Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Tuarascáil Roghnúcháin Ten-T

Tuarascáil Roghnúcháin do TEN-T Dhún na nGall ar fáil

TEN T

 

13/01/19 Tuarascáil Roghnúcháin Roghanna do Thionscadal Feabhsúcháin Bhealach Tosaíochta TEN-T Dhún na nGall ar fáil anois.

 

Tá tús áite tugtha d’obair fheabhsúcháin ar thrí stráice den Ghréasán TEN-T i nDún na nGall chun dul i ngleic le fadhbanna sábháilteachta agus oibríochta. Is iad na stráicí atá i gceist ná:

 

  • Stráice 1 – N15/N13 Reigiún Uirbeach Bhealach Féich/Shrath an Urláir
  • Stráice 2 – N56/N13 Leitir Ceanainn go Mainéar Uí Chuinneagáin agus
  • Stráice 3 – N14 Mainéar Uí Chuinneagáin go Leifear/ An Srath Bán / Nascbhóthar an A5

 

Beidh an Tuarascáil Roghnúcháin ar fáil don phobal ó inniu 13ú Eanáir 2020 chomh maith le sonraí ar fhorbairt Chéim 2 (Rogha Roghnaithe) den tionscadal. Tugann an Tuarascáil na Conairí Roghnaithe d’achan stráice le fios.

 

Cuirfear na Conairí Roghnaithe agus an Tuarascáil Roghnúcháin ar taispeáint i dTeach an Chontae i Leifear, i ngach Ionad Seirbhísí Poiblí ar fud an chontae agus i Leabharlann Phobail na mBailte Nasctha, Srath an Urláir le linn na ngnáthuaireanta oibre. Beidh siad ar fáil le híoslódáil saor in aisce ar shuíomh idirlín TENT-T Dhún na nGall fosta. www.donegal-ten-t.ie

 

Caidé a tharlaíonn ansin?

 

Déanfar forbairt ar Dhearadh agus tabharfar faoi Mheasúnacht  Tionchair Timpeallachta an dearaidh i gCéim 2 den Tionscadal.

 

Mar chuid d’fhorbairt leanúnach an tionscadail, déanfar suirbhéanna agus scaipfear ar fud limistéar staidéir an tionscadail iad. I measc na suirbhéanna, beidh réamhshuirbhéanna súl chomh maith le himscrúduithe talaimh. Beifear i dteagmháil leis na húinéirí talaimh roimh na suirbhéanna chun socruithe a dhéanamh maidir le cead isteach.

 

Rachaidh Foireann Idirchaidrimh Thalaimh TEN-T atá lonnaithe in Oifig na mBóithre Náisiúnta Chomhairle Contae Dhún na nGall, i dteagmháil leis na húinéirí talaimh/tí a mbaineann an tionscadal seo leo. Beidh foireann an tionscadail agus/nó na hOifigigh Idirchaidrimh Phoiblí ar fáil chun plé a dhéanamh ar aon deacracht/ceist atá ag úinéirí tí/talaimh ag staid ar bith den tionscadail. 

 

Tuilleadh eolais le fáil ag www.donegal-ten-t.ie

 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO