Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Stair an Lae inniu le linn Covid 19

07/05/20 Stair an Lae Inniu – Ag bailiú scéalta faoi shaol na ndaoine le linn COVID-19

 

 

Bailiúchán an Chontae a chruthú

An dtig leat cuidiú linn Bailiúchán Contae a chur le chéile chun scéal na paindéime i nDún na nGall a inse?

Is géarchéim shláinte dhomhanda as an ghnáth í an phaindéim COVID-19 atá ar siúl faoi láthair. Fágfaidh sé a lorg ar an ghlúin seo. Tá Rannán Cultúir Chomhairle Contae Dhún na nGall (Músaem, Cartlann, Ealaíona, Oidhreacht agus Leabharlanna) ag iarraidh do scéalta maidir leis an saol le linn na paindéime Covid-19 a bhailiú, a dhoiciméadú agus a chaomhnú. De ghnáth, síltear an stair a bheith bainte le himeachtaí a tharla san am atá caite, ach tá muid beo anois i ré an-stairiúil. Cuidigh linn cuntas a choinneáil den saol i nDún na nGall le linn na paindéime seo agus cur le scéal an Chontae s’againne mar chuid den eachtra stairiúil dhomhanda seo.

 

Cad é atá muid a chuartú?

Tá muid ag iarraidh cluinstin go díreach ó réimse leathan daoine - i bpoist éagsúla, i róil éagsúla sa phobal, i gcomhthéacsanna éagsúla teaghlaigh - faoin saol laethúil atá acu le linn Scaradh Sóisialta, Féin-Aonrú agus Clutharú. B’fhéidir go bhfuil tú ag obair ón teach, nó ag cur oideachais ar do pháistí sa bhaile, nó ag tabhairt aire do thuismitheoirí aosta nó do chomharsana, nó ag obair mar oibrí riachtanach nó b’fhéidir gur chaill tú do phost de bharr druidim gnólachta. Ar thosaigh tú ag bácáil nó an bhfuil carn mór páipéar leithris i bhfolach agat? Ar buaileadh thú féin nó duine de do mhuintir le Covid-19? Inis dúinn do scéal faoin dóigh a bhfuil tú ag maireachtáil san am corrach seo. 

Thig leat do scéal a chomhroinnt in aon dóigh is mian leat. Is féidir é a dhéanamh i bhfoirm litreacha, dialanna, scríbhneoireacht chruthaitheach, líníochtaí, grianghraif, físeáin bheaga nó ar aon dóigh eile.  Tá suim againn fosta rudaí agus ábhair a bhailiú a bhaineann le COVID-19, ina measc Trealamh Cosanta Pearsanta (nuair nach bhfuil sé de dhíth níos mó), póstaeir, bileoga etc. Ar thosaigh tú caitheamh aimsire úr? An bhfuil saothar cruthaitheach agat a ba mhaith leat a bhronnadh ar an bhailiúchán seo? Cad é an oidhreacht nádúrtha, thógtha nó chultúrtha atá aimsithe agat taobh istigh de chúid chiliméadar ó do theach féin? Má tá aon rud suimiúil agat, cuir scéala chugainn le do thoil.

 

Cad é a dhéanfar leis an ábhar a chuirfear isteach?

Aon rud a thugtar don Bhailiúchán seo, pléifear leis ar bhonn iomlán rúnda. Ní chuirfear aon rud ar fáil don phobal gan do chead a fháil i scríbhinn. Gach ábhar a chuirfear isteach chuig an Bhailiúchán seo, clúdófar é le foirm Dheonúcháin idir an Deontóir agus an tseirbhís chuí, ag cur in iúl cén uair agus cén dóigh ar féidir é a chur ar fáil ar taispeáint agus le haghaidh lucht taighde amach anseo.

 

Cad é mar a thig leat bheith páirteach?

Más mian leat bheith páirteach sa Bhailiúchán Contae seo ná má tá ceist ar bith agat, gabh i dteagmháil le Músaem Contae Dhún na nGall ar [email protected] nó fág teachtaireacht ar  074 9124613

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO