níos fearr do ghnólachtaí nua-thionscanta agus do gnólachtaí dúchasacha chun ceangail níos láidre a thógáil le comhlachtaí rathúla éagsúla FDI i nDún na nGall, ag cur ardán ar fáil don nuálaíocht agus ag cuidiú le deiseanna infhiontraíochta mac-chuideachtaí a chruthú”.

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO