Is é an t-ainm foirmeálta atá ar an Scéim Chúitimh Míoca ná Scéim Cúnaimh Airgeadais um Dheisiúchán Teaghaisí ar Damáistíodh iad mar gheall ar Bhloic Choincréite Lochtacha.
I nDún na nGall, áfach, is é an t-ainm coitianta atá air ná an Scéim Chúitimh Míoca.
Tá an scéim ar fáil le cuidiú le húinéirí tí obair dheisiúcháin a dhéanamh ar a bpríomháit chónaithe phríobháideach sa chás ina gcinntear go ndearnadh damáiste don teach as siocair bloic choincréite lochtacha.
Tá an nasc chun iarratas a dhéanamh ar fáil in Céim 1 - Cad é mar a dhéanaim iarratas?