Donegal County Council Logo
Baile > Deontais maidir le Bloic Lochtacha > Céim 3 – Íocaíocht an Deontais > Céim 3 – Cad é atá de dhíth orm roimh domh iarrata

Céim 3 - Cad é atá de dhíth orm roimh domh iarratas a dhéanamh?

Is ar líne a dhéantar iarratais ar íocaíocht.  

 

Má tá Dearbhú Fhaomhadh an Deontais (Céim 2), faighte agat, beidh a fhios agat an méid atá ceadaithe duit faoin scéim agus an méid íocaíochtaí céimnithe a thig leat a fháil (roinnte ina n-íocaíochtaí eatramhacha agus aon íocaíocht deiridh amháin).

 

Sula ndéanann tú iarratas ar íocaíocht, beidh ort cóipeanna de na nithe seo a leanas a bheith agat:

  • an plean cigireachta (mar a cuireadh i bhfeidhm é)
  • Bunchóipeanna de shonra(i)sc m(h)iondealaithe i dtaca le táillí an innealtóra
  • Dearbhú Chéim 3 an Innealtóra lena n-áirítear deimhniúchán na n-oibreacha ag an chéim seo
  • Bunchóipeanna de shonra(i)sc m(h)iondealaithe i dtaca leis na hoibreacha féin
  • Dearbhú Chéim 3 an Chonraitheora lena n-áirítear deimhniúchán na n-oibreacha ag an chéim seo

 

Ní mór Teastas Deisiúcháin a bheith ag gabháil le hiarratas ar an íocaíocht deiridh.

 

Tabhair an méid seo a leanas do d’aire i dtaca le méideanna a bhféadfadh sé tú a bheith ina dteideal:

  1. Gheobhaidh tú 90% den chostas fhaofa 90% de chostais iarbhír na n-oibreacha incháilithe, pé acu is ísle, agus faoi réir teorainneacha uasta
  2. Tiocfaidh an chéad íocaíocht (táillí ullmhaithe thuairisc an innealtóra) amach as méid foriomlán an deontais
  3. Is ionann an íocaíocht deiridh agus ar a laghad 25% den chostas fhaofa fhoriomlán
  4. Ní mór duit a chur in iúl don Chomhairle más amhlaidh go bhfuair nó go bhfaighidh tú féin, nó comhúinéir eile, aon árachas nó cúiteamh a bhaineann le húsáid bloic lochtacha nuair a tógadh an áit chónaithe s’agat

 

Faoi dheireadh, is coinníoll de chuid na scéime é go gcaithfidh tú féin agus aon duine a fhostóidh tú i dtaca leis na hoibreacha a bheith cáin-chomhlíontach le go bhfaighidh tú íocaíocht faoin scéim seo. Déanfar é seo a sheiceáil i gcás gach iarratais ar íocaíocht.

 

<< SIA>

AR AGHAIDH >>

Ceisteanna coitianta – Céim 3 – Cad é atá de dhíth orm roimh domh iarratas a dhéanamh?

 

1. Cá háit a dtig liom na doiciméid a fháil a bheas de dhíth orm le hiarratas a dhéanamh ar íocaíocht?

Ba cheart don innealtóir s’agat cóipeanna den phlean cigireachta (mar a cuireadh i bhfeidhm é) a sholáthar duit, mar aon le sonraisc mhiondealaithe agus Dearbhú Chéim 3 an Innealtóra lena n-áireofar ráiteas uaidh nó uaithi go bhfuil na hoibreacha curtha i gcrích go sásúil ag an phointe seo.  Caithfidh an conraitheoir s’agat cóipeanna dá gcuid sonrasc miondealaithe mar aon le Dearbhú Chéim 3 an Chonraitheora a sholáthar duit. Iarr ar d’innealtóir agus ar do chonraitheoir iad seo a chur ar fáil go leictreonach duit, i bhformáid PDF.

 

2. Tá Dearbhuithe Chéim 3 curtha ar fáil agam ón Innealtóir agus ón Chonraitheoir faoi choinne iarratas ar íocaíocht a rinne mé roimhe seo. An gcaithfidh mé iad a chur ar fáil arís?

Ní mór Dearbhú Chéim 3 nua ón Innealtóir agus Dearbhú Chéim 3 nua ón Chonraitheoir a bheith ag gabháil le gach iarratas ar íocaíocht. Cuimsíonn na doiciméid seo ráitis faoi na hoibreacha atá curtha i gcrích.

<< siar  /  ar aghaidh >> 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna