Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Nasc Fíorúil Dhún na nGall 2020

28-09-20 - Nasc Fíorúil a bheas i Nasc Dhún na nGall 2020 – Cuir d’áit in áirithe anois!

Tá Nasc Dhún na nGall 2020 seolta go hoifigiúil agus beidh Clár Imeachtaí lán brí agus eolais ar siúl Déardaoin 8 Deireadh Fómhair.  I measc téamaí na bliana seo beidh an t-athlonnú go Dún na nGall, an chianobair, nuálaíocht ghnó, turasóireacht agus seó mór ceol traidisiúnta.

 

Agus í ag caint ag seoladh Nasc Dhún na nGall, dúirt an Clr. Rena Nic Dhonnachaidh, Cathaoirleach ar Chomhairle Contae Dhún na nGall: “is tábhachtaí anois ná riamh coinneáil i dteagmháil leis an Diaspóra s’againne thar lear agus laistigh d’Éirinn.  De bhrí go bhfuil an ócáid ar líne in 2020, thig le muintir Dhún na nGall, ó chian is ó chóngar, bheith páirteach agus iad slán sábháilte sa bhaile, agus thig leo níos mó a fhoghlaim faoi na ghnéithe éagsúla a bhaineann le gnó, turasóireacht agus cultúr i nDún na nGall.” 

 

Chun tosaigh ó chlé: John McLaughlin, Príomh-Fheidhmeannach le Comhairle Contae Dhún na nGall agus an Clr. Rena Nic Dhonnachaidh, Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall. Ar gcúl ó chlé: Foireann Chomhairle Contae Dhún na nGall, Garry Martin, Steven Perry, Maria Gallagher, Ciaran Martin, Michael Tunney agus JoAnne Kilmartin.

 

Ag athlonnú go Dún na nGall agus ag obair go cianda ann

Beidh trí sheisiún ar siúl mar chuid de Nasc Dhún na nGall 2020. Díreoidh seisiún na maidine ar an Athlonnú go Dún na nGall agus ag obair go cianda ann.  Beidh cainteanna ann ó roinnt daoine a bhog go Dún na nGall, daoine atá ag obair go cianda laistigh den chontae, agus eolas faoi na tacaíochtaí atá ar fáil do dhaoine a d’aistrigh anseo nó atá ag smaointiú ar aistriú anseo.

 

Dúirt John McLaughlin, Príomh-Fheidhmeannach le Comhairle Contae Dhún na nGall: “le roinnt míonna anuas tá suim mhór léirithe ag daoine teacht go Dún na nGall le cónaí ann.  Is deis é Nasc Dhún na nGall chun eolas a scaipeadh faoin nascacht agus faoin bhonneagar digiteach atá againn anseo agus chun an contae a thaispeáint mar áit iontach le cónaí agus gnó a dhéanamh ann, bíodh sin go cianda nó trí cheann den iliomad mol digiteach atá againn a úsáid.

 

Nuálaíocht Ghnó

Agus earnáil láidir rafar FinTech bunaithe laistigh de Dhún na nGall cheana féin, díreoidh seisiún an tráthnóna ar an nuálaíocht i measc Lucht Ghnó Dhún na nGall. Beidh cainteanna ó Joe Dunleavy, Pramerica, agus ón Dr. Gillian Doyle, bunaitheoir de chuid Cerebon, agus ó Three Ireland atá ar thús cadhnaíochta chun nascacht a bhunú agus a neartú in Árainn Mhór.  Beidh deis ag an lucht freastail eispéireas fíorúil turasóireachta de Dhún na nGall a fháil, agus gheobhaidh siad spléachadh ar a bhfuil le tairiscint ag an réigiún do chuairteoirí.  

 

Eispéireas Ceol Traidisiúnta agus Comhaimseartha

Chun críoch a chur leis an ócáid beidh seisiún ceoil lán saibhris ar siúl do na haíonna, agus beidh trí bhuíon cheoil ar leith ann.  Beidh an bhuíon cheoil Cherish the Ladies as Glaschú ag séinm, chomh maith le Irish Devri as Bostón, dhá bhuíon a bhfuil an-cheangal acu leis an Diaspóra. Lena chois sin, beidh In Their Thousands ag seinm chomh maith, buíon cheoil as Dún na nGall féin.     

 

Clárú don Ócáid

Dúirt an Stiúrthóir Forbartha Eacnamaíochta agus Córas Faisnéise, Garry Martin, mar fhocal scoir: “mholfaimis d’Úinéirí Gnó agus d’Fheidhmeannaigh Ghnó go háitiúil bheith páirteach i Nasc Dhún na nGall 2020 chun níos mó a fhoghlaim faoi ábhair amhail An Chianobair agus an Nuálaíochta a d’fhéadfadh a dhul chun sochair go mór dóibh.   

 

Fá choinne tuilleadh eolais ar Nasc Dhún na nGall agus le ticéid a chur in áirithe don ócáid in 2020 féach ar shuíomh idirlín Nasc Dhún na nGall anseo, rphost [email protected], nó cuir scairt ar +353 74 9160735. 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO