Faoi théarmaí na Scéime Cúitimh Míoca, is féidir achomharc a dhéanamh sa chás ina socraíonn Comhairle Contae Dhún na nGall:
Tabhair do d’aire: ní cheadaítear aon fhorais achomhairc eile
Má chomhlíonann tú na critéir thuas, beidh tú in ann logáil isteach agus achomharc a thaisceadh i ndiaidh duit fógra a fháil faoi chinneadh na Comhairle. Ní mór duit d’achomharc a thaisceadh laistigh de 3 seachtaine ón dáta ar ar cuireadh an cinneadh in iúl duit.
Caithfidh tú an chúis/na cúiseanna le d’achomharc a lua agus aon doiciméad/doiciméid tacaíochta a uaslódáil.
Déanfaidh Oifigeach de chuid na Comhairle arna cheapadh ag Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Dhún na nGall, nach raibh bainteach leis an bhunmheasúnú, measúnú agus breithniú ar d’achomharc.
Cuirfear cinneadh faoi d’achomharc faoi do bhráid laistigh de 2 sheachtain i ndiaidh duit an t-achomharc a dhéanamh.
<< siar / ar aghaidh >>