Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Scéim Faoisimh Tuilte Bhealach Féich / Srath an Ur

31/08/20 Scéim Faoisimh Tuilte Bhealach Féich / Srath an Urláir - Oibreacha Suirbhé

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall agus Oifig na nOibreacha Poiblí ag obair ar dhearadh agus ar fhorbairt Scéim Faoisimh Tuilte Bhealach Féich / Srath an Urláir, mar a d’fhógair an tAire Stáit i mí na Samhna 2019.   Tá gá anois le suirbhéanna topagrafacha ar chúrsaí uisce, bruacha, tailte in aice láimhe agus tairsigh réadmhaoine de chuid áitribh thráchtála agus cónaithe (leibhéil ag doirse cúil agus tosaigh).  Baileoidh na hoibreacha seo an t-eolas agus na sonraí atá de dhíth chun múnla suas chun dáta ar ríomhaire a thógáil de Limistéar na Scéime.   Beidh an bogearra seo in ann sruthanna éagsúla uisce a shamhlú go mion le fad agus doimhneacht tuilte a thomhas.   Tríd an mhúnla seo, aithneoidh an bogearra áitribh atá i mbaol tuilte agus beidh sin ina chuidiú chun bearta riachtanacha cosanta ó thuilte a dhearadh.

 

Is iad Murhpy Surveys Ltd ata ceaptha leis na hoibreacha suirbhé a dhéanamh i mBealach Féich agus Srath an Urláir, ag toiseacht ar an 7 Meán Fómhair 2020, go ceann 6 seachtaine nó mar sin.   Tá na ráitis riachtanacha i dtaca le sláinte agus sábháilteacht faighte ag Comhairle Contae Dhún na nGall ó na suirbhéirí, ag taispeáint ag gcuid prótacal agus cleachtais sábháilteachta, go háirithe i dtaca le Covid 19.    Beidh foirne de chan níos mó ná beirt ag déanamh suirbhé ar chainéil na habhann ó thaobh an bhruacha le linn dóibh a bheith sa cheantar.  Is féidir le mbeidh cead isteach acu ar thosach nó ar chúl réadmhaoine agus gairdíní chun leibhéil tairsigh nó leibhéil tailte a thaifeadadh.  

 

 

Má tá aon cheist agat déan teagmháil leis an Aonad Scéimeanna Faoisimh Tuilte   i gComhairle Contae Dhún na nGall tríd an ionad teagmhála ar 074 9153900 nó rphost [email protected].  Gabhann Comhairle Contae Dhún na nGall buíochas leis an phobal roimh ré as a gcomhoibriú san obair seo, rud a chuideoidh go mór le dearadh na scéime faoisimh tuilte.

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO