Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Seán Ferriter Halla na Mórchlú

Sean Ferriter le hinsealbhú go Halla na Mór-Chlú, Gradaim Laochra Spóirt Dhún na nGall

Sean Ferriter older

Sean Ferriter a inseabhófar go Halla na Mór-Chlú, Gradaim Laochra Spóirt Dhún na nGall

 

 

Is é iar-réalt Peile Dhún na nGall, Sean Ferriter a insealbhófar go Halla na Mór-Chlú, Gradaim Laochra Spóirt Dhún na nGall. Bhain Sean atá 81 bliain d’aois, sult as tréimhse fhada agus rathúil i ndathanna a chontae. Bhí sé ar fhoireann Mhionúr Dhún na nGall a bhain Craobh Uladh i 1956 agus d’imir sé a chéad chluiche don fhoireann sinsir nuair nach raibh sé ach ocht mbliana déag d’aois, i gcoinne Thír Eoghain. Is iomaí foireann bhreá a d’imir Ferriter leo ach níor éirigh leis bonn Uladh nó uile-Éireann a bhaint riamh. Mar sin féin, bhí ról ar leith ag an iar-Gharda i 1992. Agus é lonnaithe san ardchathair, choinnigh sé súil agus cluas ghéar ar fhoireann Bhaile Átha Cliath sna seachtainí roimh chluiche ceannais na hÉireann agus dar ndóigh d’éirigh le foireann Bhrian McEniff Corn Sam Mac Uidhir a thabhairt go Dún na nGall den chéad uair an bhliain sin.

 

 

Bhí an t-ádh ar Ferriter, agus é ag imirt don Chlochán Liath, go bhfuair sé an deis a bheith mar chaptaen ar an chéad fhoireann as Dhún na nGall ar éirigh leo Cluiche Ceannais Uladh a bhaint amach i 1963. D’imir sé ar dhá fhoireann ar éirigh leo Corn Bhóthair Iarainn Uladh a bhaint agus bhain sé trí bhonn sinsir i gCraobh Peile Dhún na nGall le Naomh Adhamhnáin. Suimiúil go leor, d’imir sé a chéad chluiche i bPáirc an Chrócaigh nuair a bhí sé naoi mbliana déag d’aois. Bhí sé ag imirt do CLG na Fianna i gCluiche Leathcheannais na Sinsear i 1958. Ní raibh sé ach i ndiaidh dul sna Gardaí. “Ní raibh busanna John Mc Ginley ar bun ag an am sin agus mar sin, bhí sé doiligh do dhuine a bhealach a dhéanamh go agus ó Bhaile Átha Cliath. Ghlacfadh sé chor a bheith dhá lá duit an turas a dhéanamh. Bhí mé ag stopadh i lóistín i nDroim Chonrach agus lá amháin chuir mé ceist ar fhear taobh amuigh cén t-ainm a bhí ar an chlub CLG áitiúil. Tugadh ‘Culchie’ ar dhaoine a tháinig ón tuath. Ba mé an chéad culchie a d’imir do na Fianna. Taithí ar dóigh a bhí ann domhsa imirt i bPáirc an Chrócaigh, go háirithe nuair nach raibh mé ach ag imirt leis an fhoireann ar feadh cúpla mí roimh ré.”

 

 

Sean Ferriter Team pic young

Foireann Chorn Bhóthair Iarainn Uladh

 

Tá taifead thar a bheith speisialta ag Sean maidir le cluichí peile i bPáirc an Chrócaigh. D’imir sé ar an fhód beannaithe do cheithre fhoireann dhifriúla – Club (Na Fianna ), Contae (Dún na nGall - cluiche leathcheannais ) Cúige (Corn Bhóthair Iarainn Uladh) agus do na Gardaí. “Tá cuimhne agam bheith ag imirt do na Gardaí i bPáirc an Chrócaigh ag am nuair a d’éalaigh cuid mhór príosúnaigh ó Phríosún Mhuinseo. Bhí an t-ingearáin le feiceáil sa spéir ach ní raibh a fhios againn a dhath go dtí go raibh an cluiche thart. I mí Bealtaine 2012, ainmníodh Ferriter mar chuid de “sár-fhoireann” Dhún na nGall Neamhspléach na hÉireann a chlúdaigh na 50 bliain roimh sin. Cuireadh san áireamh i bhfoireann Mílaoise an Donegal Democrat é i mí Eanáir 2001 fosta.

 

Rugadh Sean Ferriter i mBaile na nGallóglach ar an 15ú Meán Fómhair 1938. B’as Iarthar Chiarraí ó dhúchas dá athair agus b’as Baile Trá, Co. Lú  dá mháthair. Garda a bhí ina athair agus bhí sisean lonnaithe i mBaile na nGallóglach ag an am. Bhog an teaghlach go Co. an Chabháin i 1943 ar feadh dhá bhliain mar gur aistríodh Morgan go Cill na Leice. Tá cuimhne shoiléir ag Sean ar an dáta a d’fhill sé ar Dhún na nGall, 7ú Bealtaine 1945- an lá a chríochnaigh Coghadh Domhanda II. Bhí sé féin agus a athair i veain aistrithe troscáin agus iad ar tí saol úr a thoiseacht i mbaile cois trá darbh ainm Dún Fionnachaidh.

 

Spreagadh i dtreo an Pheil Ghaelach é agus é ag freastal ar Scoil Náisiúnta Dhún Fionnachaidh. Bhí Eamonn Cannon as Teileann ina mhúinteoir ansin agus ghríosaigh sé an t-aos óg leis an pheil a imirt. D’imir Cannon peil le Dún na nGall. Bhí tionchar ollmhór ag John Wilson ar Shean. Múinteoir i gColáiste Adhamhnáin a bhí ann agus chuaigh sé ar aghaidh le bheith ina Aire Oideachais agus ina Thánaiste i Rialtas Fhianna Fáil luath sna 1990idí. Bhunaigh Wilson, a raibh dhá bhonn uile-Éireann bainte aige le Cabhán nós an Pheil Ghaelach sa scoil mar gur sacar is mó a bhí á imirt acu.         

 

Ulster Champions

Curaidh Uladh i 1956

 

Scoláire cónaithe a bhí i bhFerriter agus sula i bhfad, bhí sé mar chúl báire ag Wilson ar fhoireann Naomh Adhamhnáin. D’éirigh leis an fhoireann Cluiche Ceannais Chorn McRory a bhaint amach i 1956. Ar an fhoireann leis bhí Mick McGinley (Craoslach), Anton McGettigan (Na Dúnaibh), Sean McEntee (Leitir Ceanainn) agus Hugh Strain (Cill Mhic Réanáin). Ina dhiaidh sin, d’imir fear Dhún Fhionnachaidh le foireann mhionúr na contae a bhain Craobh Uladh an samhradh sin. Bhí a chara dílis, John Hannigan go ndéana Dia a mhaith air, leis ar an fhoireann chomh maith le hAnton Mc Gettigan. Imreoir sármhaith a bhí i Anton dar le Ferriter.

 

Chuaigh a ghairm peile ó neart go neart agus i 1957, d’imir sé a chéad chluiche d’ fhoireann sinsear na contae nuair nach raibh sé ach ocht bliana déag d’aois, i gcoinne Thír Eoghain. Bhí sé i lár na páirce i gcuideachta Sean McCormack, fear as Sligeach ó dhúchas ach atá ag cur faoi anois i mBaile na nGallóglach. Ní raibh rath mór ar an fhoireann sna blianta sin. D’éirigh leo áit a bhaint amach i gcúpla cluiche leathcheannais sraithe i lár na 60idí ach ní raibh an lá leo. “D’imir muid go maith i gcoinne na Gaillimhe, bhí siadsan ina gcuraidh uile-Éireann ag an am. Bhí conspóid mhór faoi chic pionóis Neily Gallagher. Cuireadh an liathróid san eangach sular tugadh an cic pionóis. Bhí gaoth láidir ann agus séideadh an liathróid ón spota. Chuaigh Neily leis an liathróid a chur ar ais ar an spota ach thug an réiteoir cic saor amach.”

 

Bhain Sean dhá Chorn Bhóthair Iarainn le Cúige Uladh agus bhí réalt an Dúin, Joe Lennon ar cheann dá chuid laochra, ní hamháin ar an pháirc peile ach mar gheall ar an chuidiú a thug an múinteoir Corp Oideachais dó. Roinnt blianta roimhe sin, nuair a bhí Ferriter lonnaithe ar an Chlochán Liath, sheol Lennon clár traenála pearsanta 12 leathanach ar fhad chuige. Dar le Ferriter ba iad Sean O Neill (An Dún), Mick Carlin (Cill Dara) agus beirt imreoir an Chabháin Ray Carolan agus Gabriel Kelly na himreoirí ab fhearr a bhí ann. Maidir le Dún na nGall de, bhí sé den tuairim gurbh iad P.J. Flood, Mickey McLoone agus John Hannigan na himreoirí ab fhearr.

 

Millenium Team  reunion

Sean Ferriter le foireann 1967 Naomh Adhamhnáin.

 

D’éirigh le Sean bonn sraithe a bhaint leis an Chlochán Liath agus trí bhonn le Naomh Adhamhnáin i gCraobh Sinsir Peile Dhún na nGall. Chuaigh sé le gairm na nGardaí agus níor amharc sé siar nó aniar air ó fuair sé a chéad phost i mBaile Átha Cliath i 1959. B’in bliain stairiúil don tír mar gur bronnadh céim ar an chéad 12 bangharda, beirt as Dún na nGall san áireamh. Tháinig Sean ar ais go Dún na nGall, bhí sé lonnaithe ar an Chlochán Liath don chéad cheithre bliana agus mar an gcéanna i Leitir Ceanainn ina dhiaidh sin sular chur sé deireadh lena sheirbhís i mBaile Átha Cliath. Agus é ina sháirsint sa Chabrach, d’fhill sé ar an oideachas agus chuaigh sé ar aghaidh le bheith ina dhlíodóir i ndiaidh dó éirí as. D’oibrigh sé le comhlacht dlí i mBaile Bhlainséir ar feadh seacht mbliana déag.

 

Ba as Durlas i gCo. Thiobráid Áriann dá bhean Mary a fuair bás naoi mbliana ó shin. Casadh an bheirt ar a chéile i mBaile Átha Cliath, áit a raibh Mary ag obair mar státseirbhíseach agus an fear a bhí sí le pósadh ag obair sna Gardaí. Bhí ochtar clainne acu- Marie (Londain) Brendan (Craoslach), Sean (Baile Átha Cliath), Maurice (Baile Átha Cliath), Paul (Baile Átha Cliath), Claire (beannacht Dé lena hanam) agus Joanne (Baile Átha Cliath).

 

Tá deirfiúr amháin aige Teresa (Baile Átha Cliath) agus triúr deartháir Pierce (Laghey), Paul (An Astráil) agus Morgan (Loch Garman). Cailleadh a dheirfiúr Bernadette.

 

Tá Ferriter ag súil go mór le Gradaim Laochra Spóirt Dhún na nGall ar 31ú Eanáir, áit a mbeidh sé insealbhaithe go Halla na Mór-Chlú. “Is onóir mhór domh Halla na Mór-Chlú a fháil agus tá me ag dúil go mór leis an oíche. Bhí tionchar mór ag an pheil ar mo shaol agus tá go fóill. Caithim go leor ama go fóill i nDún Fionnachaidh, áit a bhfuil teach agam. Freastalaím ar chluichí Naomh Micheál go léir agus bhí mé ag achan chluiche a d’imir Dún na nGall anuraidh.”

 

Beidh Sean ar an 44ú duine a inshealbhófar go Halla na Mór-Chlú, Gradaim Laochra Spóirt Dhún na nGall. Tá sé ag leanstan lorg a leithéidí an tAth Michael Sweeney, Brian McEniff, Jim Sheridan, Danny McDaid agus Eunan ‘Busty’ Blake.

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO