Agus go bhfuil an méid seo a leanas réidh le huaslódáil agat (i bhformáid PDF):
a. |
Cruthúnas gur íocadh an Cháin mhaoine áitiúil
|
b. |
Cruthúnas Úinéireachta
|
c. |
Toiliú comhúinéara/comhúinéirí más amhlaidh gur le comhúinéirí an áit chónaithe bhainteach
|
d. |
Cruthúnas gurb í an áit chónaithe an Phríomháit Chónaithe Phríobháideach s’agat (2 dhoiciméad ar a laghad a léiríonn an seoladh agus é dátaithe tráth nach sine ná 6 mhí ó shin)
|
e. |
An tuairisc innealtóra s’agat ar a n-áirítear an Tuairisc Deiridh IS465 agus rogha mholta deisiúcháin
|
f. |
foirm dearbhaithe Chéim 1 an innealtóra s’agat
|
g. |
Gach sonra(i)sc miondealaithe a bhaineann le táillí i dtaca le hullmhú thuairisc an innealtóra
|
Má tá an méid sin thuas uilig agat, tig leat d’iarratas ar Dhearbhú Incháilitheachta a dhéanamh ag an nasc seo.
Chomh luath is a bheas an t-iarratas curtha isteach agat, déanfaidh an Chomhairle seiceáil go bhfuil an t-iarratas bailí sula ndéanfar measúnú air agus sula ndéanfar cinneadh.
>> SIAR
Tig leat tús a chur leis an iarratas agus eolas a chur leis, á shábháil de réir mar a théann tú tríd. Bíonn aon doiciméid a iarrtar ort de dhíth leis an iarratas a mheasúnú. Ní chaithfidh tú iad uilig a sholáthar san aon am amháin. Tig leat logáil amach agus ansin logáil isteach arís le hiad a uaslódáil. Ní thig leat an t-iarratas a chur isteach lena mheasúnú go dtí go mbeidh na sonraí uilig comhlánaithe agat agus na doiciméid uilig uaslódáilte agat.
2. Níl a fhios agam Éirchód na háite cónaithe s’agam
Tig leat an tÉirchód a chuardach agus a sheiceáil ar www.eircode.ie
3. Seans gur chuir mé rud isteach contráilte – an dtig liom é a cheartú?
Tig leat logáil isteach agus amach as an iarratas le hathruithe a dhéanamh agus le doiciméid a chur leis nó a bhaint de go dtí go socróidh tú ar cuir isteach a chliceáil le d’iarratas a chur isteach. Tosóidh an comhairle ansin ar a mheasúnú agus déanfar teagmháil leat má bhíonn fadhb ann nó má bhíonn níos mó eolais de dhíth. Is fearr achan rud a bheith i gceart agat roimh duit an t-iarratas a chur isteach le moill a sheachaint.
<< siar / ar aghaidh >>