Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Tionscnamh Mór Bailte Stairiúla do Ráth Mealtain

08/07/20 Tionscnamh Mór Bailte Stairiúla do Ráth Mealtain

Ramelton Heritage

Cuid de na foirgnimh stairiúla ar Shráid an Chaisleáin, Ráth Mealtain a bhainfidh tairbhe as an Tionscnamh Bailte Stairiúla i mbliana.   Tá €200,000 faighte ón Chomhairle Oidhreachta, faoin Tionscnamh Bailte Stairiúla,  ag Comhairle Contae Dhún na nGall i gcomhpháirtíocht le Cumann Seoirseach Ráth Mealtain agus le húinéirí áitiúla réadmhaoine.  

 

Gheobhaidh an timpeallacht thógtha stairiúil i Ráth Mealtain tacaíocht agus infheistíocht a bhfuil géarghá leis, i ndiaidh an fhógra gur bhronn An Chomhairle Oidhreachta €200,000 le haghaidh tionscnamh athnuachana oidhreachta sa bhaile i mbliana.   Faoi Thionscnamh Bailte Stairiúla na Comhairle Oidhreachta bronnadh €200,000 ar Oifig Oidhreachta agus Oifig Caomhantais Chomhairle Contae Dhún na nGall, i gcomhpháirtíocht le Cumann Seoirseach Ráth Mealtain, Ailtireacht Dedalus agus an pobal áitiúil agus úinéirí áitiúla réadmhaoine.   Seo an dara huair ar éirigh le Comhairle Contae Dhún na nGall faoin Tionscnamh Bailte Stairiúla i ndiaidh gur bronnadh €200,000 faoin scéim anuraidh do Lána na hEaglaise, Leitir Ceanainn.   Cuirfear €50,000 leis an mhaoiniú ó Chomhairle Contae Dhún na nGall chomh maith le hinfheistíocht phríobháideach ó úinéirí réadmhaoine.

 

“Tá sé aitheanta níos mó gur gá inmharthanacht agus athnuachan rathúil ár gcuid bailte agus sráidbhailte a bheith bunaithe ar, agus treoraithe ag, tuiscint a bheith againn ar ár dtimpeallacht thógtha agus infheistíocht a dhéanamh inti” a dúirt Joseph Ó Gallchóir, Oifigeach Oidhreachta Chontae Dhún na nGall.  “Tá an Tionscnamh Bailte Stairiúla faoi stiúir an údaráis áitiúil agus an phobail áitiúil agus tá cúrsaí oidhreachta ina chroílár.   Léiríonn an taithí gurb iad na háiteanna sin a bhfuil bród láidir pobail iontu i dtaca lena gcuid foirgeamh stairiúil, a úsáideann an cleachtas is fearr caomhantais, agus a dhéanann cinnithe ciallmhara ó thaobh úsáid talún de, gurb iad na háiteanna sin a dhéanann na háiteanna is fearr le cónaí ann, le hobair ann, agus dul ar cuairt ann.   Le blianta fada anuas, tugadh neamhaird ar fhoirgnimh stairiúla agus ar shráid-dreacha stairiúla inár gcuid bailte agus sráidbhailte.   Léiríonn tograí ar nós an Tionscnaimh Bailte Stairiúla an tábhacht atá lenár n-oidhreacht thógtha agus tarraingíonn siad aird ar na deiseanna a bhaineann le foirgnimh stairiúla ar féidir iad a chur in oiriúint d’úsáidí eile agus a chuireann beocht agus brí ar ais inár mbailte agus sráidbhailte stairiúla.   Tá stair iontach saibhir ag Ráth Mealtain agus tá sé seo le feiceáil go soiléir ina chuid foirgneamh stairiúil.   Tá súil againn go spreagfaidh an Tionscnamh Bailte Stairiúla i Ráth Mealtain i mbliana, agus an tionscnamh ar Lána na hEaglaise i Leitir Ceanainn anuraidh, a bhfuil duaiseanna bainte aige, go spreagfaidh siad tionscnaimh eile oidhreachta i mbailte agus i sráidbhailte in áiteanna eile sa chontae.”

 

“Rachaidh infheistíocht iomlán de bhreis agus €420,000 chun sochair do cheithre cinn déag d’fhoirgnimh stairiúla ar feadh Shráid an Chaisleáin, ag Cros an Mhargaidh agus An Teach ar an Bhrí ar Shráid an Droichid”a dúirt Collette Beattie, Oifigeach Caomhantais, Comhairle Contae Dhún na nGall.  “Mar chuid de na hoibreacha caomhantais atá beartaithe faoin Tionscnamh Bailte Stairiúla tá deisiúcháin dín agus simléir, earraí uisce fearthainne déanta as iarann teilgthe a chur isteach, saisfhuinneoga adhmaid agus doirse a athchóiriú, aghaidheanna siopaí stairiúla a dheisiú agus a athshuíomh ag baint úsáid as ábhair thraidisiúnta agus ag leanúint an chleachtais chaomhantais is fearr.   San iarratas a rinne muid, d’oibrigh muid go dlúth le Joe Birney, Jean Winston agus Cumann Seoirseach Ráth Mealtain agus leis an ailtire grád a haon Duncan McLaren ó Ailtireacht Dedalus a dhéanfaidh maoirseacht chaomhantais don tionscadal.   Tá na cónaitheoirí áitiúla, gnólachtaí áitiúla agus coistí pobail áitiúla ag tacú leis an tionscnamh fosta.   Beidh na hoibreacha curtha i gcrích faoi mhí na Samhna agus tá muid ag súil le bheith ag obair leis na páirtithe leasmhara seo ar fad lena chinntiú go n-éireoidh leis an tionscnamh.   Cuideoidh an Tionscnamh Bailte Stairiúla fosta chun bonn eolais a chur faoin scéim réimse poiblí atá á dearadh ag Foireann Athnuachana agus Forbraíochta Chomhairle Contae Dhún na nGall.”

 

Ramelton Heritage 1

‘An Teach ar an Bhrí’, atá faoi chúram Chumann Seoirseach Ráth Mealtain agus a ndéanfar oibreacha suntasacha caomhantais air faoi Thionscnamh Bailte Stairiúla na Comhairle Oidhreachta.

 

Cuidíonn Tionscnamh Bailte Stairiúla Ráth Mealtain le cur i bhfeidhm Gníomhaíocht 1 (Foirgnimh agus Sráideanna Stairiúla a Athchóiriú) de Phlean Gníomhaíochta Ráth Mealtain a seoladh ar na mallaibh.   Is Déanmhais Chosanta iad gach ceann de na 14 fhoirgneamh is ábhar do Thionscnamh Bailte Stairiúla Ráth Mealtain, sin nó tá siad san áireamh ar Fhardal Náisiúnta na hOidhreachta Ailtireachta.  Is é atá i nDéanmhas Cosanta struchtúr atá á chosaint faoin Acht Pleanála agus Forbartha agus meastar é a bheith ina dhíol spéise ailtireachta, stairiúil, seandálaíochta, ealaíonta, cultúrtha, eolaíoch, sóisialta nó teicniúil.  Beidh na hoibreacha atá beartaithe ar siúl fosta laistigh de limistéar le hacmhainneacht seandálaíochta atá á chosaint faoi Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta i mbaile stairiúil Ráth Mealtain.   Bhain cúig bhaile eile ar fud na tíre tairbhe as an Tionscnamh Bailte Stairiúla i mbliana: Béal an Átha, Contae Mhaigh Eo (€140,000); Cluain Eois, Contae Mhuineacháin (€103,000); Ros Comáin, Contae Ros Comáin (€157,000); Sligeach, Contae Shligigh (€200,000) agus Trá Lí, Contae Chiarraí (€200,000).  

 

Dúirt Malcolm Noonan, Aire Stáit don Oidhreacht: “Ar dtús, mar is eol do chuid mhór daoine, tá mise tiomanta don athnuachan oidhreacht-treoraithe inár gcuid bailte agus sráidbhailte,mar sin de tá gliondar agus lúcháir orm go bhfuil sé ar cheann de na chéad róil agam mar Aire comhghairdeas a dhéanamh le sé bhaile rathúla a bhainfidh tairbhe as Tionscnamh Bailte Stairiúla 2020.   Tá muid beo i dtréimhse iontach eisceachtúil agus tá ár gcuid pobal ag dul i ngleic le dúshláin agus le cruatan atá as an ghnáth.  Tá súil agamsa gur féidir le maoiniú mar seo, trí athnuachan oidhreacht-treoraithe, buntáistí eacnamaíochta a thabhairt chuig ár mbailte stairiúla chun cuidiú leo teacht faoi bhláth arís eile.   Is mian linn an oidhreacht thógtha, chultúrtha agus nádúrtha a chur chun tosaigh i mbeartas an rialtais agus i dtéarnamh na tíre araon agus mar sin detá mé ag súil le bheith ag obair leis An Chomhairle Oidhreachta agus leis an Roinn ar thionscnaimh cosúil leis seo sna míonna agus blianta amach romhainn.”

 

Is féidir le gach údarás áitiúil iarratas amháin a dhéanamh chuig an Tionscnamh Bailte Stairiúla gach bliain.   “Chuir gach ceann de na bailte rathúla isteach iarratas plean-bhunaithe le fís shoiléir, gníomhaíochtaí is féidir a bhaint amach agus geallúint go mbeidh an pobal rannpháirteach go láidir ann” a mhínigh Virginia Teehan, Príomh-Fheidhmeannach leis an Chomhairle Oidhreachta. “Tá an Chomhairle Oidhreachta breá sásta, arís eile, an Tionscnamh Bailte Stairiúla 2020 a reáchtáil in 2020.  Is tosaíocht thábhachtach don Chomhairle Oidhreachta é bheith ag obair le comhpháirtithe lenár n-oidhreacht thógtha a chosaint, agus tá muid ag súil go mór le bheith ag obair leis an Aire Noonan maidir le gach rud a bhaineann le cúram a thabhairt dár n-oidhreacht shaibhir.”  Dúirt Cathaoirleach na Comhairle Oidhreachta, Michael Parsons, leis:  “Tá sé go hiontach a bheith in ann tacú le réimse leathan tionscadal ar fud na tíre. Tá lúcháir ar an Chomhairle Oidhreachta go bhfuil an tAire Noonan i ndiaidh an post seo a ghlacadh agus a thacaíocht láidir a thabhairt don chomhthionscnamh seo.”

Má shíleann tú go gcomhlíonann do bhaile na critéir don Tionscnamh Bailte Stairiúla, nó go bhfuil sé ag obair i dtreo na critéir a chomhlíonadh, déan teagmháil le hOifig Oidhreachta Chontae Dhún na nGall ar (074) 917 2576 nó trí ríomhphost ar [email protected]

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO