Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Myles Gallagher Gradaim Spóirt

Myles Gallagher le Gradaim Laochra Spóirt a sheoladh

Myles Gallagher

Myles Gallagher

 

Seolfaidh iar-chraoltóir de chuid an chláir ‘Spórt an Domhnaigh’ ar Highland Radio, Myles Gallagher Gradaim Laochra Spóirt Dhún na nGall ag ócáid a bheas ar siúl in Óstán an Mount Errigal tráthnóna inniu. Agus í i mbun na fógraíochta, dúirt Cathaoirleach na nGradam Grace Boyle go raibh an oiread déanta ag fear Charraig Airt do chúrsaí spóirt sa chontae, thar thonnta Highland Radio ar feadh 28 bliain .

 

“Thug Myles achan tacaíocht do Ghradaim Laochra Spóirt Dhún na nGall agus é i mbun craoltóireachta ar chlár Spóirt an Domhnaigh ar Highland Radio. Chuir sé féin agus meáin eile anseo i nDún na nGall na gradaim go mór chun cinn agus rinne siad clúdach cuimsitheach orthu fosta. Tá lúcháir mhór orainn gur ghlac Myles lenár gcuireadh leis na gradaim seo a sheoladh tráthnóna Dé Luain. Tá sé ag leanstan loirg a leithéidí Martin Carney agus Jim Sheridan, an bheirt a sheol na gradaim le dhá bhliain anuas” arsa an tUasal Boyle.

 

 

Dúirt Myles Gallagher gur ónóir mhór a bhí ann cuireadh a fháil chun an seoladh oifigiúil a dhéanamh. “Ní raibh mé ag dréim leis an chuireadh ar chor ar bith agus mar sin, is pribhléid mhór í agus tá mé thar a bheith buíoch do Choiste na nGradam as an deis a thabhairt domh  Gradaim Laochra Spóirt Dhún na nGall 2020 a sheoladh go hoifigiúil. D’éirigh liom Gradam Aitheanta Spóirt a fháil anuraidh agus ba é Ruby Walsh a bhronn an gradam orm, rud a bhí iontach speisialta. Tá obair na gcapall á déanamh ag Coiste Ghradaim Laochra Spóirt Dhún na nGall le blianta anuas. Is ócáid ollmhór anois í ina dtugtar aitheantas do chineálacha difriúla spóirt, rud atá iontach ar fad. Ní raibh orm ach lúcháir ócáid na nGradam a chur chun cinn ar Highland Radio mar go bhfuil sé ríthábhachtach aitheantas a thabhairt dóibh siúd a mbíonn rath orthu i gcúrsaí spóirt agus do na hoibrithe deonacha uilig a oibríonn ó dhubh go dubh. Tá seans ann nach mbeadh a leithéid ann ach gurb iad.

 

 

 

Beidh seoladh Ghradaim Laochra Spóirt Dhún na nGall ar siúl tráthnóna inniu in Óstán an Mount Errigal ag a 6 a chlog. Chomh maith le cur síos ar an ócáid bhronnta a bheas ar siúl ar 31ú Eanáir, bronnfar gradaim ar bhuaiteoirí 1979  chun comóradh 40 bliain a cheiliúradh.

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO