Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > Cultúr > Oifig Ealaíon an Chontae > Saothair Nua agus Ealaíona ar Chamchuairte

Saothair Nua agus Ealaíona ar Chamchuairt

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag obair go fonnmhar le réimse leathan ealaíontóirí áitiúla, grúpaí ealaíon agus ionaid chun a chinntiú go mbeidh réimse léirithe gairmiúla amharclainne agus ceoil ar siúl ar fud an chontae.  Tá baint ghníomhach ag an Chomhairle fosta le coimisiúnú agus cómhaoiniú saothar nua le healaíontóirí i nDún na nGall agus tacaíonn an Chomhairle go háirithe le saothar nua a d’fhéadfadh a bheith ábhartha agus suimiúil do mhuintir na háite. 

 

'The Weather Makers', by Inishowen Carnival Group, was supported under Donegal County Council's New Work and Touring Arts Programme

 

I measc na léiriúcháin ghairmiúla a cruthaíodh, a cuireadh i láthair agus a chuaigh ar camchuairt le tacaíocht ó Chomhairle Contae Dhún na nGall le tamall anuas, tá seónna le North West Opera (‘The Merry Widow’ le Franz Léharr, ‘La Bohème’ le Giacomo Puccini), Balor Rep Theatre Company ( 'The Country Boy' le John Murphy,  

 

 

 

'Women on the Verge of HRT' le Marie Jones), Inishowen Carnival Group ('The Weather Makers', 'Get Here' agus 'Carnival Zoo', le Inishowen Carnival Group), Workhouse Theatre ('Aristocrats' le Brian Friel) agus Joe Brennan ('Star Boy' le Joe Brennan).

 

 

Is féidir le healaíontóirí, grúpaí ealaíon nó grúpaí pobail ar mian leo saothair nua nó tairiscintí ealaíon camchuairte a phlé leis an tSeirbhís Ealaíon é sin a dhéanamh trí theagmháil dhíreach a dhéanamh leis an tSeirbhís - féach Déan Teagmháil Linn