Donegal County Council Logo
Baile > Deontais maidir le Bloic Lochtacha > Céim 3 – Íocaíocht an Deontais > Céim 3 – Cad é mar a gheobhaidh mé íocaíochtaí?

Déantar iarratais ar íocaíochtaí ar líne agus íocfaidh an Chomhairle thú trí aistriú leictreonach, isteach sa chuntas bainc a bheas ainmnithe agat.

 

Beidh treoracha maidir le do chuid sonraí bainc a chur ar fáil istigh sa litir Dearbhaithe Fhaomhadh an Deontais s’agat, má tá tú incháilithe ag Céim 1. Mar bheart frith-chalaoise, beidh ort ráiteas bainc a fuair tú le deireanas nó seat scáileán ón tseirbhís baincéireachta ar líne s’agat a léiríonn sonraí an chuntais a uaslódáil mar chruthúnas.  Déanfaidh an Chomhairle socruithe ansin leis an mhéid den deontas atá faofa d’ullmhú thuairisc an innealtóra a íoc leat.

 

Beidh íocaíochtaí breise ina dhiaidh sin faoi réir tú Dearbhú Fhaomhadh an Deontais a fháil ag Céim 2. Leis an fhaomhadh deontais s’agat, cuirfidh muid in iúl duit an méid de dheontas a bheidh ar fáil duit agus an méid íocaíochtaí ina roinnfear é. Is ionann an íocaíocht deiridh i gcónaí agus ar a laghad 25% de mhéid foriomlán an deontais.

 

<< SIA>

AR AGHAIDH >>

Ceisteanna Coitianta – Céim 3 – Cad é mar a gheobhaidh mé íocaíochtaí?

 

1. Cá huair a gheobhaidh mé an chéad íocaíocht s’agam agus cad é a chlúdóidh sé?

Má tá an Dearbhú Incháilitheachta faighte agat ag Céim 1, beidh tú in ann logáil isteach sa chóras agus sonraí an chuntais bainc a sholáthar ar mhaith leat muid an chéad íocaíocht éilimh a dhíol isteach ann. Is ionann an íocaíocht seo agus 90% den mhéid a ceadaíodh duit i dtaca le táillí thuairisc an innealtóra ag Céim 1.

 

2. Cá huair a thig liom íocaíochtaí céimnithe a fháil?

Sa litir a gheobhaidh tú lena nDearbhófar Faomhadh an Deontais, déarfaidh muid leat méid an deontais atá faofa duit agus an líon íocaíochtaí deontais a cheadófar, déanfar é seo a roinnt thar thréimhse agus cuirfear in iúl duit cá huair agus cén dóigh a dtig iad a éileamh. Iarrtar ort logáil isteach arís lena chur in iúl dúinn cá huair a bheas na hoibreacha ag tosú le nach mbeidh aon mhoilleanna ann leis an sceideal íocaíochtaí s’agat.

Cuirfidh muid in iúl duit cá huair a bheas tú ábalta iarratas a dhéanamh ar an chéad íocaíocht eile. Iarrtar ort an t-eolas agus na doiciméid a bheith réidh agat lena n-uaslódáil ar líne. Iarr ar d’innealtóir agus ar do chonraitheoir iad a chur ar fáil go leictreonach duit.  Chomh luath is a bheas d’iarratas ar Íocaíocht Deontais curtha isteach agat, déanfar é a mheasúnú. Má cheadaítear é, socróidh an Chomhairle go n-íocfar go díreach isteach i do chuntas bainc ainmnithe é chomh luath agus is féidir, faoi réir an t-airgead a bheith ar fáil.

 

3. An dtig liom cur isteach ar níos mó ná íocaíocht amháin ag an aon am amháin?

Ní thig, sa litir Dearbhaithe Fhaomhadh an Deontais s’agat, déarfaidh muid leat an méid íocaíochtaí atá ceadaithe agus cá huair agus cén dóigh a dtig iad a éileamh. Cuirfidh muid in iúl duit cá huair a bheas tú ábalta iarratas a dhéanamh ar an chéad íocaíocht eile.

 

4. Cad é a chiallaíonn sé gurb ionann an íocaíocht deiridh agus ar a laghad 25%?

Ciallaíonn sé seo nach dtig leis an Chomhairle níos mó ná 75% den chostas faofa a íoc roimh an éileamh deiridh íocaíochta. Ní thig an t-éileamh deiridh íocaíochta a dhéanamh ach amháin nuair atá na hoibreacha ar fad curtha i gcrích agus Teastas Deisiúcháin faighte agatsa ón Innealtóir agus ón Chonraitheoir s’agat.

 

5. An gá na hoibreacha a bheith deimhnithe sula dtig liom íocaíocht a fháil?

Is gá. Ní mór go mbeadh san áireamh in achan iarratas ar íocaíocht ráiteas gur cuireadh na hoibreacha i gcrích go sásúil agus, i gcás íocaíocht deiridh, is gá Teastas Deisiúcháin a bheith agat.

 

6. An gcaithfidh mé méid an deontais a bheith éilithe agam faoi am ar leith?

Caithfidh. Ní mór duit íocaíocht an deontais a éileamh tráth nach moille ná 12 mhí i ndiaidh shíniú an Teastais Deisiúcháin (i.e. i ndiaidh chur i gcrích sásúil na n-oibreacha ar fad)

<< siar  /  ar aghaidh >>

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna