Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Maoiniú le haghaidh Glasbhealaí úra

31/07/20 Fáiltíonn an Chomhairle roimh mhaoiniú breise le haghaidh trí cinn úra de Ghlasbhealaí sa chontae

Tá lúcháir ar Chomhairle Contae Dhún na nGall a chur in iúl go bhfuarthas deimhniú ón Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt (RITS) go bhfuil leithdháileadh €340,000 déanta chun trí ghlasbhealach úra a chur chun cinn sa chontae.  Tógfaidh seo ar an sár-obair atá tosaithe cheana féin ag foireann Ghréasán Glasbhealaigh an Iarthuaiscirt i gcomhpháirt le Comhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin, agus beidh ról fíorthábhachtach aige seo i dtaca le hathnuachan eacnamaíochta na mbailte agus na sráidbhailte ar na bealaí, amhail An Carraigín, Caisleán na Finne, Leifear, Cluain Maine, Baile Lifín, Carn Domhnach agus Rinn Uí Choigligh.  Seo a leanas sonraí na leithdháilte:

 

Glasbhealach Inis Eoghain: An Chuid ó Bhun Cranncha go Carn Domhnach

Leithdháileadh le haghaidh 2020/21 -  €180,000.

 

Glasbhealach Inis Eoghain: An Chuid ó Mhagh go Rinn Uí Choigligh

Leithdháileadh le haghaidh 2020/21 -  €45,000.

 

An Chuid ón Charraigín go Caisleán na Finne: nasc idir Caisleán na Finne agus Glasbhealach Ghleanntán an Fheabhail.  Leithdháileadh le haghaidh 2020/21 -  €115,000.  

 

Agus níos mó daoine ag rothaíocht agus ag siúl ó thús na paindéime Covid, cuideoidh an cineál seo bonneagair fosta leis an aclaíocht cholainne a chur chun cinn, meabhairshláinte a fheabhsú, agus ár gcuid astaíochtaí carbóin a laghdú.  Tá Comhairle Contae Dhún na nGall, iontach gníomhach lena comhpháirithe chun dul i ngleic leis na saincheisteanna seo ar fad agus déanfaidh an maoiniú seo níos sábháilte é a bheith ag rothaíocht agus ag siúl sa chontae seo.

 

San am atá romhainn, beidh an Chomhairle ag breathnú ar roghanna bealaí a d’fhéadfaí a chur san áireamh agus reáchtálfaidh sí comhairliúchán poiblí cosúil leis an phróiseas trína bhfuil na glasbhealaí á nascadh ó Bhun Cranncha go Doire agus ó Mhagh go Doire faoi seach.  Nascann na bealaí seo ar fad le tionscadail straitéiseacha eile de chuid na Comhairle, go háirithe an Tionscadal Cois Abhann agus tionscadal Ghréasán Glasbhealaidh an Iarthuaiscirt, iad araon le maoiniú ón AE.

 

Cé nár éirigh le gach iarratas ó Dhún na nGall chuig an RITS, tá an Chomhairle ag leanúint ar aghaidh faoi láthair lena straitéis ghlasbhealaigh agus rothaíochta, agus ag croílár na straitéise seo beidh na bealaí atá luaite thuas chomh maith le pleanáil a dhéanamh fá choinne glasbhealaí chun Bealach Féich a nascadh le Baile Dhún na nGall: agus Leitir Ceanainn le hAilt an Chorráin.  Tá sé i gceist an dréachtstraitéis seo a chur faoi bhráid na gComhairleoirí Contae i mbliana.

Agus gealltanas tugtha ag an rialtas náisiúnta 10% d’iomlán an bhuiséid chaipitil iompair a chaitheamh ar thionscadail rothaíochta agus leithdháileadh 10% d’iomlán an bhuiséid chaipitil iompair a chaitheamh ar bhonneagar do choisithe, tá an Chomhairle dóchasach go ndéanfar dul chun cinn ar chuid mhór dár dtionscadail ar fud an chontae sna blianta amach romhainn, agus glasbhealaí an Bhearnais Mhóir agus Ailt an Chorráin san áireamh.

CRÍOCH

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO