Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Tionscadal Conairí Siúil agus Rothaíochta

2/07/20 Tionscadal Trail Gazers ag dul chun cinn le fonn agus le fuinneamh ar réimse pleananna

trailgazers zoom

Cruinniú ar líne de chuid an tionscadail Trail Gazers - 23/24 Meitheamh 2020

 

Rinneadh dul chun cinn mór an tseachtain seo caite ar thionscadal úr spreagúil de chonairí siúil agus fóillíochta in ocht n-áit ar fud na hEorpa, faoi cheannaireacht Chomhairle Contae Dhún na nGall.

 

Tá conairí in áiteanna iontacha ó Dhún na nGall go dtí an Phortaingéil san áireamh mar chuid de Thionscadal úr Trail Gazers i Limistéar an Atlantaigh.  Sna sála ar an seoladh an-rathúil ar líne a rinneadh de shuíomh idirlín an tionscadail níos luaithe an mhí seo, bhí cruinniú ar líne ag na comhpháirtithe ó ar fud Limistéar an Atlantaigh ar an 23 agus 24 Meitheamh nuair a leanadh ar aghaidh leis an mhionphleanáil ar an tionscadal faoi leith seo.

 

Tá sé de chuspóir ag an tionscadal Trail Gazers a oibriú amach cén tionchar a bhí ag an infheistíocht shuntasach, a rinneadh ar feadh na mblianta i gconairí siúil agus fóillíochta ar fud Limistéar an Atlantaigh, chun pobail tuaithe a chothabháil, agus fiosróidh sé dóigheanna nuálacha leis an tionchar seo a mhéadú.  

 

I ndiaidh an chruinnithe dhá lae dúirt An Bainisteoir Tionscadail le haghaidh Trail Gazers, Loretta McNicholas ó Chomhairle Contae Dhún na nGall, : ‘In aineoinn an droch-am a bhfuil muid ann, tá lúcháir orm leis an oiread dul chun cinn atá déanta de bharr dúthracht agus fonn gach comhpháirtí chun brú ar aghaidh agus torthaí tábhachtacha a bhaint amach sna míonna amach romhainn’.   Ghabh sí buíochas fosta leis an Fhoireann Taighde agus Beartas i gComhairle Contae Dhún na nGall as a gcuid oibre crua agus as a dtiomantas leis an tionscadal seo a chur i bhfeidhm i gcúinsí thar a bheith deacair, agus dúirt sí fosta go raibh an smaointeoireacht nuálach agus úsáid na teicneolaíochta an-tábhachtach chun seo a thabhairt i gcrích. 

 

Le linn an chruinnithe dhá lae ar líne an tseachtain seo caite, chuir comhpháirtithe ó gach réigiún i láthair a gcuid tuairiscí oibre cothrom le dáta, a raibh ina measc:

 

- Aip darb ainm ‘Lost Stories and Folklore of the Trails’ a fhorbairt ina mbeidh seanscéalta, bealoideas agus fabhalscéalta maidir le láithreacha inspéise ar feadh gach conaire; chun féachaint leis an stair thábhachtach seo ó bhéal a chaomhnú, í a chomhroinnt leis na cuairteoirí agus a gcuid mothúchán a spreagradh don tseansaol, fonn a spreagadh iontu níos mó eolais a fhiosrú faoin cheantar, agus eispéireas a thabhairt dóibh a mhairfidh acu i bhfad i ndiaidh dá gcuairt a bheith thart.

 

- Treoir mhodheolaíochta a aontú maidir leis na tionchair eacnamaíochta ar gheilleagair áitiúla

 

- Scóipeáil a dhéanamh ar na príomhroghanna forbartha a chuirfidh le líon na gcuairteoirí nó a chuirfidh leis an teagmháil agus leis an chaidreamh eacnamaíochta, sóisialta agus cultúrtha idir gach conair agus an ceantar máguaird.

 

Tugadh na tuairiscí is déanaí do na comhpháirtithe fosta maidir le straitéisí tábhachtacha chun suíomhanna na gconairí a chaomhnú agus a chosaint, trí phacáistí cúram conairí agus podchraoltaí a fhorbairt a chuirfidh chun cinn na buntáistí sláinte a bhaineann le siúl agus rothaíocht. 

 

Tá Trail Gazers suite in ocht gcinn de shuíomhanna píolótacha do chonairí in 'Chemin De Mémoires', sa Bhriotáin, An Fhrainc; ‘Via Verde del Plazola' in Navarra, An Spáinn; 'La Caldera de Taburiente’ i  Las Palma sna hOileáin Chanáracha; na 'Seven Hanging Valleys' san Algarve, An Phortaingéil; 'Sacred Mountain' in Viana do Castelo, Tuaisceart na Portaingéile; an ‘Taff Trail’ in Oirthear na Breataine Bige agus na Valleys;  ‘Lúb Chnoc na Ria / Chill Easpaig Bhróin’ i Sligeach agus ‘Leibhéil na hInse’ i nDún na nGall.

 

Beidh an chéad chruinniú stiúrtha eile ar siúl i mí Dheireadh Fómhair, 2020. 

 

Fá choinne tuilleadh eolais faoin tionscadal Trail Gazers, féach leat ar an suíomh idirlín s’againne www.trailgazers.eu

 

Faigheann Trail Gazers comh-mhaoiniú ó Chlár Limistéar an Atlantaigh de chuid Interreg trí Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa.

 

 

CRÍOCH

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO