Dún na hInse
Ó thús na bliana tá Músaem Contae Dhún na nGall ag obair leis an phobal ar Oileán na hInse chun taispeántas fíorúil iarsmalainne a chruthú a dhéanfaidh oidhreacht ar leith an oileáin álainn seo a fhiosrú. Tá scéalta cluinste againn faoi liosanna sí, scéalta iascairí, píolótaí heileacaptair, béaloideas, scéimeanna FÁS i dtaca leis an Ghorta Mór agus cathanna i gCogadh na gCarad. Bhailigh an músaem doiciméid chartlainne, léarscáileanna, déantáin agus stair ó bhéal, agus d’fhoghlaim muid faoi dhúnfoirt Napoléon, caisleáin mheánaoiseacha, uaigheanna réamhstairiúla, lóistí Máisiúnacha, agus ainmeacha cuibhrinn ar an oileán. Ón chéad chruinniú leis an phobal go mall i mí Eanáir, shiúl siad trasna páirceanna bogacha, síos bóithríní lábacha, agus ar feadh tránna agus cladaigh atá lán le sliogáin oisrí. Rinne muid taighde trasna trí mhór-roinn, tháinig muid ar Bhillí Díolacháin ón 17ú haois, fuair muid pleananna míleata ón 19ú haois, agus chuir muid drónanna ar eitilt trasna an oileáin.
Ag obair i gcomhpháirt le Scoil Ríomhaireachta, Innealtóireachta agus Córais Chliste in Ollscoil Uladh, tá lúcháir orainn anois a fhógairt go bhfuil an suíomh nua idirlín seolta againn ar www.inchheritage.org.
Graifítí Chogadh na gCarad, Dún na hInse
Is dóigh iontach inrochtana agus furasta é, le taisteal thart ar an oileán, an suíomh idirlín seo, agus léiríonn sé spéiseanna mhuintir an oileáin mar is iad na hoileánaigh a chruthaigh an chuid is mó den ábhar. An raibh a fhios agat, mar shampla, gur ‘Inis na nOisrí’ a thugtar ar an oileán i nGaeilge in amannaí? An raibh a fhios agat go bhfuil na céadta, b’fhéidir na mílte, uaigh sa reilig i Srath an Chaca, agus gur scoilt sásairí Briotanacha í ina dá leath go mall sa 19ú haois? An raibh a fhios agat go bhfuil na céadta méadar de tharaenna faoi thalamh ar an oileán ón 18ú haois? An raibh a fhios agat go raibh Gunnaí Téaltaitheacha de dhéanamh Armstrong i nDún na hInse lá den tsaol, agus gur ghabh Fórsaí Frith-Chonartha seilbh air in 1922? Tá an t-eolas seo uilig agus tuilleadh le fáil ar an suíomh idirlín úr.
Ba mhaith le Músaem Contae Dhún na nGall an deis seo a ghlacadh chun buíochas a ghabháil le muintir an oileáin as a ndíograis, a spéis, a dtacaíocht agus a bhfáiltiú le roinnt míonna anuas. Tá súil againn go mbeidh muid ábalta cur leis an suíomh sna míonna amach romhainn. Tá Tionscadal Comhléirithe na hInse maoinithe ag Clár an AE don Imeall ó Thuaidh agus an Aigéin Artaigh 2014-2020, agus tá sé mar chuid den tionscadal CINE, tionscadal comhoibritheach digiteach oidhreachta idir 9 bpáirtnéirí ón Iorua, an Íoslainn, Éire, Tuaisceart Éireann agus Albain.
http://cine.interreg-npa.eu/about-the-project/
Fá choinne tuilleadh eolais, déan teagmháil le Músaem Contae Dhún na nGall ar [email protected] nó cuir scairt ar 087 6502586 nó 074 9124613.