Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Plean Athnuachana an Dá Bhaile

03/09/20 Plean Athnuachana an Dá Bhaile fógartha

Ballybofey Main Street

An Phríomhshráid i mBealach Féich

 

Fógraíodh Plean Athnuachana úr do Bhealach Féich agus Srath an Urláir an tseachtain seo, plean a tchífidh Comhairle Contae Dhún na nGall ag obair i gcomhpháirt le BASICC - Comhlacht Pobail Comhtháite Bhealach Féich agus Srath an Urláir - chun tosaíochtaí agus príomhghníomhaíochtaí a aithint a dhéanfaidh an baile a athnuachan ar bhonn inbhuanaithe suas go dtí 2040 agus níos faide amach.

 

 

Tógfaidh an Plean seo ar an obair a rinneadh sa Dá Bhaile le dhá mhí dhéag anuas agus leagfaidh sé amach na cuspóirí agus tosaíochtaí athnuachana d’fhonn láir na mbailte a neartú ó thaobh cumais agus iomaíochta de. Is iad Pasparakis Friel Architects atá ceaptha leis an obair seo a dhéanamh.

 

Agus é ag fáiltiú roimh an fhógra seo, is é a dúirt Cathaoirleach Cheantar Bardais Shrath an Urláir, An Clr. Gearaí Ó Dochartaigh: “Tá lúcháir orm go bhfuiltear ag díriú go mór ar na bailte seo a athnuachan. Mar gheall ar an bhonn ardchaighdeáin tráchtála atá sna bailte seo, i gcomhar le gnólachtaí ardchaighdeánacha agus an líon gnólachtaí miondíola agus óstaíochta atá iontu, tá an Dá Bhaile an-tábhachtach ó thaobh an fás a thiomáint chun tosaigh i nDún na nGall.”

 

Agus ar seisean leis: “Mholfainn don phobal iomlán bheith páirteach sa phróiseas comhairliúcháin sna míonna amach romhainn, go háirithe an earnáil ghnó. Tá sé an-tábhachtach go mbeidh guth agus tionchar ag na páirtithe leasmhara is tábhachtaí ar an straitéis athnuachana, chun buntáistí breise a bhaint as an cheantar mar áit bheoga le cónaí ann, le hobair ann agus le hinfheistíocht ann, agus mar áit trína soláthrófar saol rathúil don phobal iomlán san am atá le teacht.”

 Tógfaidh an plean seo ar an obair a rinneadh sa Dá Bhaile le roinnt míonna anuas, ina measc an ócáid chomhairliúcháin don phobal a bhí ar siúl in Óstán Kee’s i mí na Samhna 2019, a raibh breis agus 60 duine i láthair ann. Ón ócáid sin ar aghaidh, agus le linn dúinn bheith ag freagairt do Covid-19, leanadh ar aghaidh leis an obair seo, rinneadh tograí a fhorbairt, agus cuireadh isteach iarratais ar mhaoiniú.

 

 Mhínigh Kieran Doherty, Cathaoirleach ar BASICC: “Is iad Pasparakis Friel Architects a bheas i gceannas ar an chéad chéim eile den togra. Glacfaidh siad san áireamh tuairimí a cuireadh in iúl ag an ócáid phoiblí in 2019, ach ba mhaith leo níos mó a fhoghlaim ón phobal. Bhí mothú iontach dearfach agus dóchasach ón chruinniú i mí na Samhna, agus chuidigh sin leis an obair atá an grúpa s’againne a dhéanamh le roinnt míonna anuas. Cuideoidh an straitéis linn ár dtosaíochtaí féin agus ár ngníomhaíochtaí féin a threorú do láir na mbailte. Ba mhaith linn cur leis an fhéiniúlacht ar leith atá ag Bealach Féich agus Srath an Urláir, agus gníomhaíochtaí a aithint a bheas dearfach don gheilleagar agus don phobal sa dá bhaile”.

Dúirt Sinéad McCauley ón Fhoireann Athnuachana agus Forbraíochta i gComhairle Contae Dhún na nGall: “Taobh leis an Straitéis Athnuachana, tá muid ag forbairt togra spreagúil athnuachana lár baile. Cuirfidh an togra feabhas ar rochtain coisithe, soláthróidh sé cearnóg bhaile, agus déanfar foirgneamh oidhreachta a athúsáid. Beidh pleananna i dtaca leis an togra seo ar fáil le feiceáil ag an phobal sna seachtainí amach romhainn.”

 

 

Bí páirteach!

 

Le bheith páirteach, iarrtar ar chónaitheoirí, cuairteoirí, úinéir gnó agus páirtithe leasmhara a dtuairimí a chur in iúl tríd an suirbhé ar líne anseo.

 

Agus Dé Sathairn 12 Meán Fómhair beidh seisiún comhairliúcháin sráide ar siúl ag Pasparakis Friel Architects taobh amuigh de Shiopa McElhinney idir 12.00pm agus 2.00pm, agus beifear ag iarraidh ar dhaoine a bheas ag dul thar bráid a dtuairim a thabhairt faoi na forbairtí a shíleann siad a ba chóir a bheith ann san fhiche bliain amach romhainn.

 

Coinnigh suas chun dáta ar dhul chun cinn an togra trí é a leanúint ar Facebook @RegenerationBallybofeyStranorlar .

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO