15/01/19 Deontais ar fáil fá choinne Imeachtaí Cultúir agus Cruthaitheachta
Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag glacadh le hiarratais ar dheontais faoin Scéim Deontais Cultúir agus Cruthaitheachta 2020. Tá an Scéim ag tairiscint 15 dheontas de €2,000 do thograí a spreagann comhoibriú agus comhpháirtíocht idir an pobal agus speisialtóirí oidhreachta, ealaíontóirí, gairmithe cultúir agus/nó tionscail chruthaitheachta chun gné den chultúr ábhartha nó neamhábhartha a chosaint, a chaomhnú, taighde a dhéanamh air, a chleachtadh, a léiriú, a theagasc, dul i ngleic leis, a fheabhsú, a chur chun cinn nó aghaidh a thabhairt air ar bhealach úrnua, samhlaíoch nó cruthaitheach.
Is féidir le grúpaí pobail agus daoine aonaracha cur isteach ar mhaoiniú le haghaidh togra a bhaineann le cultúr, oidhreacht, ealaíona nó tionscail chruthaitheacha.
Cuireann Scéim Deontais Cultúir & Cruthaitheachta Dhún na nGall 2020 an comhoibriú chun cinn agus cothaíonn sí an chruthaitheacht mar atá beartaithe i gclár Éire Ildánach. Is clár cultúrtha é Éire Ildánach a bunaíodh chun folláine an duine aonair, an phobail agus na tíre a chur chun cinn. Tá Údaráis Áitiúla ar fud na tíre, Comhairle Contae Dhún na nGall san áireamh, ag obair i bpáirt le hÉire Ildánach chun Colún 2 den chlár Éire Ildánach a sheachadadh agus a bhfuil sé mar aidhm aige ‘An Chruthaitheacht a Chumasú i nGach ’. Is é an sainmhíniú a thugtar ar chultúr in Éire Ildánach ná “Na luachanna comhroinnte, na pátrúin iompair, na nósanna agus na cineálacha léirithe ar saintréithe iad de chuid grúpaí éagsúla agus de phobail éagsúla sa tsochaí ag aon tráth áirithe”.
Tá na deontais seo á gcur ar fáil trí Chlár Éire Ildánach, a fhaigheann tacaíocht ón Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta chomh maith le Comhairle Contae Dhún na nGall.
Is é an Aoine 31 Eanáir ar 12 meánlae an spriocam le haghaidh iarratais a fháil.
Tá tuilleadh eolais agus foirmeacha iarratais ar fáil ar líne nó trí ríomhphost chuig [email protected]