Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Maoiniú le haghaidh tograí oidhreachta

02/09/20 Maoiniú ar fáil le haghaidh tograí oidhreachta i gContae Dhún na nGall

Tá an Chomhairle Oidhreachta ar lorg iarratais chuig a Scéim Deontais Oidhreachta don Phobal, atá mar chuid de phacáiste tarrthála don earnáil oidhreachta a d’fhógair an tAire Oidhreachta agus Athchóiriú Toghchán, Malcolm Noonan.   Is é is aidhm leis an scéim deontais tacú le tograí caipitil a chuireann feabhas ar rochtain an phobail agus ar an chuimsiú sóisialta ag suíomhanna oidhreachta, agus a chuireann i bhfeidhm dea-chleachtais oidhreachta ó thaobh áiteanna, bailiúcháin, déantáin agus foirgnimh a bhainistiú.   Tacaíonn an scéim le trealamh riachtanach a cheannach fosta.   Is gá iarratais ar dheontais a chur isteach trí úsáid a bhaint as córas iarratais ar líne na Comhairle Oidhreachta ar www.heritagecouncil.ie faoi 5pm ar an dáta deireanach, Dé Máirt 15 Meán Fómhair, 2020.

 

“Tá dúshláin mhóra roimh an earnáil oidhreachta, mar shampla druidim gnólachtaí agus cailliúint post, de bharr phaindéim COVID-19, mar sin de cuirim fáilte roimh an fhógra seo i dtaca leis an Scéim Deontais Oidhreachta don Phobal mar chuid de phacáiste spreagthach an rialtais” arsa Joseph Ó Gallchóir, Oifigeach Oidhreachta Chontae Dhún na nGall.   “Fiú le linn na dianghlasála, tháinig luach na hoidhreachta nádúrtha, tógtha agus cultúrtha dár gcaighdeán saoil chun tosaigh.   D’fhéach go leor daoine le heolas agus aithne a chur ar an oidhreacht go háitiúil, agus chuir an caidreamh úr seo lena n-oidhreacht feabhas ar aoibh an phobail, ar fholláine an phobail agus ar fhoghlaim an phobail.   Tá fáilte mhór roimh an fhógra go gcuirfear €550,000 ar fáil go náisiúnta i mbliana don Scéim Deontais Oidhreachta don Phobal, agus cuideoidh sé le tacaíocht a bhfuil géarghá leis a chur ar fáil do thograí oidhreachta sa chontae.   I measc na dtograí atá incháilithe le haghaidh tacaíochta faoin scéim tá tograí a bhaineann le rochtain, cuimsiú sóisialta, léirmhíniúchán, suirbhéanna faoi stiúir an phobail, iniúchtaí áitiúla oidhreachta, trealamh speisialtóireachta a cheannach, déantáin nó bailiúcháin a chaomhnú, tuairiscí caomhantais nó pleananna bainistiú caomhantais a ullmhú, oibreacha tógála caomhantais faoi stiúir an phobail, agus tograí caomhnaithe gnáthóg nó speiceas.”

 

De bharr easpa acmhainní, ní raibh an Chomhairle Oidhreachta in ann an Scéim Deontais Oidhreachta don Phobal, a bhfuil an-ráchairt uirthi, a thairiscint le dhá bhliain anuas.   Nuair a bhí sé i bhfeidhm go deireanach, bhronn an Chomhairle Oidhreachta maoiniú €82,800 d’ocht gcinn déag de thionscnaimh oidhreachta i gContae Dhún na nGall do choistí pobail ar fud an chontae.   Tabhair faoi deara, le do thoil, nach gclúdaíonn an scéim oibreacha atá mar chuid de chroí-dhualgais nó de dhualgais reachtúla ag aon eagras san earnáil phoiblí; staidéir fho-chéime nó iarchéime; tochailtí seandálaíochta nó scagadh agus tuairisciú iar-thochailte; cuimhneacháin; oibreacha tírdhreacha ar aon saoráid; taispeántais, comhdhálacha nó oiliúint; foilseacháin ná tograí bunscoile.    Is féidir deontais suas go dtí €15,000 a bhronnadh.   Is féidir maoiniú suas go dtí 80% de chostas an togra a lorg.   Tá sé inghlactha maoiniú meáitseála a sholáthar i bhfoirm síntiúis dheonacha nó sochar comhchineáil.   Ní féidir iarratais a dhéanamh ar an Scéim Deontais Oidhreachta don Phobal ach amháin ar an chóras iarratais ar líne ar shuíomh idirlín na Comhairle Oidhreachta roimh an dáta deiridh ar an 15 Meán Fómhair.   Is gá do na tograí a bheith curtha i gcrích faoin 23 Samhain 2020.

 

Tá tuilleadh eolais ar fáil faoin scéim ach teagmháil a dhéanamh leis an Chomhairle Oidhreachta i gCill Chainnigh ar (056) 777 0777 nó ar www.heritagecouncil.ie/funding.  Tá comhairle maidir le hiarratais ar fáil fosta ó Oifig Oidhreachta Chontae Dhún na nGall, Comhairle Contae Dhún na nGall ar (074) 917 2576.

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO