Donegal County Council Logo
Baile > Deontais maidir le Bloic Lochtacha > Céim 2 – Faomhadh Deontais > Cad iad na costais a chlúdaíonn an scéim

Céim 2 – Cad iad na costais a chlúdaíonn an scéim seo?

Clúdaíonn an scéim seo suas le 90% den chostas fhaofa nó den chostas iarbhír, pé acu is ísle, a bhaineann le deisiúchán na háite cónaithe (faoi réir teorainneacha uasta), lena n-áirítear:üü

a)    Táillí faoi choinne thuairisc an innealtóra (Tuairisc Deiridh IS465 agus moladh maidir le rogha dheisiúcháin) a cuireadh isteach faoi Chéim 1

b)    Táillí a tabhaíodh le linn d’innealtóir inniúil an Phlean Oibreacha Deisiúcháin a ullmhú.

c)    Costais a bhaineann le conraitheoir na hoibreacha a chur i gcrích

d)    Maoirsiú gairmiúil na n-oibreacha deisiúcháin lena n-áirítear cigireacht, sláinte agus sábháilteacht, agus deimhniúchán.

 

<< SIA>

AR AGHAIDH >>

Ceisteanna Coitianta – Céim 2 – Cad iad na costais a chlúdaíonn an scéim seo?

 

1.    An dtig liom íocaíocht a fháil as obair atá déanta agam cheana?

Ní thig, ní féidir aon obair atá déanta agat cheana nó ar cuireadh tús léi sula bhfuair tú faomhadh deontais a chur san áireamh san iarratas.

 

2.    An féidir an garáiste s’agam agus/nó aon chróite nó tithe lasmuigh a chuimsiú sna hoibreacha deisiúcháin?

Ní chuimsítear ach amháin cróite nó foirgnimh atá ceangailte den teach cónaithe féin, mar shampla, chuimseofaí garáiste atá ceangailte den teach ach ní chuimseofaí garáiste scoite.

 

3.    An ceadmhach domh fuinneoga, doirse agus/nó aonaid chistine úra a chur isteach?

Moltar do dhaoine ábhair a athúsáid, a athshlánú agus a athchúrsáil agus, dá réir, ba cheart gach ábhar tógála is féidir a athshlánú agus a athúsáid, a úsáid. Faoi théarmaí na scéime seo, ní áireofar fuinneoga/doirse nua ar na costais fhaofa. Glactar leis i gcás gach rogha deisiúcháin, go mbainfear amach na doirse agus na fuinneoga seachtracha atá ann cheana agus go gcuirfear isteach arís iad. Níl na costais a bhaineann le fuinneoga, doirse agus aonaid chistine úra a chur isteach nuair nach bhfuil gá leis incháilithe le haghaidh cúnamh deontais faoin scéim seo.

 

4.    An ceadmhach domh insliú cuasbhalla nua a chur isteach nuair atá na hoibreacha deisiúcháin á ndéanamh?

Cuimseofar insliú cuasbhalla nua a chur isteach ina chostas ceadaithe. Ar mhaithe le soiléireacht, is ceadmhach insliú nua a chur isteach ach ar bhonn insliú nua ‘macasamhail le macasamhail’ amháin. Ní mheasfar aon fheabhsúchán ar an insliú atá ann faoi láthair (ar an choinníoll go gcomhlíontar íosriachtanais na rialachán tógála) a bheith inghlactha mar chostas faofa. Sa chás ina mbítear ag meabhrú ar insliú cuasbhalla líonadh iomlán a úsáid, ní mór don Innealtóir measúnú riosca a dhéanamh ar oiriúnacht a úsáide, i gcomhthéacs na rogha deisiúcháin atá molta.

 

5.    An mbeidh mise freagrach, mar iarratasóir, as an innealtóir, an conraitheoir agus táillí eile a íoc roimh ré nó an íocfaidh an t-údarás áitiúil iad go díreach?

Tá sé de fhreagracht ortsa íoc as na hoibreacha agus na táillí. Íocfaidh an Chomhairle an deontas go díreach leatsa, tríd an chuntas bainc ainmnithe s’agat. Sa litir lena nDearbhófar Faomhadh an Deontais a gheobhaidh tú, cuirfidh muid in iúl duit an méid de dheontas a bheidh ar fáil duit agus an méid íocaíochtaí a bheas ann.

<< siar  /  ar aghaidh >>

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna